Minister for Health publishes the Patient Safety (Notifiable Patient Safety Incidents) Bill 2019 ga
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire, “Is as droch-chumarsáid idir othair agus cleachtóirí sláinte a thagann a lán fadhbanna sábháilteachta othar chun cinn.
“Ba mhaith liom go mbeadh cultúr nochta oscailte againn, áit a dtabharfaí tacaíocht do chleachtóirí sláinte agus a gcloisfí tuairimí othar.
“Tá sé ríthábhachtach, nuair a théann rudaí amú, go dtairgfí leithscéal ó chroí agus go dtuigfí an rud a tharla agus go gcinnteofaí nach dtarlóidh sé arís.
“Beidh an Bille nua seo um Shábháilteacht Othar ina léiriú ar thús ré nua don tseirbhís sláinte agus is ar nochtadh oscailte a dhíreofar ann.”
Bunaítear leis an reachtaíocht seo creat láidir le haghaidh nochtadh oscailte éigeantach, ar creat é a bheidh seasmhach i leith na todhchaí. Is é atá sa Bhille ná liosta teagmhas sonraithe sábháilteachta othar a bheidh faoi réir nochtadh oscailte éigeantach. Rud tábhachtach, is é atá sa Bhille freisin ná próiseas nua trína n-ainmneoidh an tAire Sláinte teagmhais eile sábháilteachta othar nach mór nochtadh oscailte éigeantach a dhéanamh ina leith.
A bhuí leis an gcur chuige solúbtha sin, beifear in ann a chinntiú gur féidir an liosta teagmhas tromchúiseach sábháilteachta othar atá faoi réir nochtadh oscailte éigeantach a choinneáil cothrom le dáta.
Croíchuspóir eile atá leis an reachtaíocht nua seo is ea foghlaim náisiúnta ó theagmhais thromchúiseacha sábháilteachta othar den sórt sin a éascú agus tacú le feabhsuithe a dhéanamh ar fud na seirbhíse sláinte ionas nach ndéanfar dochar d’othair eile.
Ceanglófar leis an mBille nua go ndéanfar na teagmhais thromchúiseacha atá i gceist a fhógairt go seachtrach don Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), don Phríomh-Chigire Seirbhísí Sóisialacha agus don Choimisiún Meabhair-Shláinte chun cur leis an bhfoghlaim faoi shábháilteacht othar agus leis an bhfeabhas ar shábháilteacht othar ar bhonn náisiúnta. Rud tábhachtach, beidh feidhm ag nochtadh oscailte éigeantach agus ag an gcóras fógartha do na teagmhais atá i gceist maidir le seirbhísí sláinte poiblí agus maidir le seirbhísí sláinte príobháideacha araon.
Dúirt an tAire freisin: “Is é an aidhm atá leis an reachtaíocht nua seo cultúr cóir a chothú inár seirbhísí sláinte, áit a ndírítear ar fhoghlaim agus ar oscailteacht agus feabhas a bhaint amach, seachas ar mhilleán a chur.
“Ina lán cásanna ina ndearnadh dochar d’othair, tharla an earráid toisc nach raibh córais i bhfeidhm chun tacú leis an ngairmí cúram sláinte nó leis an bhfoireann cúram sláinte an earráid sin a shainaithint agus a sheachaint.
“Ar an gcúis sin, leagtar leis an mBille nua um Shábháilteacht Othar freagrachtaí agus oibleagáidí soiléire ar an soláthraí seirbhísí sláinte a chinntiú go ndéanfar nochtadh oscailte éigeantach agus go bhfógrófar aon teagmhais go seachtrach don rialálaí. Is é atá i gceist leis sin a chinntiú go nglacfaidh fostóirí seirbhíse sláinte freagracht as a chinntiú go mbeidh an rialachas cuí, na córais agus na próisis chuí agus na hacmhainní cuí i bhfeidhm acu chun tacú le cleachtóirí sláinte nochtaí a dhéanamh.
Dúirt an tAire:
“A luaithe atá an reachtaíocht achtaithe, beidh céim mhór eile ar aghaidh tógtha ag Éirinn sa tsraith reachtaíochta um shábháilteacht othar atá i bhfeidhm againn. Táim ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile, agus le hionadaithe othar go háirithe, ar an mBille seo agus clár reachtach na Roinne a chur chun feidhme chun tacú le sábháilteacht othar ar fud na seirbhísí sláinte.
Chomh maith leis sin, tá an Bille ina chuid den mhórchlár um thionscnaimh reachtacha agus bheartais atá ar bun chun feabhas a chur ar an gcumas atá ag an tseirbhís sláinte fadhbanna sábháilteachta othar a réamh-mheas agus a shainaithint agus freagairt do na fadhbanna sin agus chun feabhas a chur ar cháilíocht agus sábháilteacht seirbhísí sláinte d’othair.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Bonnchloch dár seirbhísí sláinte a dhéanamh níos sábháilte is ea cultúr nochta oscailte a chruthú agus ceachtanna a fhoghlaim nuair a théann rudaí amú. Chun déanamh amhlaidh, is gá do gach duine dínn sa tseirbhís sláinte bheith tiomanta do dhul i dteagmháil le hothair ar bhealach oscailte agus trédhearcach”.
CRÍOCH
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le: press_office@health.gov.ie
Nótaí d’Eagarthóirí
I mí na Bealtaine 2018, thug an Rialtas ordachán go n-áireofaí le Bille nua um Shábháilteacht Othar na gnéithe sábháilteachta othar den Bhille um Fhaisnéis Sláinte agus Sábháilteacht Othar lena bpléitear le fógairt sheachtrach teagmhas sábháilteachta othar, le hiniúchóireacht chliniciúil agus le sainchúram an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) a leathnú chuig an gcóras ospidéal príobháideach. Comhaontaíodh freisin gur cheart foráil a dhéanamh sa Bhille do nochtadh oscailte éigeantach teagmhas tromchúiseach sábháilteachta othar, de bhun na ngealltanas a thug an tAire don Oireachtas le linn rith an Achta um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 2017.
An 5 Iúil 2018, thug an Rialtas an ceadú uaidh le haghaidh forálacha an Bhille nua um Shábháilteacht Othar a dhréachtú ar aon dul le scéim ghinearálta an Bhille. Rud eile a chuir bonn eolais faoin reachtaíocht ba ea na moltaí atá sa tuarascáil ón Dr Scally maidir leis an bhFiosrúchán Scóipe ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck).
Na Príomhfhorálacha
Tá an Bille roinnte ina ocht gcuid, ina bhfuil 54 alt, mar a leanas:
Is leis an mBille um Shábháilteacht Othar (Teagmhais Infhógartha Sábháilteachta Othar) a sholáthrófar an creat reachtach le haghaidh roinnt beart tábhachtach ó thaobh sábháilteachta othar de, lena n-áirítear iad seo a leanas–
Nochtadh oscailte éigeantach agus teagmhais infhógartha sábháilteachta othar
I gcás gur deimhin le soláthraí seirbhísí sláinte gur tharla teagmhas infhógartha sábháilteachta othar (is cuma cé acu a tharla an teagmhas laistigh dá sheirbhís féin nó le linn seirbhís a bheith á soláthar ag soláthraí eile seirbhísí sláinte), foráiltear leis an mBille nach mór nochtadh a dhéanamh don othar nó dá d(h)uine iomchuí (ar ball teaghlaigh é/í i bhformhór na gcásanna) maidir leis an bhfaisnéis atá ar eolas ag an soláthraí seirbhísí sláinte ag an am. Is é an toradh a bheidh ar an gceanglas éigeantach sin ná go bhfaighidh othair agus a dteaghlach faisnéis chuí thráthúil maidir le teagmhas tromchúiseach a bhféadfadh gur tharla sé le linn an chúraim.
Rud tábhachtach, glactar sa Bhille cur chuige déghnéitheach solúbtha i leith sainaithint agus liostú a dhéanamh ar theagmhais infhógartha sábháilteachta othar atá faoi réir nochtadh oscailte éigeantach don othar agus dá t(h)eaghlach. Ní mór teagmhais den sórt sin a thuairisciú go seachtrach don rialálaí iomchuí freisin. Ar an gcéad dul síos, is é atá sa Bhille ná Sceideal ina liostaítear roinnt de na teagmhais infhógartha is tromchúisí sábháilteachta othar atá faoi réir nochtadh oscailte éigeantach. Ar an dara dul síos, is é atá sa Bhille ná próiseas nua trína n-ainmneoidh an tAire Sláinte, ach Rialacháin a leagan síos, teagmhais eile sábháilteachta othar nach mór nochtadh oscailte éigeantach a dhéanamh ina leith. A bhuí leis an gcur chuige sin, beifear in ann a chinntiú gur féidir an liosta teagmhas tromchúiseach sábháilteachta othar atá faoi réir nochtadh oscailte éigeantach a choinneáil cothrom le dáta ar aon dul le dul chun cinn i seirbhísí cúram sláinte agus le forbairtí idirnáisiúnta i sábháilteacht othar.
Nósanna Imeachta le haghaidh Nochtadh Oscailte (na nithe a bhféadfaidh othair agus teaghlaigh a bheith ag súil leo)
Leis an mBille, cuirtear an t-othar agus/nó a t(h)eaghlach ag croílár an phróisis nochta oscailte. A luaithe is féidir tar éis dó teacht ar an eolas faoi theagmhas infhógartha sábháilteachta othar, ní mór do sholáthraí seirbhísí sláinte an fhaisnéis ar fad atá ar eolas aige faoin teagmhas a nochtadh ag cruinniú a eagrófar leis an othar agus/nó lena t(h)eaghlach. Ina theannta sin, beidh an t-othar agus/nó a t(h)eaghlach i dteideal faisnéis atá cuimsitheach, cruinn agus tráthúil a fháil faoin teagmhas ag an gcruinniú nó laistigh de chúig lá ón gcruinniú. Is é atá sa Bhille freisin ná forálacha lena gcumasófar d’othair agus dá dteaghlach an próiseas nochta oscailte a iarchur i gcás gur mian leo déanamh amhlaidh.