Preasráitis
Labhair an Taoiseach leis an Uachtarán Zelenskyy faoin gCruinniú Mullaigh Síochána
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Labhair an Taoiseach leis an Uachtarán Zelenskyy faoin gCruinniú Mullaigh Síochána atá le teacht i mí an Mheithimh. Bhí áthas ar an Taoiseach a dhearbhú go mbeidh sé ag freastal agus dúirt sé leis an Uachtarán go leanfaidh Éire ar aghaidh ag obair le comhpháirtithe chun an rannpháirtíocht is airde agus is féidir ó gach cearn den domhan a chinntiú. Chuir an Taoiseach a dhlúthpháirtíocht leanúnach in iúl le muintir na hUcráine in aghaidh ionsaithe leanúnacha na Rúise ar chathracha agus ar bhonneagar sibhialtach. Leanfaidh Éire ar aghaidh ag déanamh gach rud agus is féidir chun cabhrú léi.