Athruithe déanta ag an Aire Donohoe ar an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail chun cabhrú le printísigh atá i mbun oiliúna lasmuigh den láthair oibre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Máirt) dheimhnigh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, go ndéanfar athrú ar an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail (SSFT) chun cabhrú le tuarastal na bprintíseach sin a bhí i mbun tréimhse oiliúna blocscaoilte i mí Feabhra i mbliana a íoc.
Baineadh go leor printíseach, cé go raibh a gcaidreamh fostaíochta fós slán, de phárolla a bhfostóra go sealadach ar an 29 Feabhra (príomhchoinníoll le haghaidh incháilitheachta do SSTF) le linn dóibh a bheith i mbun tréimhse blocscaoilte dá n-oiliúint rangbhunaithe. Dá thoradh, níl a dtuarastail san áireamh i ríomh an fhóirdheontais fostóra.
Chinn an tAire go mbeidh téarmaí SSFT á leasú ionas go mbeidh fostóirí in ann tairbhe a bhaint as an scéim le haghaidh printíseach sa chatagóir thuasluaite.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cleachtadh de lámh chun glanphá seachtainiúil ar an meán a ríomh le haghaidh na bhfostaithe seo chun suim an SSFT a oibriú amach.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe inniu,
“Tá mé sásta go bhfuil bonn cuí leis na printísigh ábhartha a chur san áireamh ionas go mbeidh a dtuarastal a áireamh i ríomh fhóirdheontas an fhostóra faoi SSFT ar fhorais chothroime agus tá mé sásta an t-athrú seo a fhógairt inniu.”
Beidh na hathruithe seo i bhfeidhm ón 26 Márta 2020, dáta fillte na fostaíochta nó an dáta ar chláraigh an fostóir don scéim, cibé acu is déanaí.
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Soláthraíonn SSFT fóirdheontas ón Rialtas d’fhostóirí chun cuid dá mbille tuarastail a chlúdach in imthosca ina raibh tionchar diúltach ag éifeachtaí na srianta a mb’éigean iad a thabhairt isteach chun stop a chur le scaipeadh víreas COVID-19 ar a ngnó.
Tá an tsuim a fhaigheann an fostóir bunaithe ar na fostaithe sin a bhí ar an bpárolla ar an 29 Feabhra 2020, an tuarastal glan a fuair fostaithe den chineál sin in Eanáir agus Feabhra 2020, mar aon le cumas an fhostóra leanúint lena (h)oibleagáid dhlíthiúil tuarastal a f(h)ostaithe a íoc.
Tá na critéir seo ag croílár na riachtanas le haghaidh SSFT. Tá athrú le cur i bhfeidhm ar an scéim, áfach, chun rochtain ar SSFT a cheadú do phrintísigh a bhí i mbun tréimhse blocscaoilte óna bhfostóirí chun críche oiliúna in Eanáir/Feabhra 2020, agus nach raibh, dá réir sin, ar phárolla a bhfostóra ar an dáta ábhartha (an 29 Feabhra 2020).
Ag deireadh Eanáir 2020, bhí thart ar 18,000 printíseach cláraithe sa Stát. De réir sonraí atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna (ROS), scaoileadh 2,000 de na daoine seo ó oiliúint lasmuigh den láthair oibre ag deireadh Mhárta (agus bhí liúntais oiliúna á bhfáil ó ROS acu i rith na tréimhse seo). Tá 2,700 duine breise sannta d’oiliúint lasmuigh den láthair oibre fós agus tá sé beartaithe go mbeidh 300 de na printísigh seo scaoilte ón oiliúint lasmuigh den láthair oibre gach mí.
Braitheann dul chun cinn printíseachta ar chumas an oiliúnaí tabhairt faoina c(h)lár oibre oideachasbhunaithe agus measúnuithe, agus dá réir sin, tá sé riachtanach gur féidir le hoiliúnaí caidreamh fostaíochta a chothabháil lena f(h)ostóir ábhartha. Cabhróidh an t-athrú atá fógartha ar SSFT leis an bpríomhchuspóir seo a bhaint amach.
Chomh maith leis sin, tá roinnt forbairtí oibríochtúla a bhaineann le SSFT á bhfógairt ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu.