Téann an tAire Sláinte ar aghaidh le ról feabhsaithe do chógaiseoirí tar éis an chéad mholadh ón Tascfhórsa Saineolaithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD pleananna chun cur ar chumas cógaiseoirí síneadh a chur le bailíocht oideas ón uastréimhse reatha sé mhí go 12 mhí, i mbeart a chuirfidh feabhas ar chúram agus rochtain othar.
Leis an mbeart nua, a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Márta 2024, beidh oideasóirí in ann oidis a scríobh a bhfuil uasbhailíocht 12 mhí acu, más mian leo.
Tagann an fógra seo sna sála ar ghlacadh an Aire leis an gcéad mholadh ón Tascfhórsa Saineolaithe atá ag scrúdú an leathnú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar ról na gcógaiseoirí.
Cuideoidh an beart nua leis an ngá atá le coinní dochtúirí teaghlaigh a laghdú do go leor grúpaí othar trína chinntiú gur féidir leo siúd atá cobhsaí ar chógas leas a bhaint as síneadh ar a n-oideas suas le 12 mhí ar a mhéad san iomlán, má mheasann cógaiseoir go bhfuil sé sábháilte agus cuí é sin a dhéanamh.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm glacadh leis an gcéad mholadh ón Tascfhórsa Saineolaithe, moladh a aithníonn gur gairmithe cúraim sláinte ardoilte iad cógaiseoirí a bhfuil ról ríthábhachtach acu inár seirbhís sláinte.
"Trí bhailíocht dhlíthiúil oidis a leathnú, laghdófar an t-éileamh ar chleachtais dochtúirí teaghlaigh agus tabharfar raon feidhme cleachtais níos fearr do chógaiseoirí a rachaidh chun tairbhe an othair ar deireadh thiar.
"Cuirfidh go leor othar fáilte roimhe seo a bheidh in ann leanúint ar aghaidh le cógais gan gá le cuairt a thabhairt arís ar dhochtúir teaghlaigh le haghaidh oideas athuair.
"Táim muiníneach go dtosóimid go han-tapa ar na buntáistí a bhaineann leis an mbeart seo a fheiceáil agus táim ag tnúth le moltaí breise a fháil ón Tascfhórsa Saineolaithe chun cógaiseoirí a éascú tuilleadh chun a raon feidhme cleachtais a leathnú."
Bunaithe ag an Aire i mí Iúil, tá an Tascfhórsa ag aithint bealaí chun feabhas a chur ar sheachadadh cúraim otharlárnach agus éascaíocht rochtana ar chúram sláinte a éascú d'othair de réir fhís Sláintecare.
Tá an Tascfhórsa Saineolaithe comhdhéanta de 13 shaineolaí a bhfuil taithí acu ar oideachas agus cleachtas cógaisíochta, beartas agus seachadadh cúram sláinte, agus disciplíní gaolmhara eile.
Cuireadh a chéad tuarascáil faoi bhráid an Aire an tseachtain seo. Cuirfear na bearta chun feidhme ón 1 Márta 2024, rud a fhágfaidh go mbeidh am ann chun na hathruithe reachtacha is gá a chur i gcrích agus chun treoir rialála agus chliniciúil chomh maith le tacaíochtaí oideachais a chur i bhfeidhm.
Leanfaidh an Tascfhórsa ag obair go dlúth le comhghleacaithe na Roinne Sláinte chun dul chun cinn breise a dhéanamh ar leathnú raon feidhme chleachtas na cógaisíochta de réir rochtain fheabhsaithe ar chúram sláinte d'othair.
Maidir le hothair atá cobhsaí ar chógas, beidh siad in ann oidis a fháil
le bailíocht suas le 12 mhí, de rogha an fhorordóra.
Má sholáthraíonn dochtúir nó oideasóir ábhartha eile oideas níos giorra, is féidir leis
an othar freastal ar a gcógaiseoir ansin lena mheasúnú i dtaobh an bhfuil síneadh ar an
oideas, suas le tréimhse dhá mhí dhéag ar a mhéad, oiriúnach go cliniciúil.
Beidh bailíocht 12 mhí ag gach oideas, le roinnt eisceachtaí, agus beidh gach
oideasóir in ann leas a bhaint as seo chun leasa na n-othar, má mheasann siad go bhfuil sé oiriúnach
go cliniciúil.
Ba chóir d'othair a bheith ar an eolas go n-úsáidfidh oideasóirí agus cógaiseoirí a
mbreithiúnas cliniciúil i gcónaí agus cinneadh á dhéanamh maidir le fad oiriúnach na n-oideas. Ní bheidh
cógais áirithe incháilithe le haghaidh síneadh oidis.
Beidh sé de chumhacht ag cógaiseoirí oidis a shíneadh suas le 12
mhí ar a mhéad d'othair má mheasann siad gur cuí sin a dhéanamh. Féadfaidh cógaiseoirí
cinneadh a dhéanamh, tar éis measúnú a dhéanamh, diúltú d'iarratas othair ar shíneadh
oidis.
Eiseoidh an PSI, an Rialálaí Cógaisíochta, treoir do chógaiseoirí.
Cuirfear ar chumas dochtúirí agus oideasóirí ábhartha amhail altraí agus fiaclóirí oidis a scríobh
d'othar a bhfuil bailíocht dhlíthiúil suas le 12 mhí aige, má mheasann siad go bhfuil sé oiriúnach
go cliniciúil.