Beidh Éire i gceannas ar Shásra Mearfhreagartha NA chun cosantóirí comhshaoil a chosaint
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, inniu go mbeidh Éire i gceannas, in éineacht leis an Ostair, ar Shásra Mearfhreagartha NA a sholáthar chun cosantóirí comhshaoil a chosaint.
Cuirfidh Éire 50% den mhaoiniú ar fáil (thart ar $100,000 US in aghaidh na bliana) go ceann ceithre bliana. Leis an maoiniú, tacófar leis an Sásra Mearfhreagartha nua a bhunú agus a fheidhmiú, faoi choimirce UNECE (Coimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe le haghaidh na hEorpa). Tháinig fógra an Aire ag an am céanna le Cruinniú na bPáirtithe chuig an gComhdháil Aarhus, sa Ghinéiv.
Dúirt an tAire Ryan an méid seo a leanas:
"Is léiriú dlúthpháirtíochta le cosantóirí comhshaoil ar fud na hEorpa agus réigiún in aice léi iad maoiniú 50% agus tacaíocht 100% a thabharfaidh Éire don Sásra Mearfhreagartha. Ina theannta guth a thabhairt do chosantóirí comhshaoil inár réigiún féin, táimid ag súil go mbeadh sé ina shamhail dea-chleachtais i réigiúin eile chomh maith."
Déanfar an Sásra Mearfhreagartha a fheidhmiú faoi údarás Rapóirtéir Speisialta NA pro bono agus tiocfaidh sé leis an sásra neamh-chomhlíonta den Chomhdháil Aahus atá ann. Freagróidh sé go tráthúil, i gcásanna go dteipeann ar pháirtithe na Comhdhála a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh. Cinnteofar leis nach ngearrtar pionós ar dhaoine atá ag feidhmiú a gceart, i gcomhréir le forálacha na Comhdhála, nó nach ndéantar géarleanúint orthu nó iad a chiapadh in aon bhealach.
Chuir an tAire Ryan an méid seo lena ndúirt sé:
"Leis an Sásra Mearfhreagartha tabharfar léargais chóra ar an duibheagán. Iarrfar ar údaráis an pháirtí seasamh le riail an dlí. Beidh sé ina ghuth le haghaidh na mban agus na bhfear is minice a bhíonn ina línte deiridh cosanta le haghaidh ár dtalaimh, ár n-aeir, ár bhforaoise, ár n-uisce agus ár bportaigh. Cumhdaítear leo siúd ár gcóras cothaithe beatha ar Domhan. Is muidne a bheidh freagrach as seo ar mhaithe lenár saoránaigh. Cuirfear brú orainn na gealltanais a rinneamar a bhaint amach, nuair a shíníomar an coinbhinsiún."
Chuir an tAire Ryan a chuid tacaíochta in iúl do Dhearbhú na Ginéive um Daonlathas Comhshaoil le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe, Chuimsitheach agus Sheasmhach. Mhínigh sé an méid seo a leanas:
"Agus muid ag tabhairt faoi dhúshláin a bheidh romhainn go ceann deich mbliana ó thaobh ár Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh é a chur ar chumas ár saoránach páirt ghníomhach a ghlacadh i bpleanáil spásúlachta agus i bpróisis forbartha bonneagair. Tá sé tráthúil le haghaidh Dhearbhú na Ginéive cearta an duine agus prionsabail an chomhshaoil an Choinbhinsiúin Aarhus a chur in iúl arís."
CRÍOCH
Glacadh an Coinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Chóir i gCúrsaí Comhshaoil in 1998 i gcathair Aarhus na Danmhairge, faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe le haghaidh na hEorpa (UNECE). Tháinig Coinbhinsiún Aarhus i bhfeidhm in 2001 agus tá 47 bPáirtí anois aige, agus an tAontas Eorpach agus gach Ballstát de san áireamh. Is Páirtí í Éire leis an bPrótacal maidir le Scaoileadh Truailleáin agus Cláir Aistrithe freisin, a bhfuil 38 bPáirtí ann. Bhí an tAontas Eorpach ina Pháirtí le Coinbhinsiún Aarhus in 2005. Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún an 20 Meitheamh 2012. Rinne Éire an Coinbhinsiún a thrasuí go hiomlán sa dlí náisiúnta agus bhí sé faoi réir shásra comhlíonta an Choinbhinsiúin, Coiste Comhlíonta Choinbhinsiún Aarhus (ACCC), 18 mí tar éis an daingnithe.
Tá príomhról maoirseachta ag an Roinn Comhshaoil Aeráide agus Cumarsáide le haghaidh beartais agus reachtaíochta chun Coinbhinsiún Aarhus agus Prótacal PRTR in Éirinn a chur chun feidhme go héifeachtach.
Tá Coinbhinsiún Aarhus bunaithe ar na trí phrionsabal seo a leanas: Rochtain ar Fhaisnéis; Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht; agus Rochtain ar Chóir i gCúrsaí Comhshaoil. Leagtar amach sa choinbhinsiún sraith rialacha chun páirtíocht saoránach i gcúrsaí comhshaoil a chur chun cinn agus chun tacú le cearta córa comhshaoil.
Déantar Cruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus agus an Prótacail PERE a reáchtáil gach ceithre bliana. I dteannta ionadaithe oifigiúla na Pháirtithe an Choinbhinsiúin, ar na toscairí a bhíonn ag Cruinniú na bPáirtithe tá ionadaithe ENGOanna agus daoine leasmhara. I mbliana déanfar iad a reáchtáil i ndiaidh a chéile ón Luan an 18 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine an 22 Deireadh Fómhair. Rinne oifigigh na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ionadaíocht ar son na hÉireann (agus iad ag freastal orthu ó chian). D'fhreastail ionadaí de chuid Bhuanionadaíocht na hÉireann sa Ghinéiv ar sheisiúin áirithe ag an áit.
Le Dearbhú na Ginéive deirtear agus athdhearbhaítear prionsabail Choinbhinsiún Aarhus i gcomhthéacs an lae inniu.
In alt 27 de Dhearbhú na Ginéive dearbhaítear bonn an tSásra Mearfhreagartha agus cuirtear fáilte roimh an sainordú a thug Cruinniú na bPáirtithe dó.