Fógraíonn OPW taispeántas Sculpture in Context 2021 ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíonn OPW an 35ú taispeántas Sculpture in Context ag Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon. Is é seo an taispeántas dealbha is mó, is tábhachtaí agus is fada saoil sa tír agus buaicphointe cultúrtha na bliana ag Garraithe Náisiúnta na Lus. Tá sé ar siúl go dtí 15 Deireadh Fómhair, ar oscailt gach lá agus cead isteach saor in aisce.
Tá 164 píosa ealaíne ar taispeáint i mbliana, ar fud 50 acra na ngarraithe. Tá thart faoi thrian de na saothair ar taispeáint sa Ghailearaí thuas staighre ins an Ionad Cuairteoirí.
Ní féidir gan aird a thabhairt ar shaothar bhuaiteoirí na gGradam Goodbody:
Tá saothar breis agus 140 ealaíontóir as réimse leathan meán ealaíne ar taispeáint, ina measc Sara Cunningham-Bell, Remco de Fouw, Maree Hensey, Penelope Lacey agus Martin O’Keefe. Léirítear réimse leathan agus eagsúlacht dealbhóireachta an lae inniu, in Éirinn agus thar lear. Tá mionsaothair fíorchasta ceirmeacha agus dealbha cloiche ar mhórscála bailithe le chéile in aon suíomh amháin. Léirítear ionracas ealaíne agus scil teicniúil ins na saothair uile agus taispeántar leithne agus doimhneacht an chumais agus scil ealaíne atá ar fáil in Éirinn inniu.
-CRÍOCH-
Um breis eolais nó pictiúir, déan teagmháil le Preas-Oifig OPW ag pressoffice@opw.ie .
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Sculpture in Context in 1985 chun próifíl na dealbhóireachta in Éirinn a ardú agus ardán a sholáthar le haghaidh ealaíontóirí lasmuigh de ghnáth-chomhthéacs na ngailearaí. Eagraíocht seachbhrabúsach á reachtáil ag na dealbhóirí féin atá ann. Tá an taispeántas ar siúl i nGarraithe Náisiúnta na Lus ó 2002 i leith.
Cothaíonn Sculpture in Context ealaíontóirí agus tugann sé deiseanna dóibh a saothair a chur ar taispeáint i réimse poiblí níos leithne. Tugtar deiseanna atá fíor-riachtanach do dhealbhóirí in Éirinn, is cuma cad as dóibh.
Taispeántas: Sculpture in Context
Áit: Garraithe Náisiúnta na Lus, Glas Naíon
Dátaí: 2 Meán Fómhair – 15 Deireadh Fómhair 2021
Amanna: Luan-Aoine 10:00-17:00, Satharn-Domhnach 10:00-18:00.
Cead Isteach: Saor in Aisce. Ní gá áirithint chun dealbha lasmuigh a fheiceáil. Tá na dealbha istigh le feiceáil ón Déardaoin go dtí an Satharn ar feadh an taispeántais. Toisc rochtain teoranta chuig an gailearaí mar gheall ar Covid-19, is gá réamháirithint a dhéanamh ar Eventbrite: eventbrite.ie
Suíomh Gréasáin: botanicgardens.ie