Osclaítear comhairliúchán poiblí ar Threochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia na hÉireann
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide comhairliúchán poiblí ar dhréacht-Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhaíl Bia inniu. Leagfar amach sa Treochlár sraith gníomhaíochtaí – d'fhonn na dramhaíle bia a laghdú faoina leath faoi 2030.
Is fadhb dhomhanda í dramhaíl bia a bhfuil iarmhairtí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha aici. Baineann fás, próiseáil agus iompar bia go léir úsáid as acmhainní suntasacha. Gintear dramhaíl bia mar thoradh ar roinnt cúiseanna, ag pointí éagsúla i slabhra an tsoláthair bia. I measc na bpointí seo tá: táirgeadh príomhúil; déantúsaíocht agus próiseáil; bialanna agus seirbhísí bia; miondíol agus dáileachán; agus inár dtithe.
Measann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) gur ghin Éire thart ar 1.1 milliún tona de dhramhaíl bia in 2019.
Tá dul i ngleic le dramhaíl bia ar cheann de na príomhchéimeanna is féidir linn a ghlacadh ar mhaithe le hinbhuanaitheacht a bhaint amach, chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac, agus chun tacú leis an gclaochlú chuig geilleagar ciorclach. Tá Éire tiomanta a dramhaíl bia a laghdú faoi 50% faoi 2030 – ar aon dul le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is céim thábhachtach é forbairt an Treochláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia, a chabhróidh lenár n-iarrachtaí a stiúradh i dtreo na sprice seo.
Tá forbairt Treochláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia san áireamh ina ghealltanas i bPlean Gníomhaíochta Dramhaíola na hÉireann do Gheilleagar Ciorclach agus i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 an Rialtais.
Ag trácht dó ar oscailt an chomhairliúcháin, dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Cumarsáid agus Geilleagar Ciorclach, Ossian Smyth TD:
"Is gníomh ar son na haeráide é dramhaíl bia a chosc agus is féidir le cách tabhairt faoi, mar chuid dár n-iompar laethúil. Tá ról le himirt ag gach duine, gach teaghlach, gach gnó agus gach eagraíocht.
"Tabharfaidh Treochlár Náisiúnta na hÉireann um Chosc ar Dhramhaíl Bia gníomhaíocht maidir le dramhaíl bia a chosc le chéile, ar fud na bpríomhearnálacha i slabhra an tsoláthair bia, ar bhealach comhleanúnach. Cuirfidh sé bealach ar fáil chun an sprioc maidir le dramhaíl bia a laghdú faoi 50% faoi 2030 a bhaint amach."
I measc na bpríomhréimsí fócais sa dréacht-treochlár tá sonraí bonnlíne na hÉireann maidir le dramhaíl bia a bhunú, as a mbeidh sé mar aidhm againn ísliú 50% a bhaint amach faoi 2030. Beidh na sonraí bonnlíne seo mar bhonn eolais freisin faoin gcaoi a leagfaimid síos ár spriocanna eatramhacha.
Leagtar amach sa dréacht-treochlár an chaoi a ndéanfaimid dramhaíl bia a thomhas agus a thuairisciú anuas air sin. Leagtar amach ann gníomhaíochtaí maidir leis an méid seo a leanas: leithscaradh dramhbhia; tabhartas bia; taighde; agus cumarsáid a chabhríonn le teaghlaigh dramhaíl bia a sheachaint. Breathnaítear sa dréacht-treochlár freisin ar na céimeanna móra is féidir leis an bpobal a thógail ag baint leas as cleachtais soláthair fheabhsaithe chun dramhaíl bia a sheachaint.
Is féidir leis an bpobal agus na páirtithe leasmhara a gcuid aighneachtaí maidir leis an dréacht-Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia a chur isteach. Is é 5.30pm Déardaoin, an 24 Márta 2022 an t-am deiridh agus an dáta deiridh d'aighneachtaí.
Féach an nasc seo a leanas chun tuilleadh eolais a fháil ar conas aighneacht a dhéanamh.
CRÍOCH
Leagtar amach sa dréacht-Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirtear Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bia GCC (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil) i bhfeidhm tríd an gClár Geilleagair Chiorclaigh 2021-2027. Oibríonn an clár thar thrí phríomhréimse a bhaineann le: Teaghlach; Slabhra Soláthair; agus Fáilteachas. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
Tá treoir agus leideanna maidir le dramhaíl bia tí a chosc ar fáil tríd an bhfeachtas náisiúnta: stopfoodwaste.
Tá eolas agus treoir chun tacú le gnólachtaí dramhaíl bia a laghdú ar fáil ó Cairt na hÉireann um Dhramháil Bia. Is tionscnamh náisiúnta é seo atá faoi stiúir GCC.