Preasráitis
Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 29 Samhain 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 2 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,052 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 28 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 299 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 72,241 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 2pm inniu, tá 257 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 30 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 7 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH