Seoladh chéad chlár cultúrtha Lá Fhéile Bríde chun mná na hÉireann a cheiliúradh
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu fógraíodh clár iontach imeachtaí cultúrtha a bheidh ar siúl sna Forais Náisiúnta Cultúir mar aitheantas ar an gcéad Saoire Bainc le haghaidh lá Fhéile Bríde/Imbolc. Mar an chéad lá saoire poiblí in Éirinn a ainmníodh as bean, cuirtear deis uathúil ar fáil ar Lá Fhéile Bríde aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag mná i stair, cultúr agus sochaí na hÉireann.
I miotaseolaíocht na gCeilteach, ba bhandia triarach í Bríd – bandia leighis, tine, agus filíochta – agus bhí roinnt de na ceangail chéanna ag an naomh Críostaí a ghlac a hainm, a rugadh sa bhliain 450 AD, mar phátrún na bhfilí agus na mban cabhrach. Mar sin, cuirtear deis iontach ar fáil ar an lá saoire bainc seo chun ról na mban a aithint trínár n-ealaíon agus oidhreacht chultúrtha.
D’eagraigh na Forais Náisiúnta Cultúir clár iontach imeachtaí thar an deireadh seachtaine fada. Áirítear leis seo taispeántais i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus san Ard-Mhúsaem ina ndéantar ceiliúradh ar shaothar ban-ealaíontóirí agus ban-cheannródaithe polaitiúla na hÉireann. Osclóidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Gotach, taispeántas iardhearcach le healaíontóir clúiteach Éireannach Patricia Hurl i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann. Seo an chéad cheann i sraith de thaispeántais aonair i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann a dhíreoidh ar bhan-ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta i rith na bliana.
Cuirfidh Ard-Mhúsaem na hÉireann – Dún Uí Choileáin Bonnets, Bandoliers and Ballot Papers i láthair freisin, ina dtabharfar léargas uathúil ar ról na mban a bhí ag athrú sa chéad leath den 20ú haois trí lionsa na ndéantán sa bhailiúchán. Níl iontu seo ach rogha de na himeachtaí iomadúla a bheidh ar siúl sna Forais Náisiúnta Cultúir, agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na n-institiúidí aonair.
Eagróidh na húdaráis áitiúla raon imeachtaí pobalbhunaithe mar chuid dá Straitéisí Cultúir agus Cruthaitheachta faoi Éire Ildánach i nGaillimh, Ciarraí, Lú, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Cill Dara ina mbeidh féilte, léirithe, ceardlanna, léachtaí agus taispeántais solais. Mar chuid de Herstory Light Show déanfar roinnt sainchomharthaí áitiúla a shoilsiú le healaín a spreag Bríd agus na bandéithe Éireannacha in áiteanna ar fud na hÉireann. Nochtfar clóca ollmhór Shliabh na mBan a d’ullmhaigh mná áitiúla i dTiobraid Árann agus bheartaigh Comhairle Chontae Chill Dara clár imeachtaí ina ndéanfar ceiliúradh ar a naisc uathúla le Naomh Bríd.
Anuas air sin, beidh Herself – ‘tionscadal teilgin’ poiblí ar mhórscála – le feiceáil i nGaillimh ar an 4 Feabhra. I gcomhar le grúpaí pobail áitiúla, d’aithin na healaíontóirí Shona MacGillivray agus Jill Beardsworth mná a bhfuil na buanna céanna acu ina saolta agus ina saothar a deirtear go raibh ag Bríd. Rinneadh portráidí aonair atá in ann bogadh de gach bean a scannánú agus a leagan amach le híomhánna ina léirítear na tréithe atá acu a bhí ag Bríd. Déanfar na híomhánna a theilgean le titim na hóiche ar fhoirgneamh an tí cúirte nua-chlasaiceach ar Chearnóg an Ghoirt ar dheireadh seachtaine saoire bainc nua Bhríde. Sa tionscadal léirítear na mná sin a oibríonn go ciúin sa chúlra, ag cothú, ag cosaint, ag fás, ag leigheas, ag éisteacht agus ag cabhrú leis an domhan.
Tá Mná100, príomhchuid de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán i gcomhpháirtíocht le hAmbasáid Éireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha i nDeilí, India, chun píosa gearrscannáin a léiriú ar shaol Margaret Cousins as Ros Comáin. D’oibrigh Cousins ar son cearta vótála, cearta na mban, agus comhionannas inscne in Éirinn agus san India araon. Tugtar léargas sa phíosa seo ar a hoidhreacht bhuan in Éirinn agus san India go dtí an lá atá inniu ann.
Eagróidh roinnt Ambasáidí agus Consalachtaí Éireannacha imeachtaí freisin i mbliana chun ról ceannródaíoch mhná na hÉireann i ngnéithe éagsúla den saol a cheiliúradh. Taispeánfaidh an clár tiomantas na hÉireann don éagsúlacht agus don chomhionannas inscne trí éachtaí na mban a cheiliúradh, agus trí aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht na mban ar fud an domhain.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Táim ag tnúth go mór le chéad saoire bainc Lá Fhéile Bríde, ar a dtugtar Imbolc chomh maith, a fhógraíonn tús an earraigh, tréimhse fáis agus athnuachana. Cuireann sé seo deis uathúil ar fáil machnamh a dhéanamh ar an ról ríthábhachtach a bhí ag mná na hÉireann i dtógáil, i gcothú agus i spreagadh ár náisiúin.
“Táim ag tnúth lena bheith ag obair leis na Forais Náisiúnta Cultúir chun Lá Fhéile Bríde a leabú tuilleadh ina gcláir bhliantúla do 2024 agus amach anseo.”
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar undefined
Lá Fhéile Bríde
Ó 2023 ar aghaidh, cuirfear lá saoire poiblí buan nua ar bun chun Imbolc/Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh. An chéad Luan i mí Feabhra a bheidh ann, ach amháin nuair a thiteann Lá Fhéile Bríde, an chéad lá de mhí Feabhra, ar an Aoine, agus sa chás sin beidh Dé hAoine, an 1 Feabhra ina lá saoire poiblí.
In Éirinn, cuirtear tús leis an Earrach ar an gcéad lá de mhí Feabhra agus déantar Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh. Cosúil le go leor de na féilte eile i bhféilire na hÉireann, bhí trácht ar Bhríd roimh an gCríostaíocht - tá a fréamhacha suite i bhféile Cheilteach Imbolc, féile an bhandé Bríd, a cheiliúradh cúig mhílaoise ar a laghad ó shin. Sa tsean-Ghaeilge, ciallaíonn Imbolc "i mbolg", tagairt do bhreith na n-uan agus an t-athnuachan a tharlaíonn san Earrach.
I miotaseolaíocht na gCeilteach, ba bhandia triarach í Bríd – leighis, tine, agus filíochta – agus bhí roinnt de na ceangail chéanna ag an naomh Críostaí a ghlac a hainm a rugadh sa bhliain 450 AD. Is pátrún na bhfilí agus na mban cabhrach í, agus de réir finscéalta, choinnigh sí tine naofa sa mhainistir a bhunaigh sí i gCill Dara. In éineacht le Naomh Pádraig agus Naomh Colm Cille, tá sí ar dhuine de thriúr pátrún na hÉireann.
Ciallaíonn ainm Bhríde “an té a ardaítear i gcéim”. Agus, le blianta beaga anuas, déantar ceiliúradh le linn a féile ar mhná na hÉireann. Ó Washington go Vársá, Sydney go Santiago, déanann líonra taidhleoireachta na hÉireann, i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla, sraith féilte a óstáil gach Feabhra ina ndéantar ceiliúradh ar na héachtaí a rinne agus a dhéanann mná na hÉireann ar fud an domhain.
Cláir Lá Fhéile Bríde sna Forais Náisiúnta Cultúir
Chester Beatty
Tabharfar Léacht Bhliantúil 2023 in Chester Beatty chun Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh. Cuirfidh an Dr Sara Parks Fragments: Lost Stories of Ancient Women i láthair Dé Céadaoin, an 8 Feabhra 2023 ag 6 i.n. Labhróidh an Dr Parks ar líne ón Albain Nua, Ceanada áit a bhfuil sí ina hOllamh Cúnta le Léann Reiligiúnach, in Ollscoil Naomh Proinsias Xavier.
Gailearaí Ealaíne Crawford
Óstálfaidh Cairde Ghailearaí Ealaíne Crawford Ceardlann Lá Fhéile Bríde le Rosemary Kavanagh ar an 1 Feabhra ag 11 r.n. Tugtar cuireadh duit páirt a ghlacadh i gceardlann uathúil ina ndéanfar ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde agus foghlaimeofar faoi fhíodóireacht chiseáin thraidisiúnta leis an saineolaí Rosemary Kavanagh. Déanfar crosa Naomh Bríd ag úsáid luachra páirce, coigeala na mban sí agus saileach dúchais. Bainfear sult as deochanna agus bácáil bhaile agus sibh ag fíodóireacht i suíomh álainn na leabharlainne. Le haghaidh tuilleadh eolais agus sonraí áirithinte féach ar Eventbrite, le do thoil.
Is féidir le leanaí agus le daoine fásta páirt a ghlacadh i gceardlanna a bhaineann leis na saothair atá ar taispeáint agus a dhíríonn ar théama an fháilteachais. Beidh na ceardlanna ar siúl i Seomra Fada an Ghailearaí, agus beidh rian gníomhaíochta ealaíne ar siúl freisin do leanaí. Déanfar iniúchadh sa rian idirghníomhach seo ar théamaí fáilteachais, gaoise agus cogaíochta Bhríde. Beidh an rian agus an cheardlann ar siúl idir 1:30 i.n. agus 3:30 i.n. Dé Luain, an 6 Feabhra, ní gá áit a chur in áirithe.
Is féidir le cuairteoirí leas a bhaint freisin as turais le saineolaithe ar an mBailiúchán Náisiúnta agus ar thaispeántais, gan aon réamháirithint de dhíth. Eagrófar turas speisialta timpeall an bhailiúcháin chun ómós a thabhairt do Naomh Bríd. Cuirfear béim ar leith sa turas ar théamaí na mban, an dúlra agus na miotaseolaíochta, agus cuirfear bealach uathúil ar fáil chun Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh. Beidh na turais ar siúl ag 2:00 i.n. Dé Domhnaigh, an 5 Feabhra agus Dé Luain, an 6 Feabhra.
Ar an 5 Feabhra ag meán lae, cuirfear Ceolscoil Chorcaí MTU agus Gailearaí Ealaíne Crawford Ceol ag Meánlae i láthair agus is cinnte gur tráthnóna iontach ceoil a bheidh ann. Éisteofar le gluaiseachtaí tosaigh théadcheathairéad 'Death and the Maiden' drámatúil agus álainn Franz Schubert. Tá an-áthas ar Scoil Cheoil MTU Chorcaí agus Gailearaí Ealaíne Crawford an chéad chuid eile de Cheol ag Meán lae a chur i láthair i dtimpeallacht iontach Sheomra Fada an Ghailearaí.
Ó 2:30 i.n. go 4:30 i.n. Dé Luain, an 6 Feabhra, déanfaidh na ceoltóirí Conor O’ Sullivan agus Karl Nesbitt ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde le ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus rince.
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann
Ar an 10 Feabhra cuirfidh Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann Irish Gotach i láthair, taispeántas iardhearcach le duine de na healaíontóirí is cumasaí in Éirinn, Patricia Hurl. Tá an-mheas ag a comhghleacaithe uirthi agus is é seo a céad taispeántas suntasach agus cuirfear saothar i láthair a chuimsíonn breis is 40 bliain de ghairm bheatha an ealaíontóra. Baineann saothar Hurl leis na disciplíní péintéireachta, ilmheán agus comhchleachtas ealaíne. Cuimsíonn an taispeántas níos mó ná 80 saothar a forbraíodh thar 40 bliain agus is é príomhábhar an tsaothair ná taithí saoil na mban. Agus úsáid á baint as péinteáil, léiriú, scannán, teicstílí agus a corp féin, déanann Hurl iniúchadh ar an gcruatan a bhíonn roimh mháithreacha, deirfiúracha agus cairde: banlaochra atá buailte ag gníomhartha uafáis agus go minic gan chumhacht chun fulaingt na ngaolta a mhaolú.
Is é seo an chéad cheann i sraith de thaispeántais aonair i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann a dhíríonn ar bhan-ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta i rith na bliana lena n-áirítear Sarah Pierce, Jo Bear, Howardena Pindell, agus Anne Madden.
An Ceoláras Náisiúnta
Ar Lá Fhéile Bríde cuirfear Rebel Irishwomen i láthair sa Cheoláras ina labhrófar faoi Helena Moloney, Kathleen Behan, Maud Gonne, Niamh Bury agus an Dr Mary McAuliffe i Seomra John Field ar an 5 Feabhra ag 3 i.n.
Thug Rebel Irishwomen, eisiúint 1966 Claddagh Records, léargas don lucht éisteachta ar eispéiris phearsanta, ar chuimhní cinn agus ar amhráin thriúr ban a raibh baint ar leith acu le hÉirí Amach 1916. Mar a scríobh Cathal Ó Seanáin sna nótaí clúdaigh ag an am, bhí Helena Molony, Maud Gonne McBride agus Kathleen Behan, ‘i measc na náisiúnaithe míleatacha’ a bhí paiseanta faoi neamhspleáchas na hÉireann. Agus an taifeadadh suntasach seo á cheiliúradh, beidh na hamhráin á n-athléiriú ag na healaíontóirí Niamh Bury agus an grúpa ban-ámhránaithe Landless, leis an staraí Dr Mary McAuliffe.
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Osclóidh GNÉ taispeántas St Dymphna: The Tragedy of an Irish Princess ag 6.15 i.n. Dé hAoine, an 27 Eanáir 2023.
In 2016, thug Fondúireacht Phoebus sa Bheilg faoi thionscadal athchóirithe ar mhórscála a dhírigh ar thríréad altóra ina mbailiúchán le Goossen van der Weyden (1455-1543). Ba iníon rí Ceilteach í Dymphna - naomh cáiliúil Éireannach ón 6ú nó 7ú haois. Tá iarsmaí a bhaineann leis an naomh fós in Eaglais Naomh Dymphna in Geel, a coisriceadh sa bhliain 1247. Is í an mhír altóra ar a bhfuil radhairc ó shaol Naomh Dymphna an t-aon saothar dá leithéid a dhíríonn ar shaol naomh Éireannach.
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe
Déanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh ceiliúradh ar gach rud faoi Naomh Bríd le sraith imeachtaí ar líne agus ar an láthair do Lá Fhéile Bríde Dé Sathairn, an 28 Eanáir a dhíreoidh ar na traidisiúin agus an stair bhéil a bhaineann le Naomh Bríd. Áireofar ar an lá roinnt ceardlann teaghlaigh agus cainteanna chomh maith le crosa Naomh Bríd.
[external-link https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Country-Life/Events/Q1-2023/Q1-2023/All-about-St-Brigid | undefined ]
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla agus Stair
Thar an deireadh seachtaine, tugann oideachasóirí an Mhúsaeim cuireadh duit freastal ar Hands-on History: 'Unconvertible Rebels'- The Women of Revolutionary Ireland, seisiún láimhseála idirghníomhach le píosaí ó bhailiúchán láimhseála an Mhúsaeim a léiríonn stair ghníomhaíochas na mban le linn ré réabhlóideach 1913-1923.
Áireofar sa seisiún láimhseála rudaí mar urchair, paimfléid agus suaitheantais, a léiríonn na róil iomadúla a bhí ag mná le linn na tréimhse suaite seo.
[external-link https://www.museum.ie/en-IE/Museums/Decorative-Arts-History/Events/2023/Hands-on-History-Unconvertible-Rebels-The-Women-of | undefined ]
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht
Déan Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh linn le haghaidh turas treoraithe speisialta faoi na déantáin agus na scrínte a bhaineann le naoimh na hÉireann agus an tionchar a bhí ag an gCríostaíocht ar fhorbairt na scríbhneoireachta.
Tá sé beartaithe tar éis na chéad bhliana seo, go mbeidh imeachtaí Lá Fhéile Bríde fite fuaite i bhféilire cultúrtha agus i gcláir na bhForais Náisiúnta Cultúir.