An Príomh-Aturnae Stáit
- Foilsithe: 31 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
Is é an Príomh-Aturnae Stáit státseirbhíseach sinsearach agus ceann neamhpholaitiúil na hOifige. Is í príomh-aturnae an Stáit í agus tá raon leathan freagrachtaí dlí agus bainistíochta aici mar cheann gairmiúil agus riaracháin na hOifige. Is iad na príomhfheidhmeanna dlíthiúla gníomhú mar aturnae d’Éirinn, don Ard-Aighne agus do ranna agus oifigí rialtais.
Tá an fhreagracht ar an bPríomh-Aturnae Stáit as bainistíocht fhoriomlán na hOifige ar bhealach lena gcinntítear soláthar éifeachtach agus éifeachtúil seirbhísí dlí. Tá an post comhionann le post an Ard-Rúnaí agus is é an Príomh-Aturnae Stáit an tOifigeach Cuntasaíochta do vóta na hOifige.