Osclaíonn na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon céim 2 den Chlár um Shampláil agus Anailís Ithreach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag eascairt as an bhfógra faoi Bhuiséad 2024, tá an tAire Talmhaíochta Bia, agus Mara, Charlie McConalogue T.D., an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aici maidir le hÚsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige maidir le Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaidh Nua, Martin Heydon T.D. ag oscailt chéim 2 den Chlár um Shampláil agus Anailís Ithreach le haghaidh iarratas.
Agus an Clár á fhógairt aige, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil céim a dó den chlár um shampláil agus anailís ithreach á oscailt d'fheirmeoirí. Ba é an clár píolótach tosaigh a thug mé isteach an clár anailíse ithreach is cuimsithí a rinneadh riamh sa tír seo le hanailís déanta ar breis is 90,000 sampla agus 7,500 feirmeoir páirteach ann. Tógfaidh céim a dó ar an rath seo anois trí fhaisnéis luachmhar a sholáthar d'fheirmeoirí le bheith ina bonn faisnéise do chinntí a chuireann sláinte a gcuid ithreacha chun cinn. Tá bainistíocht chothaitheach agus sláinte ithreach lárnach maidir le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a bhaint amach ar fheirmeacha agus mar sin is ardtosaíochtaí iad do mo Roinn agus is cuid dár ngealltanais sa Chlár Rialtas iad.”
Tá an Clár seo dírithe ar shláinte na hithreach, torthúlacht na hithreach agus carbón na hithreach a chur i gcroílár ár múnla talmhaíochta amach anseo. D'fhéadfadh céim 2 90,000 sampla eile a thógáil ó fheirmeacha ar fud na tíre.
Leis an gClár, beifear in ann faireachas níos fearr a dhéanamh ar Fhrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach (AMR) ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach trí scagadh a dhéanamh chun ESBL E. coli. a aimsiú. Cuirfidh sé seo le tuiscint ar ról na hithreach i scaipeadh AMR. Éascóidh torthaí an chláir tuilleadh forbartha ar straitéisí maolaithe agus srianta chun aghaidh a thabhairt ar AMR laistigh d’fhócas Aon Sláinte.
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit, Pippa Hackett roimh an bhfógra freisin. Dúirt an tAire Hackett
“Is éiceachórais chasta iad ithreacha a chomhlíonann feidhmeanna iontacha, agus méadóidh an clár seo feasacht agus tuiscint feirmeoirí ar a gcuid ithreacha, rud a ligfidh dóibh cinntí bainistíochta níos spriocdhírithe a dhéanamh ar a ngabháltais. Tosaíonn nócha a cúig faoin gcéad den bhia a ithimid leis an ithir agus tá sé tábhachtach go leanann feirmeoirí ag díriú ar fheabhas a chur ar airíonna fisiceacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha a n-ithreacha ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh le bia cothaitheach d'ardchaighdeán a tháirgeadh agus le seirbhísí éiceachórais eile a sheachadadh”.
Dúirt an tAire Martin Heydon freisin,
“Cuireann an infheistíocht seo leis na glaonna taighde a rinne mé anuraidh agus arís le míonna beaga anuas maidir le hithreacha. Tá áthas ar leith orm go bhfuilimid ag leanúint lenár bhfaireachas náisiúnta ar Fhrithsheasmhacht Fhrithmhiocróbach in ithreacha a fhorbairt agus go bhfuil tástáil chun ESBL a tháirgeann E. coli a aimsiú san áireamh sa Chlár”.
Beidh an Clár um Shampláil agus Anailís Ithreach ar oscailt d’fheirmeoirí ar fud na tíre agus tá liosta iomlán na gcritéar incháilitheachta le fáil sna Téarmaí agus Coinníollacha.
Is féidir iarratais a dhéanamh anois ar www.agfood.ie agus tá sonraí iomlána ar fáil anseo.
Is é an 30 Deireadh Fómhair 2023 an dáta deiridh le haghaidh iarratais na bhfeirmeoirí faoin gclár.
CRÍOCH