English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC)



Réamhrá

Soláthraítear ar an leathanach seo faisnéis ghinearálta faoin na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC). Cuimsítear ann faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, conas iarratas RFC a dhéanamh, sonraí teagmhála agus táillí.

Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2011 IR 133/2007 agus IR 662/2011 (dá ngairtear Rialacháin RFC anseo feasta), tugtar cearta dlíthiúla dóibh siúd ar mian leo rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Faoi na rialacháin sin, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás poiblí, nó thar ceann údaráis phoiblí, a chur ar fáil ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe.

Le haghaidh tagairt éasca, tá comhdhlúthú neamhoifigiúil ar na Rialacháin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil.

Maidir leis na Rialacháin RFC:

  • tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol iontu
  • tugtar achoimre iontu ar an mbealach ar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí
  • tugtar achoimre iontu ar an mbealach a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais.

Conas iarratas RFC a dhéanamh

Ba cheart iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a dhéanamh chuig:

Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise

Seoladh:
Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath, D08 V8C5
Ríomhphost:

CSSOFOIrequest@csso.gov.ie

Teileafón:
014176100

Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi na Rialacháin RFC, ceanglaítear ort:

  • a lua go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC agus é a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach
  • do shonraí teagmhála a chur ar fáil
  • a lua, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis faoin gcomhshaol ​​a theastaíonn uait
  • a lua an bhfuil an fhaisnéis ag teastáil uait i bhformáid nó modh rochtana ar leith

Táillí

Níl aon táille tosaigh ar iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin RFC. Féadfaidh an Oifig táille réasúnta a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis a iarrfar a sholáthar. D’fhéadfadh na costais a bhaineann le faisnéis a thiomsú, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil a bheith i gceist leis sin. Níl aon táille ar iarratas ar athbhreithniú inmheánach.


Ceanglais chun déileáil le hiarratais

Go ginearálta, ceanglaítear ar an Oifig freagra a thabhairt ar iarratas RFC laistigh de mhí amháin ón iarratas a fháil.

Más rud é, mar gheall ar chastacht nó méid na faisnéise a theastaíonn, nach bhfuil an Oifig ábalta freagra a thabhairt laistigh den tréimhse míosa, scríobhfaimid chuig an iarrthóir laistigh den mhí agus tabharfar le fios cathain a eiseofar freagra. Níor cheart don dáta sin a bheith níos mó ná dhá mhí ón dáta a bhfuarthas an t-iarratas bunaidh.

Mura bhfuil an fhaisnéis atá á hiarraidh ag an Oifig is féidir léi an t-iarratas a aistriú chuig údarás poiblí eile nó a chur in iúl don iarrthóir an áit ar cheart an iarraidh a threorú. I gceachtar den dá chás, ní mór fógra a thabhairt don iarrthóir.


Cinneadh a achomharc

Faoi Airteagal 11 de na Rialacháin RFC tá sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh a iarraidh. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin mura mbeidh freagra faighte agat laistigh den tréimhse ama chuí.

Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh bunaidh a fháil (féadfaidh an oifig síneadh a chur leis an tréimhse ama sin ach ní cheanglaítear uirthi déanamh amhlaidh). Níl aon táille ar athbhreithniú inmheánach a iarraidh. Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná go ndéanfaidh ball d’fhoireann na hOifige athbhreithniú iomlán ar an ábhar, a fhéadfaidh an cinneadh bunaidh a rinneadh a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní.

Eiseofar toradh i scríbhinn ar an athbhreithniú chugat laistigh de mhí amháin ón iarratas ar an athbhreithniú a fháil, ina dtabharfar eolas duit faoin gcinneadh, faoin gcúis leis an gcinneadh agus faoi do cheart chun achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil, lena n-áirítear na teorainneacha ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc dá leithéid.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin ón gcinneadh maidir leis an athbhreithniú inmheánach a fháil ón údarás poiblí. Féadfaidh an Coimisinéir, áfach, síneadh a chur leis an teorainn ama sin i gcásanna aonair.