Tús curtha le ceaduithe a eisiúint d'fheirmeoirí i scéim agra-chomhshaoil Sciar 2 ACRES
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil tús curtha le heisiúint ceaduithe faoi Sciar 2 den Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES).
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire:
“Tar éis dom deimhniú a fháil an mhí seo caite go nglacfaí le gach iarratas bailí ar Sciar 2 de ACRES, tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha anois le heisiúint litreacha ceaduithe chuig níos mó ná 2,300 iarratasóir de Chomhar ACRES. Toisc go bhfuil sé mar thosaíocht ag feirmeoirí a bheith ar an eolas a luaithe is féidir ar glacadh lena n-iarratas, beidh an fógra ar fáil ar chuntais AgFood ar an gcéad dul síos inniu, agus beidh litreacha foirmiúla le teacht go luath. Táthar ag súil go gcuirfear tús le ceaduithe maidir le hiarratais bhailí ar an gcur chuige Ginearálta ACRES sna laethanta amach romhainn.”
Dúirt an tAire McConalogue freisin:
“Is 55,000 rannpháirtí a bheidh mar líon iomlán sa Scéim, agus ceaduithe do Sciar 2 de ACRES á n-eisiúint. Is ionann é seo agus méadú 10% ar an leibhéal rannpháirteachais thar an méid a samhlaíodh ar dtús, rud atá ina léiriú an-dearfach ar leibhéal spéise feirmeoirí i mbearta agra-chomhshaoil agus aeráide, agus ciallóidh sé, mar shampla, go mbeidh limistéar breise de thart ar 100,000 heicteár mar ghníomh comhshaoil fiúntach anois. Bhí lúcháir orm dá bhrí sin go raibh mé in ann gach iarratasóir a áireamh sa scéim.”
Ag tagairt do na ceaduithe Comhar ACERS, thug an tAire le fios gurb é an chéad chéim eile sa phróiseas scórchártaí a shannadh - ag Foirne de chuid Thionscadal Comhar ACRES (TC) ina gcriosanna faoi seach - do na gabháltais ábhartha chun gur féidir le comhairleoirí scór a thabhairt do thailte i rith mhíonna an tsamhraidh.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Bíodh is go bhfuil na rannpháirtithe féin freagrach as tailte a bhainistiú agus as gníomhartha a chur i gcrích faoi ACRES, tá ról lárnach ag Foirne TC agus comhairleoirí talmhaíochta i gcur i bhfeidhm na Scéime, agus táim ag tnúth lena n-ionchur leanúnach le go gcuirfear ACRES i gcrích go rathúil.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Is comhpháirtíocht é comhbheartas talmhaíochta an AE (CBT) idir an tsochaí agus an talmhaíocht a chinntíonn soláthar seasmhach beatha, a chosnaíonn ioncam na bhfeirmeoirí, a chosnaíonn an timpeallacht agus a choinníonn ceantair thuaithe beo bríomhar. Cuireann tíortha an AE an CBT i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT don tréimhse 2023-2027.
Is í an Scéim Timpeallachta Agra-Aeráide Tuaithe (ACRES) an beart aeráide agra-chomhshaoil faoi Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
Tá an Scéim cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
Tá dhá chur chuige laistigh den Scéim:
o ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta de réir mar atá sainmhínithe do chur chuige Comhoibrithe ACRES thíos), a thairgeann réimse beart (treoir agus bunaithe ar thorthaí araon); agus
o comhoibriú ACRES, atá ar fáil d'fheirmeoirí i limistéir shainithe gheografacha ardtosaíochta.