Comóireann an tAire Sláinte an Lá Domhanda Haemaifilia 2019
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, an Lá Domhanda Haemaifilia a chomóradh inniu (Dé Céadaoin an 17 Aibreán). Dúirt sé:
“Ba cheart d’Éirinn bheith an-bhródúil as an gcúram a thugtar do dhaoine sa tír seo a bhfuil haemaifilia nó neamhoird fuilithe eile orthu. Meastar ar leibhéal idirnáisiúnta go bhfuil na seirbhísí a sholáthraítear inár nIonaid Chúraim Chuimsithigh i measc na seirbhísí is fearr ar domhan. Is iad na hionaid sin an tIonad Náisiúnta Téachta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath; an tIonad Téachta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí; agus Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn.”
Tá “an Lá Domhanda Haemaifilia” á chomóradh an 17 Aibreán gach bliain ó 1989 i leith. Tá sé mar aidhm leis feasacht agus tuiscint an phobail i gcoitinne a mhéadú agus a aird a dhíriú ar na saincheisteanna a bhaineann le haemaifilia agus neamhoird fuilithe eile.
Is é téama an Lae Dhomhanda Haemaifilia i mbliana ná “Dul i dTeagmháil – an chéad chéim i dtreo cúram a fháil”. Tá an Lá Domhanda Haemaifilia á cheiliúradh ag Cumann Haemaifilia na hÉireann ach siompóisiam dar teideal “Haemaifilia – Tá an Todhchaí Linn: Cineálacha Nua Cur Chuige i leith Riocht Ársa” a reáchtáil i gcomhar le Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.
Labhair an tAire Harris faoin rannchuidiú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Haemaifilia maidir le cúram haemaifilia a fhorbairt in Éirinn.
Thug sé ómós do na héachtaí a bhain an Dr Barry Harrington amach freisin, a éireoidh as an ról mar Chathaoirleach ar an gComhairle go luath tar éis dó ocht mbliana a chaitheamh ann.
Dúirt an tAire Harris:
“An méid ard comhoibrithe agus comhpháirtíochta atá ar bun idir an Chomhairle Náisiúnta Haemaifilia, cliniceoirí agus eagraíochtaí othar, agus an comhar réamhghníomhach atá ar bun acu le FSS agus leis an Roinn Sláinte, tá siad ar cheann de na príomhthosca atá taobh thiar de rath na hÉireann maidir le haemaifilia agus neamhoird fuilithe eile a chóireáil de réir ardchaighdeáin.”
Chomh maith leis sin, mhol an tAire an obair dhochloíte a rinne Cumann Haemaifilia na hÉireann maidir le pobal dearfach tacúil a chruthú do dhaoine a bhfuil haemaifilia orthu agus dá dteaghlach.
Dúirt an tAire Harris:
“Ar aon dul le téama an Lae i mbliana, mholfainn d’aon daoine a bhfuil neamhord fuilithe orthu cóireáil a lorg ó na seirbhísí sláinte agus dul i dteagmháil le Cumann Haemaifilia na hÉireann agus dul isteach sa phobal atá cruthaithe aige.”
Déanfar roinnt foirgneamh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh araon a mhaisiú i ndath dearg um thráthnóna chun an Lá Domhanda Haemaifilia a chomóradh. Áireofar leo sin Halla na Saoirse; an Lárionad Coinbhinsiúin, Baile Átha Cliath; Teach an Ardmhéara; Cearnóg Mhargadh na Feirme; Ionad Siopadóireachta Fhaiche Stiabhna; Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath; Oifigí na Cathrach i gCé an Adhmaid; Halla na Cathrach, Corcaigh; agus Foirgneamh Capitol, Corcaigh.
CRÍOCH
Ionaid Chúraim Chuimsithigh
Tá trí Ionad Cúraim Chuimsithigh haemaifilia ann in Éirinn. Tá gach ceann de na hionaid deimhnithe mar Ionaid Eorpacha Chúraim Chuimsithigh Haemaifilia:
· An tIonad Náisiúnta Téachta in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath.
· An tIonad Téachta in Ospidéal Ollscoile Chorcaí.
· Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn.
Ina theannta sin, feidhmíonn Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, mar Ionad Cóireála Haemaifilia d’aosaigh agus do leanaí. Tá an tIonad Cóireála Haemaifilia in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, deimhnithe ag an Líonra Eorpach Haemaifilia (EUHANET).
Cumann Haemaifilia na hÉireann
Le breis agus caoga bliain anuas, tá Cumann Haemaifilia na hÉireann ag déanamh ionadaíocht do dhaoine in Éirinn a bhfuil haemaifilia nó neamhoird fuilithe eile orthu. Ba iad tuismitheoirí le daoine a bhfuil haemaifilia orthu agus gairmithe cúram sláinte a chuir an Cumann ar bun, agus iad ag teacht le chéile chun cabhrú le daoine a bhfuil haemaifilia orthu a dhiagnóisiú agus a chóireáil. Tá Brian O’Mahony ina Phríomhfheidhmeannach ar an gCumann agus tá John Stack ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin faoi láthair.
An Chomhairle Náisiúnta Haemaifilia
Ba le hIonstraim Reachtúil a cuireadh an Chomhairle Náisiúnta Haemaifilia ar bun sa bhliain 2004. Is é an phríomhfheidhm atá aici comhairle a thabhairt don Aire, do ghníomhaireachtaí seirbhíse sláinte agus do dhaoine eile ar aon ní a bhaineann le haemaifilia. Déanann sí amhlaidh ar a tionscnamh féin nó ar iarratas ón Aire nó ó ghníomhaireacht sláinte. Tá an Dr Barry Harrington ina Chathaoirleach ar an gComhairle faoi láthair.