Ómós á thabhairt ag an Aire O’Donovan don Ollamh George Eogan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus ómós á thabhairt aige don Ollamh George Eogan, nach maireann, dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O'Donovan, TD:
“Fear bródúil as Contae na Mí ab ea an tOllamh George Eogan a chaith breis agus 40 bliain ag obair go díograiseach ag Cnóbha chun aird idirnáisiúnta a tharraingt ar shéadchomharthaí Laithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne.
Is rún i gcroí gach seandálaí seoid atá i bhfolach le fada an lá a aimsiú, ach is beag seandálaí ar éirigh leo aon seoda a aimsiú atá inchurtha leo siúd a d’aimsigh an tOllamh Eogan le linn tochailtí ag Cnóbha, ar cuireadh tús leo i 1962.
Bhí sé ar dhuine de na chéad daoine sa ré nua-aoiseach a chuaigh isteach i dhá thuama pasáiste mhóra an Dumha Mhóir. Aimsíodh an chéad cheann i 1967 agus an dara ceann i 1968. Is iad an dá thuama seo na tuamaí pasáiste is faide a aimsíodh riamh in Iarthar na hEorpa. D’aimsigh sé a lán tuamaí beaga ina dhiaidh sin.
Le linn na dtochailtí a rinne an tOllamh Eogan, aimsíodh stór mór d'ealaín mheigiliteach ársa, nach bhfuil a leithéid ó thaobh flúirse agus caighdeáin le fáil in aon áit nó in aon tír eile. Tá an ceann máis maisithe a aimsíodh sa tuama thoir ag Cnóbha ar cheann de na déantáin is fearr a aimsíodh riamh i láithreán Neoiliteach in áit ar bith.
D'oibrigh an tOllamh Eogan go dlúth le hailtirí agus innealtóirí Oifig na nOibreacha Poiblí chun an láithreán a chur i láthair don phobal nuair a bhí na tochailtí críochnaithe. Meastar go bhfuil na séadchomharthaí ag Cnóbha ar na séadchomharthaí réamhstairiúla is iontaí ar féidir cuairt a thabhairt orthu in áit ar bith ar domhan.
Nuair a osclaíodh Cnóbha don phobal den chéad uair i 1991, bhí an tOllamh Eogan thar a bheith cabhrach chun oiliúint a chur ar na treoraithe a bhí ag obair ansin. Lean sé ag spreagadh agus ag tacú le seirbhísí treorach OOP ag Brú na Bóinne agus beidh muid faoi chomaoin mhór aige go deo.
Déanaimid comhbhrón lena bhean chéile agus lena chlann agus a gharpháistí.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works