Comhdháil um Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí 2024 – 8ú Bealtaine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí 2024, tá comhdháil á reáchtáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun aird a tharraingt ar an gcaoi ar féidir le gach duine againn ár gcion a dhéanamh maidir le sláinte plandaí a chosaint.
D'ainmnigh na Náisiúin Aontaithe an 12 Bealtaine mar Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí chun feasacht dhomhanda a ardú maidir le conas is féidir le sláinte plandaí a chosaint cabhrú le deireadh a chur le hocras, bochtaineacht a laghdú, bithéagsúlacht agus an timpeallacht a chosaint agus borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíoch.
Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht le freagracht speisialta as Gairneoireacht sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara:
“Is cuid den saol laethúil í an trádáil idirnáisiúnta agus go deimhin is cuid lárnach í dár ngeilleagar agus dár sochaí i saol an lae inniu. Níl aon teorainneacha ag lotnaidí plandaí, agus is féidir le trádáil tabhairt isteach agus leathadh lotnaidí plandaí a éascú, rud a chuireann slándáil bia, bithéagsúlacht agus an timpeallacht níos leithne i mbaol. Is deis iontach é Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le sláinte plandaí, agus ar na gníomhartha is féidir linn a dhéanamh agus a dhéanaimid chun ár bplandaí a choinneáil sláintiúil agus slándáil bia agus trádáil shábháilte a chinntiú do gheilleagair inbhuanaithe, slite beatha agus timpeallachtaí nádúrtha.”
I measc na rannpháirtithe sa phlé tá Sam Bishop, Ceann an bheartais Idirnáisiúnta um Shláinte Plandaí agus Beach, an Roinn Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, an Ríocht Aontaithe, Gary Healy, Stiúrthóir Gnóthaí Rialála, Coillte, Colette O’Flynn, Oifigeach Speiceas Ionrach, an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus Kieran Dunne, L&K Dunne Nurseries a ghlac páirt i bplé painéil ar pheirspictíochtaí reatha agus amach anseo maidir le sláinte plandaí agus bithshlándáil.
Chuala na daoine a bhí i láthair ag an ócáid ó réimse sainchainteoirí maidir le cur chuige na Roinne i leith sláinte agus bithshlándáil plandaí lena n áirítear réamh mheas riosca, bainistíocht agus faireachas riosca, feasacht riosca agus cumarsáid agus trádáil shábháilte. Bhí deis uathúil ag an lucht freastail turas a thabhairt ar an bPost Rialaithe Teorann ag Calafort Bhaile Átha Cliath chun áiseanna cigireachta sláinte plandaí na Roinne agus baill foirne a dhéanann rialuithe allmhairiúcháin a fheiceáil go pearsanta.
Thug Ambasadóir Dea Thola FAO go hÉirinn, Diarmuid Gavin óráid deiridh ina ndúirt sé
“Tagann 80% dár mbia agus 98% den ocsaigin a análaímid ó phlandaí. Mar sin féin, tá bagairtí ó lotnaidí agus ó ghalair atá níos measa mar gheall ar thaisteal idirnáisiúnta, trádáil agus athrú aeráide ag baint leis na hacmhainní cothaitheacha saoil seo. Tá sé ríthábhachtach sláinte plandaí a chosaint chun táirgiúlacht, brabúsacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht na gcóras bia talmhaíochta a fheabhsú. Tá ról againn go léir chun ár bplandaí a choinneáil sláintiúil.”
Iarrann Lá Idirnáisiúnta Sláinte Plandaí 2024 ar gach duine aird a tharraingt ar fheasacht agus gníomhú chun ár bplandaí a choinneáil sláintiúil agus cabhrú leis an timpeallacht agus leis an mbithéagsúlacht a chosaint.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is é an téama atá leagtha síos ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe ná “Sláinte plandaí, trádáil shábháilte agus teicneolaíocht dhigiteach”.
Ceapadh Diarmuid Gavin ina Ambasadóir Dea Thola FAO d’Éirinn i mí na Bealtaine 2022. Mar Ambasadóir Dea Thola, cabhraíonn Diarmuid le FAO sláinte plandaí a chur chun cinn agus poiblíocht a thabhairt don tábhacht a bhaineann le húsáid inbhuanaithe éiceachóras talún a chur chun cinn agus dul i ngleic leis an athrú aeráide trí chleachtais níos éifeachtúla, níos cuimsithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe ar féidir tús a chur leo i ngairdíní nó i mboscaí fuinneoige an phobail.