Fógraíonn an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD eolas áitiúil nua atá ag dul beo ar Mhol Sonraí COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu, Dé Sathairn an 19 Meán Fómhair, go bhfuil tacar sonraí nua beo anois ar Mhol Sonraí COVID-19, agus eolas cáis ar fáil anois ag leibhéal an Toghlimistéar Áitiúil ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tuigim go bhfuil daoine ag iarraidh eolas níos mionsonraithe a fháil faoin víreas seo, conas atá sé ag dul i bhfeidhm ar a bpobail, agus orthu siúd ar fud na tíre ina hiomláine. Soláthraíonn Mol Sonraí COVID-19 sonraí an Toghlimistéir Áitiúil a nuashonraítear go rialta d’fhonn trédhearcacht maidir leis an víreas seo agus a thionchar a chur ar fáil. Tá trédhearcacht ina cuid lárnach de fhreagra na hÉireann ar an bpaindéim seo. Ag an bpointe seo tá sé níos tábhachtaí ná riamh."
Dúirt sé:
“Táim bródúil a fhógairt go ndearnadh é seo trí obair chrua chomhoibritheach agus iarracht idir mo Roinnse, Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, an tIonad Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann, Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte, agus an Phríomh-Oifig Staidrimh."
Mar fhocal scoir:
“Ba mhaith liom moladh a thabhairt do thiomantas gan staonadh na ndaoine sa chúlra atá ag obair ar fhaisnéis áitiúil, thráthúil a thabhairt don phobal i gcoitinne ag an am an-tábhachtach seo maidir le faireachas sláinte poiblí. A bhuíochas dóibh sin, tá ag éirí go han-mhaith le hÉirinn i gcomparáid le tíortha eile i dtéarmaí leibhéal na sonraí áitiúla atá á dtairiscint don phobal."
TÉIGH CHUIG: https://covid19ireland-geohive.hub.arcgis.com/
CRÍOCH
Cé chomh minic a dhéantar sonraí ar Mhol Sonraí COVID-19 a nuashonrú?
Déantar básanna agus cásanna deimhnithe agus iomlána COVID-19 a nuashonrú gach lá ag thart ar 6pm. Déantar próifílí staitisticí agus sonraí contae a nuashonrú gach lá ag thart ar 6pm ó Luan go hAoine. Déantar staitisticí ICU a nuashonrú gach lá ag thart ar 12pm agus 7pm. Déantar staitisticí géarmhíochaine ospidéil a nuashonrú gach lá ag thart ar 9:30 am, 2pm agus 8pm. Déantar staitisticí um Thástáil Eiseamal Saotharlainne a nuashonrú gach lá ag thart ar 3pm ó Luan go Satharn.
Foilsítear líon na gcásanna nua COVID-19 i ngach Toghcheantar Áitiúil (LEA) gach seachtain ar an Déardaoin, ag léiriú cásanna nua a cuireadh in iúl i ngach LEA don tréimhse 14 lá suas go meán oíche an Luan roimhe sin.
Cad iad na Toghlimistéir Áitiúla (LEAnna) agus cén fáth a bhfoilsítear sonraí ag an leibhéal seo anois?
Tá daoine ag iarraidh go bhfoilseofar rátaí minicíochta COVID-19 ag leibhéal áitiúil (faoi leibhéal an Chontae) go minic agus go tráthúil. Caithfear cothromaíocht a bhaint amach, áfach, idir an dúil seo a shásamh agus an géarghá atá ann an riosca do phríobháideacht agus rúndacht duine a laghdú. Rinne an Roinn Sláinte (DoH) cathaoirleacht ar ghrúpa a chuimsigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC), Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (FSS), an tAonad um Fhaisnéis Sláinte (HIU), an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) agus Ollscoil Mhaigh Nuad (MU) le breathnú ar roghanna maidir le scaipeadh geografach mhinicíocht COVID-19 in Éirinn.
Rinne an grúpa athbhreithniú ar an leibhéal geografaíochta is iomchuí chun sonraí a fhoilsiú d’fhonn cothromaíocht a fháil idir suim an phobail i ndáil le sonraí a nuashonraítear go rialta do cheantair áitiúla agus an géarghá atá ann an riosca do phríobháideacht agus rúndacht duine a laghdú. Mhol an Phríomh-Oifig Staidrimh gurb é an Toghlimistéar Áitiúil an leibhéal is oiriúnaí chun é sin a bhaint amach. Tá 166 LEA in Éirinn le meándaonra de 28,700 (idir 9,800 agus 63,000). Tá gach contae agus cathair roinnte i roinnt LEAnna. D'aithin an grúpa an riachtanas ón bpobal agus dá bhrí sin tá sé ag tuairisciú anois ar leibhéal an LEA níos mó, seachas ar leibhéal na Toghroinne (ED) a cheadaíonn sonraí a thuairisciú don tréimhse 14 lá is déanaí, príomhtháscaire ar stádas reatha COVID-19.
Cad a chinn na grúpálacha eatraimh rátaí a úsáideadh ar mhapa an LEA?
Tá na grúpálacha eatraimh do na rátaí minicíochta foilsithe bunaithe ar an raon foilsithe do thíortha an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Rialú (ECDC) ó lár mhí Mheán Fómhair 2020.
Cén fáth nach ionann líon iomlán na gcásanna ag an LEA agus na cásanna deimhnithe iomlána foilsithe ar leibhéal náisiúnta le 14 lá anuas?
Chun an léarscáil LEA a chruthú, caithfear geo-chódú a dhéanamh ar na sonraí bunúsacha ó bhunachar sonraí HPSC CIDR, is é sin, caithfear gach cás COVID-19 a nascadh le suíomh geografach ar leith. Déanann an tAonad um Fhaisnéis Sláinte (HIU) ag FSS é seo. Ní féidir geo-chódú a dhéanamh ar gach cás, áfach, mar gheall ar fhaisnéis seoltaí neamhiomlán. De ghnáth, is féidir 95% de na seoltaí do chásanna a chódú le LEA an duine aonair.
Cén fáth go bhfuil líon cásanna COVID-19 á dtuairisciú anois ag an Limistéar Toghcháin Áitiúil (LEA) seachas ag an Toghroinn (ED)?
Ba mhaith linn a bheith in ann faisnéis níos logánta agus níos minice a sholáthar faoi chásanna nua de COVID-19. Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le fios gurb é an Toghlimistéar Áitiúil (LEA) an leibhéal is iomchuí d’fhonn an riosca do phríobháideacht agus rúndacht duine a laghdú . Cuirfidh tuairisciú ag leibhéal LEA ar chumas an phobail rochtain a fháil ar shonraí faoi chásanna nua de COVID-19 a chuirtear in iúl ina gceantar ar bhonn seachtainiúil (don tréimhse 14 lá roimhe sin). Leis an geografaíocht tuairiscithe nua seo beifear in ann líon na gcásanna nua de COVID-19 a nuashonrú ar bhealach i bhfad níos minice agus níos úsáidí ná mar a bhí i gcás maidir le cásanna a thuairisciú ar leibhéal na Toghroinne. Mar gheall ar mhéid daonra beag na dToghrann i gcomparáid le LEAnna, chiallaigh imní faoi rúndacht agus príobháideacht nárbh fhéidir nuashonrú a dhéanamh go minic agus uimhreacha carnacha a thabhairt ó thosaigh COVID-19.
Mar a thuairiscítear thuas, tá roinnt saincheisteanna ann maidir le rátaí minicíochta COVID-19 agus sonraí maidir le líon na gcásanna a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta ag leibhéal na Toghroinne:
Dá bhrí sin, rinneadh cinneadh sonraí a fhoilsiú ar leibhéal an LEA. Ní bheadh leibhéal na Toghroinne anois mar leibhéal iomchuí geografaíochta i bhfianaise mhinicíocht nuashonraithe cásanna nua a bhfuil súil ag an bpobal leo.
Cén fáth a rangaítear roinnt Toghlimistéar Áitiúil (LEAanna) mar <5 ar an Mol?
Sa chás go bhfuil idir 0 agus 4 cás ag LEA, ní thaispeántar (ceiltear) an luach ionas nach féidir daoine aonair a aithint agus chun an riosca dá rúndacht agus dá bpríobháideacht a laghdú. Leanann sé seo cleachtas caighdeánach i bhfoilseacháin staidrimh mar a mhol an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Cé na bonnléarscáileanna a úsáidtear sna léarscáileanna ar an Mol Sonraí?
Is iad na bonnléarscáileanna a úsáidtear ar Mhol Sonraí COVID-19 ná bonnléarscáileanna MapGenie OSi. Tógtar seirbhísí MapGenie bunaithe ar shonraí geospásúla údarásacha ó Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann, an ghníomhaireacht léarscáilithe náisiúnta agus is féidir teacht orthu ó fheidhmchláir ghréasáin, feidhmchláir soghluaiste agus bogearraí deisce GIS.
An féidir liom na sonraí ar an Mol Sonraí a íoslódáil?
Is féidir, tá na tacair sonraí seo a leanas ar fáil le híoslódáil go díreach ó Mhol Sonraí COVID-19 nó ó Thairseach Sonraí Oscailte na hÉireann ag na naisc thíos le sonraí an Toghlimistéir Áitiúil (LEA) le leanúint go gairid:
Cén teicneolaíocht a úsáidtear chun mol Sonraí COVID-19 a thógáil agus a chothabháil?
Is é Mol ArcGIS Esri an t-ardán teicneolaíochta a úsáidtear. Is ardán rannpháirtíochta pobail é Mol ArcGIS a eagraíonn daoine, sonraí agus uirlisí trí thionscnaimh atá bunaithe ar fhaisnéis.