Rialacha stuamachta nua an Aontais Eorpaigh do ghnólachtaí infheistíochta sínithe sa dlí náisiúnta ag an Aire Donohoe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Shínigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, T.D., I.R. 355 de 2021 agus I.R. 356 de 2021 chun trasuí páirteach Threoir (AE) 2019/2034 (an Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta nó an TGI) agus cur chun feidhme Rialachán (AE) 2019/2033 (an Rialachán maidir le Gnólachtaí Infheistíochta nó RGI) a chur i gcrích i ndlí na hÉireann. Tháinig na rialacháin i bhfeidhm an lá a síníodh iad, an 21 Meán Fómhair 2021.
Cuireann TGI agus RGI creat stuamachta nua i bhfeidhm do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais (MiFID II). Mar sin féin, fanfaidh gnólachtaí infheistíochta sistéamacha faoi cheanglais stuamachta na Treorach agus an Rialacháin maidir le Ceanglais Chaipitil (TCC/RCC).
Cé go dtugann IR 355 de 2021 éifeacht d’fhormhór mór na bhforálacha in TGI, tá Airteagal 62(6) den TGI fós le trasuí i ndlí na hÉireann. Cuireann Airteagal 62(6) Airteagal 8a nua isteach in TCC agus go bunúsach ceanglaítear ar na Ballstáit oibleagáid a fhorchur ar ghnólachtaí móra infheistíochta sistéamacha áirithe (Gnólachtaí Aicme 1) chun ath-údarú a dhéanamh mar fhorais chreidmheasa. Cuirfidh an Roinn Airgeadais críoch leis an obair, a luaithe is féidir, chun próiseas ath-údaraithe a bhunú sa reachtaíocht do na gnólachtaí infheistíochta sin a bhfuil sé de cheangal orthu ath-údarú a dhéanamh mar fhorais chreidmheasa.
CRÍOCH