Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comórtas Oscailte: Aturnae Stáit



Ról an Aturnae Stáit

Táimid ag earcú Aturnaetha Stáit chun páirt a ghlacadh inár bhfoireann. Is ról bríoch, éagsúil, dúshlánach agus suimiúil é ról an Aturnae Stáit in OPAS, agus cuimsíonn sé raon leathan d’obair dhlíthiúil ar fud ár réimsí cleachtais dlíthíochta, comhairleach agus maoine.

Is deis í seo chun páirt a ghlacadh in oifig dlí fhorásach agus ghairmiúil atá tiomanta do chliant amháin a sheirbheáil: an Stát. Oibríonn foireann dlí an CSSO i gcroílár sheirbhís dlí an Stáit, agus tá deis ar leith acu a scileanna agus a saineolas dlí a úsáid chun cur go mór le folláine na tíre agus a cuid saoránach.

Chun iarratas a dhéanamh ar an ról seo ní mór duit a bheith i d’aturnae cáilithe agus eolas maith agat ar an dlí agus ar chleachtas dlí. Ní mór duit freisin a bheith in ann do chuid eolais agus saineolais dlí a léiriú, chomh maith le do thaithí ar obair foirne, caidreamh le cliaint, pleanáil agus tosaíocht a thabhairt d’obair, agus cumas bainistíochta tionscadal.

Chun cur síos cuimsitheach a fháil ar an ról seo, na critéir incháilitheachta agus an próiseas roghnúcháin, féach thíos le haghaidh leabhrán eolais an chomórtais.


Tuarastal agus coinníollacha

Is é an scála tuarastail reatha don ról seo, ag tosú ag pointe 1 agus ag méadú in incrimintí bliantúla, ná:

(1) €40,208, (2) €42,903, (3) €43,676, (4) €47,052, (5) €53,377, (6) €54,820, (7) €58,361, (8) €61,962, (9) €65,556, (10) €69,132, (11) €80,668, (12) €83,640, ) (13) €86,651, (14) €89,672, (15) €92,690 (16) €94,431

LSI: €97,474 (tar éis 3 bliana ag an bpointe 16), €100,530 (tar éis 6 bliana ag an bpointe 16)

Tuarastal tosaithe: Féadfar ceapachán a thairiscint d’iarrthóirí ar thuarastal tosaigh suas go pointe 7 (€58,361), bunaithe ar leibhéil tuarastail fíoraithe agus taithí iar-cháilíochta mar atá leagtha amach sa tábla thíos. Féadfaidh téarmaí éagsúla a bheith i gceist más státseirbhíseach nó státseirbhíseach ar seirbhís thú.

Taithí iar-cháilíochta Tuarastal tosaithe
1-2 bliana 3 (€43,676)
3 bliana 4 (€47,052)
4 bliana 5 (€53,377)
5 bliana 6 (€54,820)
6+ bliana 7 (€58,361)

Saoire bhliantúil: 25 lá oibre sa bhliain, bunaithe ar sheachtain 5 lá agus gan laethanta saoire poiblí a áireamh..

Uaireanta oibre: 41 uair 15 nóiméad (35 uair gan sos lóin san áireamh) in aghaidh na seachtaine.

Suíomh na hoifige: tá oifigí an OPAS suite gar do Chaisleán Bhaile Átha Cliath faoi láthair, ach beimid ag bogadh go foirgneamh nua i Margadh na Feirme níos déanaí i mbliana.

Sochair d’fhostaithe

I measc na sochar breise a chuirimid ar fáil dár bhfostaithe tá:

  • Scéim Rothaíochta chun na hOibre
  • Scéim Taistil Taxsaver
  • Clár sláinte ceirde
  • Clár cúnaimh d’fhostaithe

Tá téarmaí agus coinníollacha iomlána ról an Aturnae Stáit leagtha amach sa leabhrán eolais thíos.


Cothromaíocht oibre is saoil

Aithníonn an OPAS an tábhacht a bhaineann le sástacht poist agus an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar fholláine na foirne. Cuirimid timpeallacht oibre chomhoibríoch, oscailte agus chairdiúil chun cinn agus cuirimid réimse tacaí cothromaíochta oibre is saoil ar fáil, lena n-áirítear::

  • Obair chumasctha: féadfar iarratais ar obair chumasctha a éascú, ach beidh gá le roinnt láithreachta pearsanta i ngach ról i gcomhréir le riachtanais ghnó; d’fhéadfadh go mbeadh socruithe comhroinnte oibre ar fáil freisin
  • Saoire speisialta: tá raon roghanna saoire speisialta ar fáil, lena n-áirítear saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheora

Forbairt ghairmiúil leanúnach

Aithnímid an luach a bhaineann le hinfheistiú inár bhfostaithe, agus le forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna chun a leasa agus chun leasa ár n-acmhainne foriomlán mar eagraíocht. Dírímid ar fhoghlaim agus ar fhorbairt leanúnach trí roinnt clár tábhachtacha, lena n-áirítear:

  • Tacaíocht d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL)
  • Imeachtaí dlí intí ar nós ár sraith Lón & Foghlaim
  • Clár meantóireacht
  • Teacht ar chúrsaí ar OneLearning, tairseach foghlama agus forbartha na státseirbhíse
  • Scéim Aisíocaíochta Táillí

Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú

Déanann an CSSO a dhícheall a bheith ina láthair oibre atá cuimsitheach agus éagsúil agus a urramaíonn comhionannas agus cearta an duine. Tá coiste comhionannais, éagsúlachta agus cuimsitheachta gníomhach againn agus táimid tiomanta d’oibriú leis an státseirbhís níos leithne chun lucht saothair a bhaint amach atá ionadaíoch ar éagsúlacht shochaí na hÉireann.


Conas iarratas a dhéanamh

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Foireann Earcaíochta agus Roghnúcháin an OPAS. Léigh an leabhrán eolais thíos go hiomlán, agus comhlánaigh an dá chuid (A agus B) den fhoirm iarratais.

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Foireann Earcaíochta agus Roghnúcháin CSSO. Léigh an leabhrán eolais thíos go hiomlán, agus comhlánaigh an dá chuid (A agus B) den fhoirm iarratais.

Is é 3pm ar an 16 Iúil 2025 an dáta deiridh.

Aturnae Stáit: Leabhrán Eolais
Amharc amharc
Aturnae Stáit: Foirm Iarratais A
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Aturnae Stáit: Foirm Iarratais B
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Tuilleadh eolais faoin OPAS