Faigheann an tAire Ryan comhaontú ón Rialtas chun Coimisiún nua um Aistriú Cóir a bhunú
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheadaigh an Rialtas an 30 Aibreán go mbunófaí Coimisiún nua um Aistriú Cóir chun comhairle a thabhairt maidir le conas aistriú cóir chuig aeráidneodracht in Éirinn a chinntiú.
Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an tuarascáil deiridh ón Tascfhórsa um Aistriú Cóir, rud a bhí mar bhonn eolais faoi Théarmaí Tagartha an Choimisiúin nua um Aistriú Cóir.
Déanfaidh an Coimisiún um Aistriú Cóir an méid seo a leanas:
Cé go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ina dhúshlán, is é atá i gCoimisiún a bhunú ná deis chun comhlacht a chur i bhfeidhm a bhfuil de mhisean aige údarás, saineolas agus ceannaireacht tathanta a sholáthar chun tacú leis an Rialtas agus le geallsealbhóirí ar fud na sochaí agus iad ag iarraidh an t-aistriú sin a bhainistiú.
Agus comhairle á tabhairt aige don Rialtas maidir le conas ba cheart d’Éirinn a chinntiú nach bhfágfaí aon duine inár ndiaidh agus í ag comhlíonadh a huaillmhianta aeráide, comhlánóidh an Coimisiún nua ról reatha na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide. Is é sainordú reachtúil na comhairle comhairlí comhairle a thabhairt don Aire agus don Rialtas maidir leis na beartais um an aeráid a mhaolú agus um oiriúnú don aeráid is gá chun Cuspóir Aeráide Náisiúnta reachtúil na hÉireann a chomhlíonadh. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis an gcomhairle chomhairleach chun a chinntiú nach mbeidh aon fhorluí ann ar a sainorduithe agus a gcláir oibre faoi seach.
Beidh comhaltas an Choimisiúin comhdhéanta d’ainmnithe ó na cúig cholún d’idirphlé sóisialta (an Colún Talmhaíochta; an Colún Pobail agus Deonach; an Colún Fostóirí; an Colún Comhshaoil; agus an Colún Ceardchumann) agus de dhaoine aonair a bhfuil saineolas acu ar dhisciplíní ábhartha éagsúla, lena n-áirítear cearta an duine agus comhionannas, forbairt scileanna, forbairt tuaithe agus pobail, cuimsiú sóisialta, an t-aistriú eacnamaíoch glas, agus dearcthaí óige.
Beidh cathaoirleach neamhspleách ag an gCoimisiún.
Ag labhairt dó faoi, dúirt an tAire Ryan:
"Is é aistriú cóir an tslí is tapa chuig aistriú glas, agus is í an t-aon slí amháin í lena gcinntítear go dtabharfaimid gach duine linn de réir mar a aistrímid chuig geilleagar aeráidneodrach.
"Beidh an Coimisiún ar ghuth poiblí aon Aistrithe Chóir. Féachfaidh sé leis an mbeartas fadtéarmach aeráide a réamh-mheas, agus le bonn eolais a chur faoi, trí dhíriú ar na tionchair, na rioscaí agus na deiseanna a d’fhéadfadh teacht as an aistriú aeráide le haghaidh earnálacha difriúla den gheilleagar agus den tsochaí, go háirithe na hearnálacha sin atá sa bhaol is mó go bhfágfaí iad inár ndiaidh. Beidh orainn nuálaíocht agus solúbthacht a thaispeáint sa chur chuige a ghlacaimid i leith an aistrithe sin, á chinntiú go n-oibreoidh sé ón mbun aníos.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Uas. Kieran Mulvey, Cathaoirleach an Tascfhórsa, agus le gach duine de bhaill an Tascfhórsa, as a gcuid oibre agus as an méid a rannchuidigh siad leis an tuarascáil agus na moltaí ón Tascfhórsa a fhorbairt. Is ar an mbonn sin atá ceadú ón Rialtas faighte agam anois chun leanúint leis an gCoimisiún nua a bhunú."
Seolfaidh an tAire feachtas earcaíochta chun comhaltaí a cheapadh chuig an gCoimisiún nua i gceann tamaillín, d’fhonn é a bhunú go foirmiúil agus an chéad chruinniú dá chuid a chur ar siúl i Ráithe 3 i mbliana.
Thionóil an tAire Ryan an Tascfhórsa um Aistriú Cóir i mí Mheán Fómhair 2023, agus é mar shainordú aige moltaí a thabhairt don Aire agus don Rialtas maidir le Coimisiún fadtéarmach um Aistriú Cóir a bhunú. Tháinig an Tascfhórsa le chéile roinnt uaireanta ón uair sin i leith agus chuir sé an tuarascáil deiridh uaidh faoi bhráid an Aire i mí Feabhra 2024.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoin Tascfhórsa, faoin Tuarascáil Deiridh uaidh agus faoi Théarmaí Tagartha an Choimisiúin nua um Aistriú Cóir ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
CRÍOCH
Tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ghlac an Rialtas creat uileghabhálach le haghaidh forbairt beartais, áit a nglactar cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail chun an tAistriú Cóir a shainiú in Éirinn. Tá an creat sin comhdhéanta de cheithre phrionsabal, atá ag teacht leis na Treoirlínte ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus le creataí agus moltaí an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann gur féidir iad a chur i bhfeidhm ar fud earnálacha ilchineálacha:
Ar aon dul leis an uaillmhian de chuid an Rialtais go ndéanfaí na prionsabail sin a phríomhshruthú go seasta isteach sa bheartas aeráide, tá príomhearnálacha i mbun na prionsabail sin a chomhtháthú isteach i ndearadh a mbeartas agus a mbeart faoi seach tríd an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, ar plean bliantúil é.