Tugann an tAire Sláinte foláireamh faoi chaitheamh tobac agus COVID-19 ar Lá Domhanda Gan Tobac
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte Simon Harris TD comhghairdeas inniu le grúpa óige Éireannach as a gcuid gníomhaíochtaí sa troid i gcoinne caitheamh tobac ar Lá Domhanda Gan Tobac.
Bhronn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an gradam mór le rá Lá Domhanda gan Tobac ar Chomhairle na nÓg Luimnigh as a feachtas Not Around Us. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh Not Around Us spreagadh a thabhairt do dhaoine a chaitheann tobac agus a bhíonn ag vápáil gan a bheith ag caitheamh nó ag vápáil timpeall ar dhaoine eile.
Dúirt an tAire Harris “Is é ár gcuspóir go mbeadh Éire saor ó thobac faoi 2025 le fócas ar dhínormalú caitheamh tobac agus ar chosaint leanaí. Beidh leanbh amháin as gach beirt a bhaineann triail as caitheamh tobac ina gcaiteoir tobac agus gheobhaidh duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás ó ghalar a bhaineann le tobac agus mar sin is mór an t-údar misnigh dom daoine óga a fheiceáil ag gníomhú chun iad féin agus a bpiaraí a chosaint ar an táirge andúileach agus marfach seo."
Thug an tAire aghaidh freisin ar dhearbhuithe go dtugann caitheamh tobac cosaint i gcoinne COVID-19: “Dúirt an WHO an 11 Bealtaine gur dóichí go gheobhadh daoine a chaitheann tobac galar trom le COVID-19 ná daoine nach gcaitheann tobac agus nach bhfuil dóthain faisnéise ann chun aon nasc a dheimhniú idir tobac nó nicitín chun COVID-19 a chosc nó cóireáil a chur ar dhuine. Molaim do gach duine atá ag smaoineamh ar éirí as an tobac ar Lá Domhanda Gan Tobac seo teagmháil a dhéanamh le seirbhís HSE Quit chun tacaíocht a fháil."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Chuaigh Comhairle na nÓg Luimnigh i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus Luimneach Sláintiúil chun Not Around Us a chur chun cinn. Mar chuid den tionscnamh, ghlac na daoine óga páirt i bhforbairt an fheachtais, mhúnlaigh siad beartais, roghnaigh siad suíomhanna oiriúnacha le haghaidh comharthaíocht cosc ar thobac, chuaigh siad i dteagmháil lena gcomhghleacaithe maidir le héifeachtaí caitheamh fulangach agus d’ardaigh siad feasacht faoi na tacaíochtaí nó an easpa tacaíochtaí, dóibh siúd ar mian éirí as an tobac.