Críochnaíonn an tAire McConalogue Misean Trádála na Cóiré le sraith cruinnithe tráchtála
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Molann an tAire rath Flahavans agus cáilíocht earnáil curaíochta na hÉireann
Ar a tráthnóna deiridh sa Chóiré, lean an tAire McConalogue lena chlár cruinnithe le cliantchuideachtaí Bhord Bia agus lena gcustaiméirí.
Bhí áthas ar leith ar an Aire McConalogue bualadh le Flahavans atá anois ar cheann de na brandaí is mó mhin choirce sa Chóiré Theas agus is sampla iontach é de scéal ratha Éireannach sa tír.
Luaigh an tAire McConalogue,
“Cuidíonn curaíocht in Éirinn go mór lenár n-earnáil bia agus dí, ag táirgeadh comhábhair ar ardcháilíocht ar nós an choirce a úsáideann Flahavans. Bhí áthas orm an rath a bhí ar Flavahans ar roinnt bealaí éagsúla a fheiceáil.
“Mar bhall de bhunaitheoirí Origin Green tá a gcuid oibre agus a ngníomhaíochtaí chun a bheith níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch de deimhnithe trí thomhas, iniúchadh agus cigireacht. Soláthraíonn Origin Green dearbhuithe do chustaiméirí Flahavans ar fud an domhain maidir lena dtiomantas don inbhuanaitheacht. Cuidíonn an táirge go hiomlán orgánach seo lenár spriocanna orgánacha a bhaint amach chomh maith.”
Dúirt Jim O’Toole, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia
“Tá rath iontach bainte amach ag Flahavans sa Chóiré. Aithnítear an branda mar rogha shláintiúil agus folláin, agus mar Bhall Óir den chlár Origin Green, tá Flahavans in áit iontach chun bia Éireannach inbhuanaithe ar ardcháilíocht a sholáthair do thomhaltóirí na Cóiré. Rinne Bord Bia taighde margaidh le déanaí chun tuiscint níos fearr a fháil ar bhealaí nua do theaghlaigh na Cóiré taitneamh a bhaint as táirgí bunaithe ar choirce. Tá an léargas seo á úsáid ag Flahavans chun a n-uaillmhianta fáis amach anseo a chur chun cinn.”
Chuir sé seo deireadh le misean trádála an-rathúil, lenar áiríodh príomhchruinnithe polaitiúla agus trádála thar raon earnálacha lena n-áirítear feoil, coirce, eachaí, bia ainmhithe agus agraitheicneolaíocht.
Leanann an obair chun onnmhairiú agraibhia na hÉireann a chur chun cinn san Áis an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an tAire Martin Heydon i gceannas ar mhisean trádála suntasach go dtí an Mhalaeisia agus na hOileáin Fhilipíneacha