Moltar don phobal gan chapaill ná asail a bheathú gan chead an úinéara
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag iarraidh ar an bpobal gan chapaill ná asail a bheathú gan chead an úinéara.
Tá go leor againn ag baint taitnimh as siúlóidí feadh bóithríní an tsráidbhaile an samhradh seo agus is dócha go mbeidh deis againn capaill agus asail a fheiceáil i ngiorracht dúinn. Tá an Roinn ag tathant ar dhaoine, áfach, gan na hainmhithe seo a bheathú gan chead an úinéara.
Tá an Roinn ag iarraidh ar dhaoine, áfach, gan na hainmhithe seo a bheathú gan chead an úinéara. Cé go bhféadfadh go mbíonn dea-rún ag daoine, d’fhéadfadh breoiteacht thromchúiseach, tachtadh nó bás a bheith mar thoradh ar bheathú aráin, fuílleach, torthaí nó glasraí do chapaill nó asail. D'fhéadfadh rud a fheiceann tusa mar fhéirín do no hainmhithe a bheith marfach dóibh. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go gcuirfí na capaill agus na hasail i mbaol laminitis (at pianmhar sna cosa) nó colic a fhulaingt (riocht a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach agus fiú marfach). Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh go gcuirfí na capaill agus na hasail i mbaol laiminíteas (at pianmhar sna cosa) nó coilicim (fadhb a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach nó marfach fiú).
Iarrtar ar an bpobal a bheith aireach go bhféadfadh sé a bheith contúirteach freisin gearrtháin féir nó dramhaíl ghairdín a thabhairt d’eachaí. D’fhéadfadh ceimiceáin a chuirtear ar fhaichí a bheith díobhálach má itear iad, agus d’fhéadfadh plandaí a mheasctar le gearrtháin féir a bheith nimhiúil do chapaill agus asail má ionghabhtar iad.
Agus cuimhnigh - ná oscail geataí feirme, agus ná téigh isteach i bpáirceanna ina gcoimeádtar ainmhithe, gan chead an úinéara.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú