English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Maidir le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS)

Soláthraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS) seirbhísí dlíthíochta, comhairleacha agus tíolactha do ranna agus d’oifigí Rialtais agus do ghníomhaireachtaí Stáit áirithe eile. Soláthraíonn OPAS seirbhísí aturnae freisin ag Binsí agus ag Coimisiúin Fiosrúcháin agus déanann sé ionadaíocht d’Éirinn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá an Príomh-Aturnae Stáit, Maria Browne i gceannas ar an Oifig. Tá os cionn 350 ball foirne ag obair i róil dlí agus riaracháin.

Déanann a cúig rannán dlí obair dhlíthiúil OPAS:

  • An Dlí Riaracháin
  • Dlí Tráchtála agus Fostaíochta
  • Dlíthíocht Bhunreachtúil agus Stáit
  • Ceartas
  • Maoin Stáit

Tá Príomh-Aturnae Stáit Cúnta freagrach as gach rannán. Tá rannóga laistigh de gach rannán a dhéileálann le cineálacha sonracha ábhar dlí.

Soláthraíonn Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha seirbhísí eagraíochtúla agus bainistíochta a thacaíonn le hobair dhlíthiúil na hOifige.

Bunaíodh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go foirmiúil faoin Acht um Airí agus Rúnaithe 1924 agus is comhchuid d’Oifig an Ard-Aighne í. Is é misean OPAS an caighdeán is airde seirbhísí gairmiúla dlí a sholáthar do ranna agus d’oifigí Rialtais, ar bhonn chomh eacnamaíoch agus chomh éifeachtúil agus is féidir.