Ba í an Dr Catherine Day
an chéad bhean a ceapadh mar Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh (2005-2015) - an státseirbhíseach is sinsearaí san AE - post a bhí aici ar feadh dhá théarma, ag obair taobh le hUachtarán an Choimisiúin, José Manuel Barosso agus le hUachtarán eile an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker. I rith a téarma oifige, d’fhorbair sí ról na hArdrúnaíochta i gcomhordú beartais tras-Choimisiúin, rialáil níos fearr agus cur chuige measúnachta tionchair/beartais, agus príomh-idirbheartaí ba ea í i ndáil le creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 le haghaidh bhuiséad an AE. Roimhe seo, bhí roinnt ról sinsearach ceannaireachta ag an Dr Day sa Choimisiún, bhí ról lárnach aici sa phróiseas réamhaontachais le haghaidh Ballstát is iarrthóra agus mar Ard-Stiúrthóir Comhshaoil, agus bhí baint mhór aici le forbairt straitéisí aeráide agus fuinneamh in-athnuaite an Choimisiúin. Tá MA i dTrádáil Idirnáisiúnta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus BA san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath bronnta ar an Dr Day, mar aon le Dochtúireachtaí Oinigh ó thrí ollscoil Éireannacha. Tá Gradam Scothsheirbhíse Uachtarán na hÉireann agus Bonn Óir Garrett Fitzgerald le haghaidh Caidreamh Idirnáisiúnta bronnta uirthi agus toghadh mar chomhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann í in 2016. Le blianta beaga anuas, bhí an Dr Day i mbun cathaoirleachta ar an nGrúpa Comhairleach maidir le Soláthar Tacaíochta lena n-áirítear Cóiríocht do Dhaoine atá Páirteach sa Phróiseas Cosanta Idirnáisiúnta (2019 go dtí 2020), ar fhoilsigh an Rialtas an Tuarascáil a bhain leis i Meán Fómhair 2020.