Fógraítear cistiú tacaíochta pobail is fiú €3.7 milliún faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, go soláthrófaí glao cistiúcháin breise faoi chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, atá á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.
Tá cistiú is fiú suas le €1 mhilliún ar fáil do thionscadail lena dtógtar ar láidreachtaí an limistéir áitiúil, a bhfuil riachtanas sainaitheanta acu agus lena gcruthaítear deiseanna fostaíochta nua nó lena méadaítear inbhuanaitheacht na bpost atá ann cheana sa chríoch. Is gá d’iarratasóirí ailíniú le ‘Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail’ a gcontaetha faoi seach a thaispeáint.
Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.
Ag labhairt dó faoi sheoladh an ghlao seo, dúirt an tAire Ryan:
"Is é atá sa ghlao seo faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn ná deis eile do gheilleagair áitiúla leas a bhaint as cistiú lena gcabhrófar leis an aistriú chuig todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de. A bhuí leis an gcistiú seo, tacófar le tionscadail a fhorbairt lena rannchuideofar le forbairt inbhuanaithe sa Lár Tíre trí dheiseanna fostaíochta a chruthú agus trí éagsúlú eacnamaíoch a bhreisiú".
Dúirt an Comhairleoir Catherine Fitzgerald, Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre:
"Tá áthas orm seoladh an ghlao spriocdhírithe nua seo faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a fheiceáil. Ina cháil mar Údarás Bainistíochta do Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, tá Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre tiomanta dá chinntiú nach bhfágfar aon duine inár ndiaidh agus go dtabharfar tacaíochtaí do na limistéir a dteastaíonn siad uathu. A bhuí leis an nglao seo, cumasófar tionscadail atá faoi stiúir áitiúil in an-chuid de na limistéir is mó a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh chun geilleagar áitiúil a bheidh láidir agus inbhuanaithe agus todhchaí bheoga a sholáthar."
Is deis nua í seo chun tionscadail a chistiú trí úsáid a bhaint as acmhainní nár leithdháileadh roimhe seo faoin Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha. Tá an glao seo dírithe ar fhothacar contaetha a thagann faoi Chríoch Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, ag teacht sna sála ar anailís fhianaisebhunaithe ar thionchair agus ar dháileadh cistiúcháin.
Tá tionscadail a oibríonn sna limistéir seo a leanas incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh faoin gciste seo: Laois, Uíbh Fhailí, an Longfort, Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Ceantar Bardasach Bhaile Átha Í agus Ceantar Bardasach Chlaonta-Mhaigh Nuad (Contae Chill Dara).
Tá sí seo ar an tríú glao cistiúcháin lena dtugtar tacaíochtaí díreacha do Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha a chur chun feidhme. Seoladh an chéad ghlao i bhfómhar na bliana 2023 agus spriocdhírítear leis ar údaráis áitiúla agus ar thionscnaimh mhóra. Roghnaíodh 15 thionscadal faoin mbabhta sin, a fuair cistiú iomlán €18 milliún.
Glao cistiúcháin ina dhiaidh sin, eadhon an Scéim Deontas Pobal agus Fiontar d’eagraíochtaí pobail áitiúla agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, seoladh é i dtús na bliana 2024 agus dámhadh leis cistiú deontais ab fhiú €3.8 milliún san iomlán, beagnach, do 15 thionscadal atá dírithe ar an inbhuanaitheacht.
Is féidir raon leathan tionscadal atá sainithe go háitiúil a sholáthar faoin nglao seo, ar choinníoll go mbeidh siad ailínithe le cuspóirí Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir agus na bPleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail. Áirítear leis sin:
Beidh na tionscadail a dtacófar leo ag teacht le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha eacnamaíocha agus leis na mórspriocanna straitéiseacha um chríoch ghlas, chliste agus shóisialta atá mar bhonn agus thaca ag an nglao seo.
Chomh maith leis sin, is leis an scéim deontas seo a chomhlánaítear na scéimeanna de chuid Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir lena dtacaítear leis an mbithgheilleagar, leis an turasóireacht athghiniúnach agus leis an luchtú feithiclí leictreacha.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal faoi conas is féidir iarratas a dhéanamh ar chistiú.
CRÍOCH
Tá clár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn spriocdhírithe ar mhór-réigiún an Láir Tíre, de réir mar a aistríonn sé ar shiúl ó bhaint móna le haghaidh úsáid fuinnimh. Tá críoch ainmnithe Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn sainithe mar Chontae Laoise, Contae an Longfoirt, Contae Uíbh Fhailí, Contae na hIarmhí agus Contae Ros Comáin, mar aon leis na Ceantair Bhardasacha seo a leanas: Béal Átha na Sluaighe (Contae na Gaillimhe), Baile Átha Í agus Claonadh-Maigh Nuad (Contae Chill Dara), agus Carraig na Siúire agus Durlas (Contae Thiobraid Árann).
I gcás an ghlao seo, rachaidh an cistiú nár leithdháileadh ón Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha chun tairbhe do limistéir agus contaetha a fuair gann-leithdháileadh tar éis glaonna roimhe. Baineadh úsáid as Samhail Leithdháilte Acmhainní chun na contaetha incháilithe laistigh den Chríoch sin a shainaithint. Is uirlis sonraí í sin a úsáidtear mar threoir chun cothromaíocht gheografach a bhaint amach agus chun a sheiceáil go bhfuil an dáileadh cistiúcháin ag teacht leis na limistéir a shainaithnítear mar limistéir a bhfuil an gá is mó acu. Ar aon dul leis na réimsí téamacha a sainaithníodh sa Phlean Críochach um Aistriú Cóir, baintear úsáid as na méadrachtaí seo a leanas sa tSamhail Leithdháilte Acmhainní:
Áirítear iad seo a leanas leis na heagraíochtaí atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin nglao seo den Scéim Tacaíochta um Straitéisí Áitiúla agus Réigiúnacha Eacnamaíocha:
Agus é á chomhchistiú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach, is é an cuspóir atá le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cúnamh a thabhairt do na críocha sin a ndéanfaidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach an difear is mó dóibh. Is í an chríoch sin in Éirinn ná mór-réigiún an Láir Tíre, ar imir an t-aistriú ar shiúl ó tháirgeadh móna agus ó ghiniúint leictreachais ó mhóin tionchair dhíreacha air. Beidh méid nach mó ná €169 milliún ar fáil sa Chiste, trí acmhainní Státchiste agus Aontais Eorpaigh a úsáid, chun aistriú cóir a éascú i dtreo geilleagar ísealcharbóin sa Lár Tíre.
Trí dheiseanna a sholáthar don fhostaíocht sa Chríoch, is féidir le Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir cabhrú le háit atá cuimsitheach, tarraingteach, sláintiúil agus inbhuanaithe chun cónaí agus obair ann agus chun cuairt a thabhairt air a chruthú.
Is iad seo a leanas na tosaíochtaí cláir atá ag Ciste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir:
1. Fostaíocht a ghiniúint do phobail a bhíodh ag brath roimhe sin ar tháirgeadh móna trí infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar áitiúil a éagsúlú.
2. Tacú le tailte móna agus talamh ghaolmhar a athchóiriú, a athghiniúint agus a chur in oiriúint d’fheidhmeanna eile.
3. Roghanna soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe a thabhairt d’iarphobail mhóna chun cur ar a gcumas tairbhe dhíreach a bhaint as an aistriú glas.
Is é Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre an tÚdarás Bainistíochta do Chlár Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear doiciméid an chláir agus naisc chuig faisnéis faoi ghlaonna cistiúcháin atá ar oscailt agus faoi ghlaonna cistiúcháin amach anseo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.