Fógraíonn an tAire Humphreys pleananna chun Béilí Teo Scoile a chur i bhfeidhm i ngach Bunscoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, pleananna móra maidir le Clár na mBéilí Teo Scoile a chur i bhfeidhm i ngach Bunscoil in Éirinn.
Rinne an tAire an fógra agus í ag foilsiú meastóireacht neamhspleách a rinneadh ar Chlár na mBéilí Scoile ina leagtar amach an tionchar dearfach atá ag an gClár ar oideachas agus sláinte leanaí.
Agus í ag labhairt le linn cuairt ar Scoil Náisiúnta Dáibhéid in Ard Aidhin, Co. Bhaile Átha Cliath, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá i bhfad níos mó i gceist le béilí cothaitheacha a chur ar fáil dár leanaí ná bia amháin. Cuidíonn sé le leanbh an leas is mó a bhaint as a oideachas agus as a óige.
“Déanann sé maitheas an domhain do shláinte ár leanaí, chomh maith lena n-aird agus lena sláinte choirp agus intinne. Tá an méid seo ar eolas againn toisc go gcuamar amach chuig na scoileanna agus chuireamar ceisteanna ar na leanaí maidir leis an difríocht a dhéanann sé.
“Chomh maith leis sin, tá a fhios againn, ó bheith ag caint le tuismitheoirí agus le múinteoirí, gur fiú a mheáchan in ór béile te i lár an lae.
“Tá na tuairimí seo ar thionchar dearfach Chlár na mBéilí Scoile le feiceáil go soiléir sa mheastóireacht neamhspleách atá á foilsiú agam inniu. ”
Tá Buiséad bliantúil de bhreis is €94 milliún ag Clár na mBéilí Scoile. Leis an gClár seo, tacaítear le breis agus 1,600 scoil agus eagraíocht ar fud na tíre agus baineann níos mó ná 260,000 leanbh leas as.
Cheap an Roinn Coimirce Sóisialaí RSM Ireland chun an mheastóireacht ar Chlár na mBéilí Scoile a dhéanamh.
Cuimsítear an méid seo a leanas le príomhchonclúidí na meastóireachta:
Tugtar roinnt moltaí sa Tuarascáil, an méid seo a leanas san áireamh:
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Meastóireacht ar bhonn fianaise í an mheastóireacht seo lena leagtar amach sraith moltaí chun Clár na mBéilí Scoile a leathnú amach sa todhchaí. Is é an moladh uileghabhálach ná gur cheart go bhfaigheadh gach leanbh béile te saor in aisce amháin.
“Nuair a ceapadh mé i m'Aire Coimirce Sóisialaí i mí an Mheithimh 2020, bhí Béilí Teo á bhfáil ag 30 scoil. Inniu, tá leas á bhaint as an gclár béilí teo ag beagnach 500 scoil.
“Agus an clár á leathnú chuig na bunscoileanna DEIS agus na scoileanna speisialta go léir, beidh béilí teo á bhfáil ag 1,000 scoil faoi dheireadh na bliana seo – dul chun cinn iontach é sin.
“Ó 2024, cuirfimid tús le Béilí Teo a chur i bhfeidhm sna bunscoileanna go léir atá fágtha. Déanfar é seo ar bhonn céimnithe. Moltar sa tuarascáil go mbeadh soláthar uilíoch faoi 2030 ach tá sé mar aidhm agam é sin a bhaint amach níos tapúla ná sin.
“Agus méadú ó 30 scoil go 1,000 scoil thar díreach os cionn dhá bhliain go leith bainte amach againn cheana féin, measaim féin gur féidir linn gach bunscoil a chur san áireamh roimhe sin.
“Sna seachtainí amach romhainn, cuirfidh mo Roinn fáilte roimh léirithe spéise ó gach bunscoil atá fágtha ar fud na tíre.
“Is í an aidhm atá agam ná go mbeidh rochtain chinnte ag aon leanbh a bheirtear in Éirinn ar Bhéile Te faoin am a dtosaíonn siad ar scoil.”
D'fhógair an tAire Humphreys méadú ar Rátaí Béilí Scoile inniu freisin.
Tabharfar na méaduithe seo a leanas isteach agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2023:
Agus an méadú ar na rátaí á fhógairt aici, dúirt an tAire:
“Tá cuidiú na soláthraithe tar éis cur go mór le rath Chlár na mBéilí Scoile. Tá maoiniú faoin gClár Béilí Scoile ar ráta ar leith in aghaidh an bhéile, in aghaidh an linbh agus in aghaidh an lae.
“Táim iontach sásta go bhfuair mé faomhadh an Rialtais an tseachtain seo chun rátaí na mbéilí a mhéadú, agus go ndéanfar iad a shiardhátú chuig an 1 Eanáir 2023, rud atá an-tábhachtach.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Humphreys:
“Bhí mé lán sásta cuairt a thabhairt ar Scoil Náisiúnta Dáibhéid do Bhuachaillí chun na Béilí Teo Scoile a fheiceáil i bhfeidhm.
“Bhí sé go hiontach a chloisteáil ón bPríomhoide, an tUasal Ó Murchú, go bhfuil leas á bhaint ag na daltaí as bia te cothaitheach, rud a chuidíonn leo díriú isteach níos fearr ar an obair ar scoil agus taitneamh a bhaint as an gcaidreamh sóisialta leis na daltaí eile ag an am céanna. Tá 300 dalta i Scoil Náisiúnta Dáibhéid do Bhuachaillí a bhaineann taitneamh as na béilí teo seo gach lá scoile.”
Tá meastóireacht Chlár na mBéilí Scoile ar fáil anseo.
Soláthraítear le Clár na mBéilí Scoile maoiniú chun bia a chur ar fáil do thart ar 1,600 scoil agus eagraíocht, maoiniú atá ag dul chun tairbhe 260,000 leanbh faoi láthair. Is é cuspóir an Chláir ná bia rialta cothaitheach a chur ar fáil do leanaí nach bhfuil ar a gcumas, mar gheall ar easpa bia ar ardchaighdeán, lántairbhe a bhaint as an oideachas atá á chur ar fáil dóibh. Comhchuid thábhachtach is ea an clár de bheartais chun tinreamh ar scoil agus gnóthachtáil bhreisithe oideachais a spreagadh.
Tugadh na béilí teo scoile isteach in 2019 agus tá fás ollmhór tar éis teacht orthu ó scéim phíolótach de 30 scoil go dtí clár lena gcuirtear béile teo cothaitheacha ar fáil do bheagnach 500 bunscoil agus atá ag dul chun tairbhe do níos mó ná 90,000 leanbh.