Foilsíonn an Tánaiste Straitéis um Chianobair
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD, inniu (Dé hAoine, 15 Eanáir) an Straitéis Náisiúnta maidir le Cianobair, an chéad straitéis dá leithéid in Éirinn, le go mbeidh an chianobair ina rogha bhuan do dhaoine i ndiaidh na paindéime.
Leagtar amach sa Straitéis pleananna chun cearta agus freagrachtaí fostóirí agus fostaithe a neartú agus an t-infreastruchtúr le haghaidh cianoibre a chur ar fáil, agus leagtar amach inti freisin treoir shoiléir maidir le conas is féidir daoine a chumasú le cianobair a dhéanamh.
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar TD:
“Rinne an phaindéim an-dochar do shaol agus do shlite beatha mhuintir na hÉireann. Táimid ar fad ag súil leis an lá nuair a bheidh deireadh leis seo. Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh filleadh ar an ngnáthshaol ach ba mhaith linn go mbeadh saol nua agus níos fearr againn ina gcuimsítear gach a bhfuil foghlamtha againn ón modh maireachtála difriúil atá againn mar gheall ar an bpaindéim. Agus an riachtanas ar dhaoine obair ón mbaile nuair is féidir, ar mhaithe le sláinte an phobail, léiríodh a inmharthana a d’fhéadfadh obair ón mbaile, cianobair agus obair chumaisc a bheith. Ba mhaith liom go mbeadh an chianobair mar chuid de dhomhan iomlán nua oibre tar éis na paindéime agus leagtar amach sa straitéis nua seo de chuid an Rialtais conas a chumasóimid é seo.
“Ba ghnáthrud do go leor daoine í an obair ón mbaile in 2020. Ba mhaith linn go mbeadh socruithe maidir le cianobair, obair chumaisc agus obair sholúbtha níos coitianta sa saol tar éis COVID. Chonaiceamar go mbaineann buntáistí móra leis seo – níos mó solúbthachta, níos lú comaitéireachta, níos mó ama leis an teaghlach agus le cairde. Tá sé níos fearr d’astaíochtaí iompair, agus do chaighdeán na beatha, ach ní mór é a dhéanamh i gceart. Caithfear cearta fostaíochta a uasdátú, ní mór dúinn treoir a thabhairt, agus caithfimid fíorspás oibre a chur ar fáil i go leor cásanna. Teastaíonn athrú cultúrtha freisin chun an chianobair a éascú mar rogha. Léirítear sa Phlean seo conas a thabharfaimid na gnéithe sin ar fad le chéile. Sílim go ndéanfar an-difríocht do shaol oibre na ndaoine.”
Cuirfear na gníomhartha seo i gcrích i gcaitheamh 2021. Bunófar Grúpa Forfheidhmithe chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngníomhartha agus reáchtálfar cruinnithe gach ceithre mhí.
Dúirt an Tánaiste:
“Beidh go leor daoine ag iarraidh leanúint ar aghaidh agus roinnt cianoibre a dhéanamh tar éis na paindéime, agus tá sé an-tábhachtach go gcosnaímid cearta agus teidlíochtaí na n-oibrithe sin le gur féidir leo “sos a ghlacadh” ón obair. Seo an fáth ar chuireamar an t-alt isteach maidir leis an gceart chun dícheangal. Ba mhaith linn na struchtúir a chur i bhfeidhm a chinntíonn go mbainimid leas as na buntáistí a bhaineann leis an gcianobair agus go gcosnaímid daoine ar na míbhuntáistí.”
Forbraíodh an Straitéis seo faoi threoir Grúpa Idir-Rannach leathan ina raibh Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit. Tarraingítear sa taighde a rinneadh le haghaidh na Straitéise seo ar thorthaí na tuarascála Cianobair in Éirinn 2019, torthaí an Chomhairliúcháin Phoiblí maidir le Treoir Chianoibre, agus taighde nua a rinneadh ar an ábhar in 2020.
Léigh an straitéis iomlán: Item was unpublished or removed
CRÍOCH
Tá príomhról ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ó thaobh beartais an Rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hacmhainn táirgiúlachta an gheilleagair a spreagadh agus timpeallacht a chruthú a thacaíonn le poist a chruthú agus a chothú. Is ar an Roinn atá an phríomhfhreagracht as beartas na hÉireann ar thrádáil dhomhanda agus ar infheistíocht isteach, agus tá sí freagrach as iomaíocht chóir sa mhargadh a chur chun cinn, agus as tomhaltóirí agus oibrithe a chosaint.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an bPreasoifig, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, press.office@enterprise.gov.ie nó (01) 631-2200.