Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí- 29 Feabhra 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi chás deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Tá cúram leighis cuí á fháil anois ag an othar, ar fear é a chónaíonn sa chuid thoir den tír. Rinneadh an t-othar a shainaithint agus a thástáil ar aon dul leis na prótacail atá ar bun le haghaidh cásanna amhrasta Covid-19 a imscrúdú.
Is le taisteal ó limistéar i dtuaisceart na hIodáile atá thíos leis an víreas, seachas teagmháil le cás deimhnithe eile, a bhaineann an cás.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte: “Bhíothas ag súil leis go dtiocfadh cás chun cinn. Táimid ag ullmhú dó sin le seachtainí fada anuas.
“Tá prótacail sláinte poiblí i bhfeidhm ó mhí Eanáir amach agus tá siad ag oibriú go héifeachtach.
“Tá an tseirbhís sláinte dea-chleachta le galair aicídeacha a bhainistiú agus tá bearta láidre freagartha i bhfeidhm aici.”
Dúirt an Dr John Cuddihy, Stiúrthóir an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte:
“Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh an t-othar i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil ísealriosca ann go dtarchuirfear an víreas trí theagmháil fhánach.”
Leatar Covid-19 trí dhlúth-theagmháil leis na sreabháin choirp ó dhuine ionfhabhtaithe (e.g. braonáin ó chasacht nó sraoth a dhéanamh) nó trí dhromchlaí a ndearna duine ionfhabhtaithe casacht nó sraoth orthu a thadhall.
Moltar do dhaoine den phobal cloí le comhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun a sláinte féin a chosaint.
Aon duine a bhfuil imní air/uirthi go bhfuil siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú ó dhaoine eile agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.
CRÍOCH
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe: