Comórtas Oscailte: Aturnae Stáit
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2025
- Ról an Aturnae Stáit
- Tuarastal agus coinníollacha
- Cothromaíocht oibre is saoil
- Forbairt ghairmiúil leanúnach
- Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú
- Conas iarratas a dhéanamh
- Tuilleadh eolais faoin OPAS
Ról an Aturnae Stáit
Táimid ag earcú Aturnaetha Stáit chun páirt a ghlacadh inár bhfoireann. Is ról bríoch, éagsúil, dúshlánach agus suimiúil é ról an Aturnae Stáit in OPAS, agus cuimsíonn sé raon leathan d’obair dhlíthiúil ar fud ár réimsí cleachtais dlíthíochta, comhairleach agus maoine.
Is deis í seo chun páirt a ghlacadh in oifig dlí fhorásach agus ghairmiúil atá tiomanta do chliant amháin a sheirbheáil: an Stát. Oibríonn foireann dlí an CSSO i gcroílár sheirbhís dlí an Stáit, agus tá deis ar leith acu a scileanna agus a saineolas dlí a úsáid chun cur go mór le folláine na tíre agus a cuid saoránach.
Chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo ní mór duit a bheith i d’aturnae cáilithe agus eolas maith agat ar an dlí agus ar chleachtas dlí. Ní mór duit freisin a bheith in ann do chuid eolais agus saineolais dlí a léiriú, chomh maith le do thaithí ar obair foirne, caidreamh le cliaint, pleanáil agus tosaíocht a thabhairt d’obair, agus cumas bainistíochta tionscadal.
Chun cur síos cuimsitheach a fháil ar an ról seo, na critéir incháilitheachta agus an próiseas roghnúcháin, féach thíos le haghaidh leabhrán eolais an chomórtais.
Tuarastal agus coinníollacha
Is é an scála tuarastail reatha don ról seo, ag tosú ag pointe 1 agus ag méadú in incrimintí bliantúla, ná:
(1) €40,208, (2) €42,903, (3) €43,676, (4) €47,052, (5) €53,377, (6) €54,820, (7) €58,361, (8) €61,962, (9) €65,556, (10) €69,132, (11) €80,668, (12) €83,640, ) (13) €86,651, (14) €89,672, (15) €92,690 (16) €94,431
LSI: €97,474 (tar éis 3 bliana ag an bpointe 16), €100,530 (tar éis 6 bliana ag an bpointe 16)
Tuarastal tosaithe: Féadfar ceapachán a thairiscint d’iarrthóirí ar thuarastal tosaigh suas go pointe 7 (€58,361), bunaithe ar leibhéil tuarastail fíoraithe agus taithí iar-cháilíochta mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Féadfaidh téarmaí éagsúla a bheith i gceist más státseirbhíseach nó státseirbhíseach ar seirbhís thú.
Taithí iar-cháilíochta | Tuarastal tosaithe |
1-2 bliana | 3 (€43,676) |
3 bliana | 4 (€47,052) |
4 bliana | 5 (€53,377) |
5 bliana | 6 (€54,820) |
6+ bliana | 7 (€58,361) |
Saoire bhliantúil: 25 lá oibre sa bhliain, bunaithe ar sheachtain 5 lá agus gan laethanta saoire poiblí a áireamh..
Uaireanta oibre: 41 uair 15 nóiméad (35 uair gan sos lóin san áireamh) in aghaidh na seachtaine.
Suíomh na hoifige: tá oifigí an OPAS suite gar do Chaisleán Bhaile Átha Cliath faoi láthair, ach beimid ag bogadh go foirgneamh nua i Margadh na Feirme níos déanaí i mbliana.
Sochair d’fhostaithe
I measc na sochar breise a chuirimid ar fáil dár bhfostaithe tá:
- Scéim Rothaíochta chun na hOibre
- Scéim Taistil Taxsaver
- Clár sláinte ceirde
- Clár cúnaimh d’fhostaithe
Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána ról an Aturnae Stáit leagtha amach sa leabhrán eolais thíos.
Cothromaíocht oibre is saoil
Aithníonn an OPAS an tábhacht a bhaineann le sástacht poist agus an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar fholláine na foirne. Cuirimid timpeallacht oibre chomhoibríoch, oscailte agus chairdiúil chun cinn agus cuirimid réimse tacaí cothromaíochta oibre is saoil ar fáil, lena n-áirítear::
- Obair chumasctha: féadfar iarratais ar obair chumasctha a éascú, ach beidh gá le roinnt láithreachta pearsanta i ngach ról i gcomhréir le riachtanais ghnó; d’fhéadfadh go mbeadh socruithe comhroinnte oibre ar fáil freisin
- Saoire speisialta: tá raon roghanna saoire speisialta ar fáil, lena n-áirítear saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheora
Forbairt ghairmiúil leanúnach
Aithnímid an luach a bhaineann le hinfheistiú inár bhfostaithe, agus le forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna chun a leasa agus chun leasa ár n-acmhainne foriomlán mar eagraíocht. Dírímid ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanúnach trí roinnt clár tábhachtacha, lena n-áirítear:
- Tacaíocht d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL)
- Imeachtaí dlí intí ar nós ár sraith Lón & Foghlaim
- Clár meantóireacht
- Teacht ar chúrsaí ar OneLearning, tairseach foghlama agus forbartha na státseirbhíse
- Scéim Aisíocaíochta Táillí
Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú
Déanann an CSSO a dhícheall a bheith ina láthair oibre atá cuimsitheach agus éagsúil agus a urramaíonn comhionannas agus cearta an duine. Tá coiste comhionannais, éagsúlachta agus cuimsitheachta gníomhach againn agus táimid tiomanta d’oibriú leis an státseirbhís níos leithne chun lucht saothair a bhaint amach atá ionadaíoch ar éagsúlacht shochaí na hÉireann.
Conas iarratas a dhéanamh
Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Foireann Earcaíochta agus Roghnúcháin an OPAS. Léigh an leabhrán eolais thíos go hiomlán, agus comhlánaigh an dá chuid (A agus B) den fhoirm iarratais.
Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Foireann Earcaíochta agus Roghnúcháin CSSO. Léigh an leabhrán eolais thíos go hiomlán, agus comhlánaigh an dá chuid (A agus B) den fhoirm iarratais.
Is é 3pm ar an 16 Iúil 2025 an dáta deiridh.