Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta méaduithe breise ar mhaoiniú meabhairshláinte agus daoine scothaosta i mBuiséad 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá bliain shármhaith eile fógartha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD, le tuilleadh méaduithe ar bhuiséid um mheabhairshláinte agus dhaoine scothaosta do 2022.
Leithdháileadh €1.149 billiún san iomlán ar mheabhairshláinte i mBuiséad 2022. Is ionann sin agus €47 milliún breise don bhliain seo chugainn agus cuimsíonn sé €24 milliún le haghaidh forbairtí nua, €13 milliún do na leibhéil reatha seirbhíse agus €10 milliún i maoiniú aonuaire do COVID-19.
Dúirt an tAire Butler
“Cinnteoidh an infheistíocht bhreise dá bhforáiltear i mBuiséad 2022 forbairt leanúnach ar sheirbhísí meabhairshláinte, lena n-áirítear tacaíochtaí lasmuigh d’uaireanta oibre, seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus d’ógánaigh (CAMHS) agus na cláir mheabhairshláinte chliniciúil náisiúnta. Leithdháilfear €1.15 milliún breise ar an gClár Cliniciúil um Neamhoird Itheacháin chun leanúint ar aghaidh le rolladh amach na bhfoirne um neamhord itheacháin in CHO 1, 3, 5 agus 6.”
Forbrófar seirbhísí meabhairshláinte nua do dhaoine aosta freisin, ar aon dul leis an tsamhail chúraim do shainseirbhísí meabhairshláinte do dhaoine aosta agus déanfar iad a reáchtáil ar bhonn píolotach an bhliain seo chugainn.
Dúirt an tAire Butler
“Go ndéanfar dhá theile-mhoil nua CAMHS a mhaoiniú faoi Bhuiséad 2022 agus leithdháilfear maoiniú freisin chun cur le cumas foirne CAMHS ar fud na tíre. Leanfar le foirne um réiteach géarchéime a fhorbairt le buiséad os cionn €1.4 milliún leithdháilte in 2022.”
Fógraíodh €10 milliún sa bhreis an tseachtain seo, mar bheart maoinithe aonuaire chun tuilleadh infheistíochta a sholáthar i seirbhísí meabhairshláinte in 2021, le béim ar leith ar thacaíochtaí pobail agus deonacha.
Leithdháileadh €2.33 billiún san iomlán ar sheirbhísí do dhaoine aosta i mBuiséad 2022, lena n-áirítear €30 milliún d’fhorbairtí nua.
Dúirt an tAire Butler
“Beidh fócas leanúnach i mBuiséad 2022 ar sheirbhísí pobalbhunaithe a fheabhsú le cur ar chumas daoine aosta leanúint ag maireachtáil ina dtithe féin, le dínit agus neamhspleáchas, chomh fada agus is féidir. Coinníodh an maoiniú €150 milliún a fuarthas in 2021 le haghaidh 5 mhilliún uair an chloig breise de thacaíocht bhaile in 2022. Ina theannta sin, dúblófar cion na n-uaireanta tacaíochta baile nua seo a bheidh imfhálaithe do dhaoine le néaltrú ó 5% in 2021 go 11% in 2022".
“Ceadóidh €7.3 milliún breise le haghaidh tuilleadh feabhais a chur ar fhorbairtí nua do sheirbhísí néaltraithe, lena n-áirítear i réimsí na seirbhísí measúnaithe cuimhne agus tacaíochta, seomraí acmhainní teicneolaíochta cuimhne, cur i bhfeidhm na clárlainne néaltraithe agus an iniúchta néaltraithe in ospidéil ghéarmhíochaine agus sa tseirbhís náisiúnta cuimhne míchumais intleachta".
Dúirt an tAire Butler:
"Leithdháilfear €17.6 milliún chun cur i bhfeidhm leanúnach mholtaí Thuarascáil an Phainéil Saineolaithe ar Thithe Altranais lena n-áirítear, i measc nithe eile, Foireann bhuan ildisciplíneach, Tacaíochta Pobail a bhunú i ngach limistéar den Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail agus clár píolótach an Chreata Foirne Sábháilte do chúram cónaithe fadtéarmach".
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Butler go
“gcuirfidh 2022 breis feabhais ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí do dhaoine aosta agus do meabhairshláinte araon, ag tógáil ar na leibhéil maoinithe gan fasach in 2021.”