Tá iarratais á lorg ag an Aire Foley ó scoileanna ar mhaoiniú chun oibriú le chéile ar Thionscadail Chruthaitheacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Oideachais Norma Foley TD cuireadh inniu do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar Bhraislí Cruthaitheacha, an tionscnamh atá ar siúl mar chuid d’Éire Chruthaitheach agus faoin gCiste Sármhaitheas Scoile. Is é €595,000 buiséad na Roinne Oideachais do Bhraislí Cruthaitheacha in 2022.
Faoin scéim seo chun tacú le scoileanna cumas cruthaitheachta a chothú, bainfidh scoileanna i ngach braisle leas as rochtain ar shainéascaitheoir, ar ealaíontóir nó ar shaineolas cruthaitheach i cibé réimse spéise nó téama a roghnaíonn siad. Cabhróidh na hacmhainní seo leis na scoileanna tionscadal foghlama agus gníomhaíochtaí a chur le chéile a bheidh saincheaptha dá ndaltaí. Mar chuid den leithdháileadh maoinithe seo, féadfaidh braisle maoiniú suas le €15,000 a fháil chun a gcuid pleananna agus smaointe a thabhairt chun críche in 2022-2024.
Dúirt an tAire Foley:
“Is deis iontach é seo do scoileanna oibriú le chéile ar thionscadal dá rogha féin. Tugtar saoirse iomlán do scoileanna a dtionscadal féin a dhearadh agus a fhorbairt, le tacaíocht ó éascaitheoir áitiúil agus óna nIonad oideachais áitiúil.
“Tá súil agam go gcabhróidh an tionscnamh spreagúil seo le scoileanna cruthaitheacht a fheabhsú tuilleadh ina seomraí ranga. Tá sé tábhachtach go gcumasaítear ár bpáistí chun iad féin a chur in iúl agus go bhfoghlaimíonn siad conas iad féin a oiriúnú agus a bheith ag comhoibriú. Tugann ‘Braislí Cruthaitheacha’ deis do scoláirí de gach aois na scileanna riachtanacha seo a fhorbairt, taitneamh a bhaint as léiriú ealaíne agus as léiriú cruthaitheach agus as iad seo a iniúchadh.”
Faoin am seo, tá scoileanna ar fud na tíre ag oibriú le chéile i dtionscnamh na mBraislí Cruthaitheacha chun tionscadail chruthaitheacha a fhorbairt agus chun comhoibriú ar smaointe nua, bunaithe ar a dtaithí áitiúil agus ar a bpeirspictíocht uathúil.
I gCiarraí, i gcomhar leis an Ionad Oideachais, Trá Lí; Tá Bunscoil Naomh Seosamh, Bunscoil Fybough, Bunscoil Chill Tulach, Scoil Pharóiste Naomh Eoin, agus LCA Ógtheagmháil Thrá Lí ag díriú an chruthaitheacht agus an tallann a d’fhorbair scoláirí le linn na ndianghlasálacha Covid-19 a iniúchadh agus a thaispeáint. Sa “Charnabhal Cruthaitheach” seo tá siad ag fiosrú a gcuid samhlaíochta agus éirim chruthaitheach an duine aonair i réimsí cruthaitheachta éagsúla, rud as a dtagann a lán buanna éagsúla chun solais, go háirithe i réimsí nach dtabharfaí spás léirithe dóibh de ghnáth. Spreagfaidh an tionscadal seo gach stíl chruthaitheachta trí dheiseanna a chruthú roinnt i stíl mheantóireachta piaraí. Tionscnamh traschuraclaim ilchultúrtha, ilchreidmheach, tras-earnála atá ann, a thugann scóip leathan d’fhorbairt chinnteoireacht an fhoghlaimeora agus a chothaíonn a nguth mar chuid lárnach den phróiseas ceaptha. Déantar ceannairí agus ambasadóirí dá mbranda féin d'fhoghlaimeoirí. Faoi dheireadh na chéad bhliana, tá sé beartaithe go mbeidh físthaispeántas mar thoradh ar na seisiúin tobsmaointeoireachta seo, ina ndéanfar measúnú ar dhul chun cinn an tionscadail. Beidh sé seo ina chabhair chun spriocanna a threorú agus a shocrú don phróiseas an bhliain dár gcionn agus é ag obair i dtreo taispeántais deiridh sa dara bliain.
I mBaile Átha Luain, san Iarmhí agus i Ros Comáin i gcomhar le hIonad Oideachais Bhaile Átha Luain; tá cúig iar-bhunscoil ag obair le chéile ar thionscadal lena mbaineann disciplíní teicneolaíochta TFC, fiontraíocht agus nuálaíocht. Áirítear orthu seo Coláiste Pobail Bhaile Átha Luain, Meánscoil Mhuire Bower, Coláiste Marist, Coláiste Chiaráin agus Pobalscoil Mhóta. Tugtar “Code4Fun”, ar an tionscadal Braisle Cruthaithí seo a chuireann eispéireas foghlama cumaisc ar fáil do scoláirí agus a chomhtháthaíonn disciplíní na teicneolaíochta, na fiontraíochta agus na nuálaíochta. Tá siad ag díriú ar a chinntiú go bhfaigheann scoláirí eispéireas sa teicneolaíocht, sa chomhoibriú, sa nuálaíocht, sa smaointeoireacht chruthaitheach agus sa bhfiontraíocht ar bhealach feidhmeach praiticiúil teagmhálach. Tá an bhraisle ag díriú go príomha ar úsáid a bhaint as fadhbanna an fhíorshaoil chun dúshlán a chur roimh na scoláirí réitigh theicniúla nuálacha a chruthú a bheidh dírithe ar tháirgí.
In Iarthar Chorcaí, i gcomhar le hIonad Tacaíochta Oideachais Iarthar Chorcaí; Tháinig Bunscoil Mhuire agus Scoil Náisiúnta Buachaillí Ardach le chéile le Meánscoil Chnoc Mhichíl ar thuras fuaime agus amhránaíochta. Tugadh deiseanna iontacha do dhaltaí na dtrí scoil aithne a chur ar gach dá mbaineann le ceol, ón smaoineamh go dtí an léiriú. Trí shraith ceardlann a d'éascaigh gairmithe speisialaithe i scríobh amhrán, in amhránaíocht ghrúpa, i gceol agus teicneolaíocht, i dtaifeadadh fuaime, i soilsiú agus i ndearadh seit/físeáin, tá múinteoirí agus daltaí na dtrí scoil ag dul i dtaithí ar roinnt gnéithe éagsúla i dtionscal an cheoil. Tá na daltaí ag comhoibiú ar dheiseanna chun a gcuid buanna/smaointe a fhorbairt, a roinnt agus a mhéadú le chéile. Is é an ghné dheireanach den tionscadal Braislí Cruthaitheacha seo ná aithris/léiriú/taifeadadh ina dtabharfar deis do na daltaí gach rud atá foghlamtha acu le dhá bhliain anuas a thaispeáint.
Tá sé mar aidhm ag Ciste Sármhaitheas Scoile na Roinne Oideachais sármhaitheas agus nuálaíocht inár scoileanna a spreagadh agus a aithint. Cabhróidh an tionscnamh seo le seachadadh a dhéanamh ar an gcolún Óige Chruthaithí d'Éire Chruthaitheach, rud a leagann amach gealltanas go mbeidh rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, ar thaithí agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, sna healaíona agus sa chódú.
Beidh tuilleadh eolais ar fáil ó nasc suíomh Roinne a bheidh anseo
Beidh an próiseas iarratais ar oscailt ón 21 úMárta 2022 go dtí an 13ú Bealtaine 2022.
Braislí Cruthaitheacha – Ciste Sármhaitheas Scoile
Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é Braislí Cruthaitheacha, arna stiúradh ag Lárionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann (ESCI) agus i gcomhar leo. Soláthraíonn Braislí Cruthaitheacha rochtain do scoileanna ar dhaoine cruthaitheacha, scileanna agus acmhainní a thacóidh leo leas a bhaint as a gcuid scileanna agus eispéiris féin agus astu siúd atá laistigh dá bpobail níos leithne. Is tionscnamh é Braislí Cruthaitheacha faoi Óige Chruthaitheach – Plean chun Cumas Cruthaitheach gach Linbh agus Duine Óig a Chumasú, a foilsíodh i mí na Nollag 2017 mar chuid den Chlár Éire Chruthaitheach.
Is clár cúig bliana é an Clár Éire Chruthaitheach a nascann daoine, cruthaitheacht agus folláine. Is clár cultúir agus folláine uile-rialtais é a spreagann daoine, áiteanna agus pobail agus a chuireann athrú orthu trí chruthaitheacht. Is tionscnamh uile-rialtais, cultúr-bhunaithe é a leagann béim ar an tábhacht atá le cruthaitheacht an duine ar mhaithe le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin ar fad. Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá i gceannas air. Tá an clár bunaithe ar an gcreideamh go bhfuil cumas cruthaitheach ag gach duine, a gcuireann a fhorbairt lena bhfolláine phearsanta chomh maith le folláine ghinearálta ár bpobal.
Tá cúig cholún ag an gclár:
1. Ár nDaoine Óga
2. Ár bPobail
3. Ár mBonneagar Cultúir agus ár mBonneagar Cruthaitheach
4. Ár dTionscail Chruthaitheacha
5. Ár gClú Domhanda
An Óige Chruthaitheach – an plean do Cholún 1
I mí na Nollag 2017, seoladh Óige Chruthaitheach – Plean chun Cruthaitheacht Gach Linbh agus Duine Óig a Chumasú. Is í an phríomhaidhm ná tiomantas an Rialtais a sheachadadh chun a chinntiú go bhfuil rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, ar thaithí agus ar rannpháirtíocht sa cheol, sa drámaíocht, sna healaíona agus sa chódú. Leagtar amach sa phlean Óige Chruthaitheach réimse tionscnamh a dhéanfar a phíolótú agus a chur i bhfeidhm sna blianta atá le teacht. Áirítear orthu Comhpháirtíochtaí Áitiúla Cruthaitheacha Óige. Is príomh-chomhpháirtithe iad an Roinn Oideachais, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Roinn Comhionannais, Leanaí, Míchumais, Imeasctha agus Óige agus an Chomhairle Ealaíon i seachadadh Óige Chruthaitheach.
An Ciste Sármhaitheas Scoile
Tionscnamh sa Chlár don Rialtas is ea an Ciste Sármhaitheas Scoile chun sármhaitheas agus nuálaíocht inár scoileanna a spreagadh agus a aithint. Tá an Ciste Sármhaitheas Scoile ag feidhmiú i réimsí éagsúla. Áirítear orthu:
SEF – Creative
SEF – DEIS
SEF – Digital
SEF – Gaeltacht
SEF – STEM
SEF – Step Up