English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Maoin Stáit



An Rannóg Urrúis Stáit

Déileálann an Rannóg Urrúis Stáit le hobair deontas agus slándála faoin gClár Caipitil Spóirt agus faoi chláir Rialtais eile; obair eastáit eiséata i gcás gurb é an Stát an comharba díthiomnach deiridh; obair tharscaoilte agus obair ghaolmhar i gcás inar thit sócmhainní cuideachta díscaoilte leis an Stát; éilimh mhianadóireachta, agus gach comhairle maoine a bhaineann leis na réimsí sin.

Soláthraíonn Aonad Dlí MARA, atá ina chuid den Rannóg Urrúis Stáit, comhairle dlí don Údarás Rialála Limistéir Mhuirí.


An Rannóg Díolacháin agus Ceannacháin Stáit

Déileálann an Rannóg Díolacháin agus Ceannacháin Stáit le tíolacadh idirbheartaíochta agus le comhairle maoine ghaolmhar thar ceann réimse leathan Ranna agus Oifigí Rialtais. Áirítear leis na hidirbhearta ceannach, díolachán agus malartú maoine Stáit. Áirítear leis na hionaid mhaoine scoileanna, stáisiúin an Gharda Síochána, maoin oidhreachta agus maoin tráchtála shuntasach eile.

Soláthraíonn an Rannóg comhairle maidir le cláir éagsúla lena n-áirítear an Clár Mearthógála Scoileanna, ceannach portach agus móincheart, an Scéim Slánaíochta Sásaimh agus an Clár Réasúnaithe agus Athchóirithe don OOP.


An Rannóg Léasanna Stáit

Déileálann an Rannóg Léasanna Stáit le gach léasú agus ceadúnú de chuid na dtailte Stáit do Ranna agus d’Oifigí Rialtais. Áirítear leis sin soláthar na cóiríochta oifige ar fad trí léas thar ceann Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP).

Deonaíonn an Rannóg léasanna agus ceadúnais Ionad urthránna agus Cuanta Iascaigh freisin. Láimhseálann an Rannóg gach comhairle tiarnaí talún agus tionóntaí do chliaint Rialtais freisin.