Deir an tAire Ryan gur pointe tosaigh dóchasach maidir le cothroime airgeadais é comhaontú COP 29
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, tar éis fáiltiú roimh an gcomhaontú ar thángthas air ag COP 29 in Baku go mall aréir, agus é ag rá gur céim dhóchasach chun tosaigh é i dtreo cothroime airgeadais a chinntiú do na tíortha a bhfuil an gá is mó acu léi.
Tar éis beagnach dhá sheachtain a chaitheamh i mbun idirbheartaíochta, agus ag teacht sna sála ar thréimhse dhrámatúil dheireanach 24 huaire inar chosúil roinnt uaireanta go gclisfeadh ar na cainteanna, dúirt an tAire go rabhthas in ann an comhaontú a bhaint amach mar gheall ar an iarracht chomhbheartaithe a rinne na páirtithe uile chun próiseas Chomhdháil na bPáirtithe (COP) a choinneáil beo. I ndomhan atá scriosta ag cogadh, ag coinbhleacht agus ag éiginnteacht, dúirt an tAire Ryan go léiríonn an comhaontú go bhfuil ag éirí leis an iltaobhachas go fóill agus go bhfuil sé riachtanach. Dúirt an tAire gur cheart féachaint ar na $US300 billiún ar a laghad atá geallta mar bhunús le haghaidh tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh maoiniúcháin de, agus conair shoiléir romhainn anois i dtreo $US1.3 trilliún in aghaidh na bliana a bhaint amach faoin mbliain 2035. Fágann sé sin go bhfuil an domhan i bhfad níos gaire anois don ollstruchtúr airgeadais domhanda a athchóiriú ionas gur féidir le tíortha i mbéal forbartha teacht ar mhaoiniú inacmhainne le haghaidh infheistíocht riachtanach i réimsí amhail an t-oiriúnú. Tugann sé sainordú chun cur go mór leis an uaillmhian atá ag an mBanc Domhanda agus ag Bainc Forbartha Iltaobhacha i ndáil le tacú le gníomhú ar son na haeráide agus le forbairt.
Dúirt an tAire Ryan:
"Chosnaíomar an aidhm chun aistriú ar shiúl ó bhreoslaí iontaise a baineadh amach in Dubai anuraidh, agus sháraíomar fíordheacrachtaí sa phróiseas idirbheartaíochta chun an beart seo a thabhairt i gcrích. Táim thar a bheith bródúil as an ról a bhí ag ár bhfoireann Éireannach san idirbheartaíocht. Tá teist bhródúil orainn maidir le maoiniú don aeráid a sholáthar ar son an oiriúnaithe, agus is féidir linn droichid a thógáil idir an chuid thuaidh agus an chuid theas den domhan."
Bhí an tAire Ryan páirteach i gceann amháin de na Péirí Aireachta a bhí freagrach as idirbheartaíocht a dhéanamh ar an oiriúnú, in éineacht lena mhacasamhail ó Chósta Ríce. Dúirt sé ina dhiaidh sin:
"Bhí sé ríthábhachtach go n-éireodh linn comhaontú a bhaint amach anseo in Baku."
"Ba náire shaolta é imeacht ó na cainteanna mar gheall ar scála na géarchéime atá romhainn go léir. Cé nach bhfuil an comhaontú seo foirfe ná dóthanach ar aon bhealach, go háirithe i ndáil leis an maolú, leis an inscne agus le cearta an duine, is é an toradh atá air go gcoinnítear croíphrionsabail Chomhaontú Pháras beo agus go dtugtar dúinn bonn ar ar féidir linn bogadh ar aghaidh agus imeacht bunathraitheach a dhéanamh de COP 30 sa Bhrasaíl. Rud tábhachtach, coinnítear comhoibriú agus comhar Thuaidh-Theas ar bun dá bharr freisin. Dhéanfaí damáiste ollmhór dá gclisfeadh ar na cainteanna, go háirithe i bhfianaise na héiginnteachta geopholaitiúla a fheicfimid sna míonna atá le teacht. Ba ghá dúinn easaontas ar an aeráid a sheachaint ar ais nó ar éigean. Is gá dúinn riachtanais na ndaoine is leochailí a choinneáil i gcroílár gach ruda a dhéanaimid. Ba é a bhí i gceist leis an gComhdháil seo forbairt agus ceartas aeráide a thabhairt le chéile, agus sílim gur fhágamar Baku agus riocht níos láidre orainn. Cé nach raibh an idirbheartaíocht éasca, d’éirigh leis an iltaobhachas agus sheas an domhan go daingean le chéile ar son an cheartais aeráide agus airgeadais."
CRÍOCH