Idirphlé Eaglaise Stáit - Cruinniú Iomlánach le hEaglaisí, Pobail Chreidimh agus Eagraíochtaí Neamhfhaoistiniúla
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Inniu (Déardaoin, an 4 Iúil), i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, reáchtálfar Cruinniú Iomlánach, le baill agus ionadaithe ó bheagnach 30 Eaglais, Pobal Creidimh agus Eagraíocht Neamhfhaoistiniúil difriúil.
Tá an Cruinniú Iomlánach seo eagraithe mar chuid de Phróiseas Idirphlé Struchtúrtha Eaglaise agus Stáit, a bunaíodh in 2005 agus arb ionann é agus cuid de thiomantas an Rialtais comhairliúchán fadréimseach agus uilechuimsitheach a dhéanamh ar bheartas poiblí.
Is é cruinniú an lae inniu an chéad uair ar chas an Taoiseach, san fhormáid seo, le raon chomh leathan d’eagraíochtaí creidimh agus neamhfhaoistiniúla. Cuirfear tús leis an imeacht le haitheasc tosaigh leis an Taoiseach, agus ina dhiaidh sin reáchtálfar plé a bheidh dírithe ar théamaí éagsúla lena n-áirítear: idirphlé struchtúrtha éifeachtach; pobail uilechuimsitheacha agus éagsúla; agus oideachas.
Is céim chomhairleach thábhachtach é an Cruinniú Iomlánach chun an caidreamh idir an Eaglais agus an Stát a fhorbairt. Is modh uilechuimsitheach agus trédhearcach é chun gach comhpháirtí idirphlé a thabhairt le chéile chun saincheisteanna a bhaineann leo beirt a phlé. Chomh maith leis sin, is léargas é ar an raon éagsúil pobal creidimh atá in Éirinn agus ar an ról tábhachtach atá acu inár sochaí.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach ag an imeacht:
Deich mí ó shin d’fháiltíomar roimh an bPápa Prionsias go hÉirinn. Le linn dom a bheith i mbun cainte sa seomra seo an t-am sin, mhol mé go raibh sé in am anois caidreamh nua a bhunú idir Reiligiún agus an Stát in Éirinn - cúnant nua don 21ú hAois. Aois nuair nach mbeidh reiligiún ag croílár ár Stáit, ach go mbeidh ról dáiríre agus fiúntach aige inár sochaí.
Is cuid den obair sin an t-idirphlé struchtúrtha seo agus tógann sé ar na cruinnithe a bhí agam leis an Eaglais Chaitliceach Rómhánach dhá bhliain ó shin, agus leis na hEaglaisí Protastúnacha anuraidh.
Creidim gurb é idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta an bealach is fearr chun an caidreamh nua sin a bhunú, caidreamh ina dtugtar aitheantas do na cosúlachtaí agus do na difríochtaí eadrainn.’
Deireadh
Nótaí do na hEagarthóirí
Seoladh cuirí chuig raon leathan ionadaithe ó Eaglaisí, Pobail Chreidimh agus Eagraíochtaí Neamhfhaoistiniúla in Éirinn chun freastal ar Idirphlé Eaglaise Stáit an lae inniu. Seo a leanas na heagraíochtaí a ghlac leis an gcuireadh: