Cuireann Éire Ildánach €551,000 ar fáil chun tacú le forbairt na dtionscal cruthaitheach
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol Éire Ildánach an Ciste Eacnamaíochta do Phobail Cruthaitheacha inniu. Soláthraíonn an tionscnamh nua seo acmhainní d’údaráis áitiúla chun tionscadail nuálacha a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainneacht na dtionscal cruthaitheach chun tacú le forbairt eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach.
Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Níl sainmhíniú amháin ar an ngeilleagar cruthaitheach. Is coincheap é a bhíonn ag síorathrú a thógann ar an idirghníomhú idir cruthaitheacht an duine agus maoin intleachtúil, eolas agus teicneolaíocht. Tá sé ríthábhachtach gníomhaíochtaí cruthaitheacha eacnamaíocha nua a chothú agus a thacú. Spreagfaidh an Ciste Eacnamaíochta do Phobail Chruthaitheacha comhpháirtíochtaí agus deiseanna cruthaitheacha nua ar fud na tíre”.
I measc tionscadal na n-údarás áitiúil tá:
Comhairle Chontae Chorcaí – tá sé mar aidhm ag Fóram Beochana na Mumhan borradh a chur faoin earnáil bheochana i gCúige Mumhan agus cáil idirnáisiúnta a thabhairt ar an gCúige as, ag tacú le fás eacnamaíoch an phobail beochan chruthaitheach ar fud an chúige. Is comhpháirtíocht é an tionscadal idir na húdaráis áitiúla agus oifigí fiontraíochta áitiúla i gCorcaigh, sa Chlár, i gCiarraí, i Luimneach, i dTiobraid Árann agus i bPort Láirge.
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin - I dTreo Dhún Laoghaire Cruthaitheach. Sa tionscnamh ildisciplíneach seo, beidh an Chomhairle Contae i gcomhpháirtíocht leis an Saotharlann Deartha Poiblí san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta chun an institiúid tríú leibhéal a leabú go daingean i gcreatlach agus in infrastruchtúr Dhún Laoghaire.
Déanfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall - Cósta Cruthaitheach cnuasshamhail oiriúnach a fhiosrú agus a aithint chun an earnáil chruthaitheach a chur san áireamh i ngach forbairt amach anseo i nDún na nGall. I measc na gcomhpháirtithe sa tionscadal seo tá Oifig Scannán Dhún na nGall, Oifig Fiontraíochta Áitiúil Dhún na nGall agus Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh.
Comhairle Chathair na Gaillimhe - Tionscnamh Chluichí Tumthacha na Gaillimhe Fiáine. Déanann an tionscadal seo na hearnálacha cluichí agus turasóireachta a fhí le chéile chun eispéireas cluichí tumthacha a chruthú do mhuintir na háite agus do chuairteoirí. Cuirfear beocht i scéalta, miotais agus finscéalta na cathrach trí theicneolaíocht na gcluichí in eispéireas nua idirghníomhach. I measc na gcomhpháirtithe sa tionscadal tá Ionad Scannán na Gaillimhe, Músaem Chathair na Gaillimhe agus Fáilte Éireann.
Oibreoidh Comhairle Chontae Liatroma - Spark - Art & Business Collaboration le Cónaidhm Thionscal Gruaige agus Scéimhe na hÉireann chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir le dearadh, teicneolaíocht agus priontáil 3D dúshláin tráchtála sna réigiúin a shárú.
Comhairle Chontae na Mí - Kells - Harnessing Culture, Connecting the Dots Cuirfidh an tionscadal seo ar chumas Oibreacha Priontála agus Lárionad Clóghrafaíochta Cheannanais, Mol Cultúrtha Theach na Cúirte agus páirtithe leasmhara eile ionad foghlama a bhunú bunaithe ar phriontáil litreach do mhic léinn tríú leibhéal, don tionscal priontála agus do thurasóirí.
Comhairle Chontae Shligigh – Tionchar an Dearaidh i nGnó agus i dTionscal - Tá sé mar aidhm ag an gcomhthionscadal ilghníomhaireachta le hInstitiúid na nDearthóirí in Éirinn moltaí ón tuarascáil Cleachtas Dearaidh in Éirinn 2021 a chur i ngníomh a chuimsíonn meicníochtaí rannpháirtíochta, líonra agus cumarsáide chun an luach a bhaineann le dearadh i gcomhthéacsanna gnó agus tionscail a léiriú. In éineacht leis na húdaráis áitiúla agus oifigí fiontraíochta áitiúla i Sligeach, Dún na nGall, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh, An Clár, Luimneach agus Tiobraid Árann, tá an tionscadal seo i gcomhpháirtíocht le roinnt moil nasctha freisin, lena n-áirítear: Ludgate, FutureCast, Innovate Limerick, An Chrio, agus CREW.
Comhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge - Forbairt éiceachóras chruthaitheach san Oirdheisceart. Tá sé mar aidhm ag an togra seo geilleagar cruthaitheach réigiúnach an Oirdheiscirt a fhorbairt trí leas a bhaint as na sonraí a bhailítear trí ardán nua ar líne GovLab a reáchtálann WIT. Déanfar sonraí a chothabháil, a anailísiú agus a scaipeadh a thagann as fardal beo de chultúr áitiúil agus de ghníomhaíocht thionscal na cruthaitheachta san acmhainn dhigiteach seo agus measúnófar inti tionchar na dtionscal cruthaitheach ar an réigiún.