Saoráil Faisnéise
- Foilsithe: 16 Márta 2016
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2025
- Réamhrá
- Feidhmeanna Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
- Taifid a choinnítear san Oifig
- Beartas, reachtaíocht agus cúrsaí gaolmhara
- Pleananna agus straitéisí corparáideacha
- Tuarascáil bhliantúil
- Struchtúr eagraíochtúil
- Socruithe rialachais agus bainistíochta
- Grádú pá
- Cairt chustaiméirí
- Cód cleachtais
- Faisnéis airgeadais
- Faisnéis arna foilsiú ag an Oifig
- Suíomhanna na hOifige
- Fiosruithe ó na meáin
- Iarratais SF chuig an oifig
- Ceart chun athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a fháil
- Ceart chun achomhairc eile
- Táillí ar iarratais um Shaoráil Faisnéise
Réamhrá
Bunaíodh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit go foirmiúil faoin Acht um Airí agus Rúnaithe 1924 agus is comhchuid d’Oifig an Ard-Aighne í. Is comhlacht poiblí í Oifig an Ard-Aighne chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014.
Ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Alt 42 den Acht, nach bhfuil taifid arna gcruthú nó arna gcoinneáil ag an Ard-Aighne, agus dá réir sin ag Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, cé is moite de na taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige, cumhdaithe faoin Acht. Is é an toradh atá air sin go bhfuil ceart rochtana ag an bpobal ar thaifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige ach ní ar cheann ar bith eile.
Ullmhaíodh an Scéim Foilseacháin sin faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014. Tháinig an Scéim i bhfeidhm an 14 Aibreán 2016. Tá sí deartha chun soláthar faisnéise a éascú a mhéid is féidir, seachas faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Is scéim ghréasánbhunaithe í an Scéim agus tá naisc inti le hábhar tagartha ar ár suíomh gréasáin, a nuashonrófar de réir mar a fhoráiltear faoin Acht. Cuirfear cóip chrua ar fáil le féachaint uirthi ach coinne a dhéanamh.
Feidhmeanna Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Is é Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS) príomhsholáthraí na seirbhísí aturnae don Ard-Aighne agus don rialtas, agus soláthraíonn sí seirbhísí comhairleacha, dlíthíochta agus idirbheartaíochta do ranna agus d’oifigí rialtais. Soláthróimid seirbhísí aturnae freisin ag binsí agus ag coimisiúin fiosrúcháin agus déanaimid ionadaíocht d’Éirinn ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanann cúig rannán dlí ár gcuid oibre dlí, agus tá Príomh-Aturnae Stáit Cúnta i gceannas ar gach ceann acu.
Taifid a choinnítear san Oifig
Tagann an réimse taifead atá á gcoinneáil ag an Oifig is féidir a eisiúint, is é sin, riarachán ginearálta, faoi na catagóirí leathana seo a leanas:
- Taifid ar chuntais/caiteachas
- Clár sócmhainní
- Treoirlínte agus ciorcláin na státseirbhíse/seirbhíse poiblí
- Miontuairiscí cruinnithe bainistíochta lena ndéileáiltear le cúrsaí ginearálta riaracháin
- Tuarascálacha bliantúla
- Ráitis straitéise
Beartas, reachtaíocht agus cúrsaí gaolmhara
Go ginearálta, ní cheanglaítear ar an Oifig cinntí a dhéanamh maidir le beartas ach cuireann sí comhairle ar ranna agus ar oifigí rialtais maidir le beartas dlí agus bainistíocht saincheisteanna dlí. Tá an chomhairle sin díolmhaithe ó fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise faoi Alt 42(f) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Pleananna agus straitéisí corparáideacha
Tá an Oifig treoraithe lena Ráiteas Straitéise. Tá ár Ráitis Straitéise reatha agus cinn roimhe seo ar fáil ar an leathanach Foilseacháin ar ár suíomh gréasáin.
Tuarascáil bhliantúil
Tá Tuarascálacha Bliantúla na hOifige ar fáil ar an leathanach Foilseacháin ar ár suíomh gréasáin.
Struchtúr eagraíochtúil
Tá eolas faoi obair ár rannán dlí ar fáil anseo:
- An Rannán Dlí Riaracháin
- An Rannán Dlí Tráchtála agus Fostaíochta
- An Rannán Dlíthíochta Bunreachtúla agus Stáit
- An Rannán Dlí agus Cirt
- An Rannán Maoine Stáit
Cuimsítear sa Rannán Seirbhísí Corparáideacha:
- An Rannóg Airgeadais
- An Rannóg Acmhainní Daonna
- An Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide
- An tSeirbhís Eolais agus Faisnéise
- An tAonad Tacaíochta Dlí
- An Rannóg Seirbhísí Oifige
- An tAonad Taifead agus Clárlainne
- An tAonad Rialála agus Comhlíonta
Socruithe rialachais agus bainistíochta
Tá an Oifig tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thacaíonn le feidhmiú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach.
Is féidir mionsonraí ar shocruithe rialachais na hOifige a fháil ina doiciméad Creat Rialachais Chorparáidigh, ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis lena ndéantar an Oifig a stiúradh agus a rialú. Tá Creat Rialachais Chorparáidigh Oifig an Ard-Aighne ar fáil ar shuíomh gréasáin OAA.
Grádú pá
Ar fhoireann na hOifige tá státseirbhísigh atá fostaithe ar bhonn buan nó ar bhonn conartha. Déantar an earcaíocht ar bhonn áitiúil corruair ach go ginearálta déanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) sainchomórtais earcaíochta thar ceann na hOifige. Earcaíonn an Oifig daoine freisin ó chomórtais ghinearálta na státseirbhíse a dhéanann PAS. Nuair a dhéantar earcaíocht ar bhonn áitiúil, fógraítear folúntais ar ár suíomh gréasáin.
Íoctar gach comhalta foirne ar scálaí pá caighdeánacha na státseirbhíse, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin chiorcláin an rialtais.
Cairt chustaiméirí
Tá Cairt Chustaiméirí na hOifige ar fáil ar ár leathanach Foilseacháin.
Cód cleachtais
Is státseirbhísigh iad foireann na hOifige atá i seirbhís an Stáit agus mar sin tá siad faoi cheangal ag Cód agus Caighdeáin Iompair na Státseirbhíse.
Faisnéis airgeadais
Tá an Oifig maoinithe ag an státchiste faoi Vóta 6 - Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit.
Ullmhaíonn an Oifig Cuntais Leithreasa Bliantúla a ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh orthu. Tá na cuntais iniúchta is déanaí foilsithe ar audit.gov.ie.
Úsáideann an Oifig na creataí lárnacha agus na conarthaí a chuir an Oifig um Sholáthar Rialtais i bhfeidhm nuair is féidir. I gcás seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe faoi láthair le socruithe OSR, cloíonn na hOifigí le hoibleagáidí soláthair náisiúnta agus AE.
Foilsítear faisnéis ar íocaíochtaí prasa agus ar orduithe ceannaigh dar luach €20,000 nó níos mó ar ár suíomh gréasáin:
Faisnéis arna foilsiú ag an Oifig
Tá sé beartaithe leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá á coinneáil ag comhlachtaí poiblí nach mbíonn ar fáil de ghnáth ar bhealaí eile (faoi réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorainneacha ama áirithe). Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige ar fáil gan aon ghá an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid.
- Tuarascálacha bliantúla
- Ráitis straitéise
- Faisnéis maidir le ceannacháin
- Ábhar seirbhíse custaiméirí
Suíomhanna na hOifige
Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
- Seoladh:
- Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath, D08 V8C5
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 417 6100
- Uaireanta Oscailte:
-
Monday:
9:12am - 5:30pm
Tuesday: 9:12am - 5:30pm
Wednesday: 9:12am - 5:30pm
Thursday: 9:12am - 5:30pm
Friday: 9:12am - 5:15pm
- Achoimre:
- Molaimid duit comhfhreagras a dhéanamh linn trí ríomhphost ach amháin má tá géarghá leis sin a dhéanamh tríd an bpost - tá seoltaí ríomhphoist OPAS san fhormáid Ainm_Sloinne@csso.gov.ie
Fiosruithe ó na meáin
Oifig Phreasa an Rialtais
Tithe an Rialtais, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 R583
Ríomhphost: press.office@taoiseach.gov.ie
Iarratais SF chuig an oifig
Tabhair faoi deara, le do thoil, chun críocha Saorála Faisnéise, go gcaitear le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus Oifig an Ard-Aighne mar eagraíocht amháin.
Tá aon duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar bhealach eile. Agus iarratas á cur isteach faoi SF, tabhair an méid seo a leanas do d’aird le do thoil:
- Ba cheart iarratais a dhéanamh i scríbhinn tríd an bpost nó ar ríomhphost
- Ba cheart a shonrú in iarratais go bhfuil siad á ndéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- Ba cheart an fhoirm ina bhfuil na taifid á n-iarraidh, m.sh. fótachóipeanna/modhanna leictreonacha, a lua san iarratas
- Ba cheart cur síos chomh mion agus is féidir a dhéanamh ar na taifid a bheidh á n-iarraidh chun gur féidir linn na taifid atá á n-iarraidh a aimsiú
- Ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a sholáthar chun sonraí iarratais SF a shoiléiriú
Cuideoidh foireann na hOifige le hiarratas SF a chruthú más gá. Eiseofar an cinneadh laistigh de cheithre seachtaine. Ba cheart iarratais a chur chuig:
Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath, D08 V8C5
Ríomhphost: CSSOFOIrequest@csso.gov.ie
Uimhir ghutháin: 01 417 6100
Admhóidh an Oifig iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de dhá sheachtain.
Ceart chun athbhreithniú inmheánach ar chinneadh a fháil
Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinntí comhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcás ina ndiúltaítear d’iarratas SF nó ina ndeonaítear go páirteach é nó i gcás inar gcuirtear rochtain ar athló nó i gcás ina gceistítear an cineál rochtana. Meastar gur diúltaíodh iarratas SF i gcás nár eisíodh cinneadh laistigh de cheithre seachtaine ón iarratas SF a fháil.
Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige a dhéanamh i scríbhinn chuig:
Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Teach Osmond, Sráid na gCaorach Bheag, Baile Átha Cliath, D08 V8C5
Ríomhphost: CSSOFOIrequest@csso.gov.ie
Uimhir ghutháin: 01 417 6100
Cinnteoidh an tOifigeach Idirchaidrimh gurb é oifigeach ar leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a rinne an cinneadh bunaidh um Shaoráil Faisnéise a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Ba cheart iarratas den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh bunaidh. I ndiaidh athbhreithniú inmheánach a dhéanamh air, ba cheart an cinneadh a eisiúint laistigh de thrí seachtaine óna fháil.
Ceart chun achomhairc eile
Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise:
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Suíomh gréasáin: oic.ie
Ríomhphost: info@oic.ie
Uimhir ghutháin: 01 6395689
Táillí ar iarratais um Shaoráil Faisnéise
Níl aon táille ar iarratas ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Gearrtar táille €30 chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinneadh mura sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnaí sealbhóra cárta leighis an t-iarrthóir. I gcásanna mar sin, is é €10 an táille ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh.