Scéim Aisíoca Éarlaise (DRS) Táthar ar lorg Aighneachtaí i dtaca le raon agus creat reachtaíochta na Scéime
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá leagtha amach i gClár an Rialtais – Ár dTodhchaí Roinnte – agus sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach tiomantas an Rialtais i leith Scéim Aisíoca Éarlaise le haghaidh buidéil phlaisteacha (suas le toirt 3 lítear) agus cannaí alúmanaim a thabhairt isteach.
I mí Dheireadh Fómhair anuraidh, lorg an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, barúlacha an phobail ar an gcineál Scéime Aisíoca Éarlaise a bheadh oiriúnach i gcomhthéacs na hÉireann. Tar éis breithniú a dhéanamh ar an 364 aighneacht a fuarthas, tá dréacht-chreat reachtaíochta á fhoilsiú anois aige le haghaidh barúlacha agus aighneachtaí breise. Éascóidh an creat seo, arna chríochnú tar éis comhairliúcháin, tabhairt isteach Scéim Aisíoca Éarlaise in Éirinn faoi R3 2022.
Tagann an comhairliúchán poiblí agus an dréacht-chreat reachtaíochta sna sála ar shraith cruinnithe idir oifigigh ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus réimse de pháirtithe leasmhara lena n-áirítear lucht táirgthe deochanna, lucht miondíola, an tionscal dramhaíola agus earnáil an chomhshaoil.
Is táirgeoirí a stiúrfaidh agus a mhaoineoidh an Scéim. Tá leagtha amach sa chreat reachtaíochta atá molta múnla is cosúil leis na múnlaí sin atá i bhfeidhm cheana in Éirinn faoin Scéim Freagrachta Leathnaithe Táirgeora. Is é atá i gceist anseo ná Scéim Aisíoca Éarlaise á reáchtáil ag oibreoir scéime thar ceann na dtáirgeoirí. Feidhmeofar an scéim ar bhonn seachbhrabúsach agus beidh sé de fhreagracht aici cuidiú le hÉirinn spriocanna dúshlánacha bailithe agus diúscartha bruscair a chomhlíonadh.
Beidh an comhairliúchán oscailte le haghaidh aighneachtaí go dtí 17:30, an 7 Bealtaine 2021
CRÍOCH