Molann an Príomhoifigeach Leighis (CMO) agus an Príomhoifigeach Altranais (CNO) do thuismitheoirí smaoineamh ar an vacsaín fliú séasúrach dá leanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Príomhoifigeach Leighis (CMO) an tOllamh Breda Smyth agus an Príomhoifigeach Altranais (CNO) Rachel Kenna ag iarraidh ar thuismitheoirí smaoineamh ar an vacsaín fliú séasúrach dá leanaí de réir mar a ardaíonn cásanna.
Cé go bhfuil líon na gcásanna de Víreas Sincítiach Riospráide (RSV) ag titim tar éis líon ard cásanna 734 a bhaint amach i lár mhí na Samhna, níl séasúr fliú na bliana seo tar éis an buaicphointe a bhaint amach go fóill.
Sa tseachtain go dtí an 27 Samhain, tháinig méadú 16% go 223 ar líon na gcásanna fliú. Bhí an cion is airde de chásanna RSV agus fliú i mbliana i leanaí faoi bhun 5 bliana d'aois, agus ina dhiaidh sin i ndaoine os cionn 65.
Tógann sé thart ar choicís go mbeidh an vacsaín fliú go hiomlán éifeachtach, agus moltar do thuismitheoirí an deis a ghlacadh chun cosaint a leanaí a threisiú roimh an Nollaig.
Fuair níos lú ná 10% de leanaí incháilithe idir 2 agus 17 mbliana d'aois a vacsaín go dtí seo i mbliana. Is beart tábhachtach é vacsaíniú an fhliú chun tinneas a chosc agus chun an brú breise ar ár n-ospidéil a laghdú.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:
“Tá imní orm faoin líon íseal leanaí atá ag glacadh leis an vacsaín fliú.
“Le linn an tséasúir fliú san Astráil le déanaí, b'ionann leanaí agus 60% de dhaoine san ospidéal, agus ba mhaith linn figiúirí den chineál céanna a sheachaint anseo.
“Tá go leor meascadh idirghlúine ann um Nollaig, a gcuirtear fáilte mhór roimhe ar ndóigh, ach tugann sé deis do víris an gheimhridh scaipeadh.
“Trí vacsaín a thabhairt do do leanbh, is féidir leat cabhrú le daoine aosta agus iad siúd atá leochaileach a chosaint. Má dhéanaimid go léir ár gcuid, cabhróidh sé linn gach duine a choinneáil slán an Nollaig seo.
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais Rachel Kenna:
“Is sprae sróine é an vacsaín fliú do leanaí agus is féidir é a riar go tapa agus go héasca ag do dhochtúir teaghlaigh nó ag do chógaslann.
“Mholfainn do gach tuismitheoir smaoineamh ar an vacsaín a fháil dá leanaí. Ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine freisin go bhfuil sé tábhachtach leanúint ar aghaidh ag cleachtadh na bpríomh iompraíochtaí a chuireann cosc ar scaipeadh víris gheimhridh, amhail lámha a ghlanach, masc a chaitheamh ar iompar poiblí agus béasaíocht riospráide mhaith a chleachtadh."