Bearta á bhfógairt ag an Aire Humphreys chun deireadh a chur le bacainní atá roimh chustaiméirí leasa shóisialaigh atá ag iarraidh glacadh le tionóntaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys sraith beart inniu atá deartha chun deireadh a chur leis na bacainní atá roimh chustaiméirí leasa shóisialaigh a roghnaíonn cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine ina dtithe féin.
Tar éis faomhadh na Comh-aireachta, tá sé deimhnithe ag an Aire go síneoidh sí rialacháin lena gcuirfear Neamhaird Acmhainne Leasa Shóisialaigh suas le €14,000 in aghaidh na bliana i bhfeidhm, maidir leo siúd a ligean seomra ar cíos ina dteach.
Tá sé seo ar aon dul leis an Scéim Faoisimh ar Sheomra a Ligean ar Cíos, atá i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim le blianta.
Go praiticiúil, ciallaíonn sé seo go mbeidh custaiméir leasa shóisialaigh in ann seomra ina dteach a ligean ar cíos le haghaidh suas le €14,000 in aghaidh na bliana agus nach mbeidh tionchar aige sin ar a íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne, lena n-áirítear an Liúntas Breosla nó an Pacáiste Sochair Teaghlaigh.
Ina theannta sin, tá athruithe á dtabhairt isteach ag an Aire Humphreys a bhaineann leo siúd a fhaigheann an Liúntas Maireachtála Aonair.
Mar thoradh ar an athrú seo, má chuireann duine a chónaíonn ina (h)aonar seomra ar fáil ina t(h)each cónaithe, ní bheidh tionchar aige sin ar a Liúntas Maireachtála Aonair.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann leis an ngéarchéim san Úcráin agus is cuid de fhreagairt fhoriomlán an Rialtais é, a dúirt an tAire inniu.
Tá 209,000 duine ag fáil an Liúntais Maireachtála Aonair faoi láthair.
Ag fógairt na mbeart sin inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Le roinnt mhaith míonna anois, tá mo chuid oifigeach agus mé féin ag obair ar thograí chun bacainní atá roimh dhaoine a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu agus ar mian leo cóiríocht a sholáthar ina dteach a bhaint.
“Níl aon amhras ach gur chuir an cogadh san Úcráin práinn nua leis an scéal seo.
“Dá bhrí sin, bhí mé an-sásta tacaíocht d'aon toil a fháil sa Chomh-aireacht maidir leis na hathruithe seo - a bheidh, dar liom, mar chuid thábhachtach d'iarracht fhoriomlán an Rialtais chun freagairt do ghéarchéim na hÚcráine.
“Ach léiríonn na bearta seo freisin ár mian sáraitheach a chinntiú go ndéantar seomraí atá ar fáil i dtithe ar fud na tíre a chur ar fáil do thionóntaí féideartha. Sa chás go bhfuil bacainní nó aimhrialtachtaí i bhfeidhm, is fúinn féin atá sé iad a bhaint.
“Comhlánóidh na hathruithe seo an Íocaíocht Aitheantais nua a chinn an Rialtas an tseachtain seo freisin. Tá an reachtaíocht atá mar bhonn agus taca leis na bearta seo á stiúradh ag mo chomhghleacaí Comh-Aireachta, an tAire Roderic O’Gorman, agus táim ag obair go dlúth leis ar an ábhar áirithe seo."