Taistealaíonn toscaireacht na hÉireann go COP 29 in Baku
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thaistil toscaireacht na hÉireann go COP 29 in Baku, an Asarbaiseáin, rud ar cuireadh tús leis an 11 Samhain.
Féachfaidh toscaireacht na hÉireann le leanúint den dul chun cinn a rinneadh ag COP 28 (a cuireadh ar siúl in Dubai anuraidh) ar phríomh-shaincheisteanna amhail teacht ar 'Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann' maidir le maoiniú aeráide, oiriúnú, caillteanas agus damáiste agus, rud ríthábhachtach, tuilleadh uaillmhéine i leith an mhaolaithe a sholáthar, lena n-áirítear cur chun feidhme Chomhaontú Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chinntiú.
Aithníonn Éire gurb é COP an tionól domhanda is tábhachtaí chun an t-athrú aeráide agus an gníomhú ar son na haeráide a phlé. Creideann Rialtas na hÉireann go láidir i ndul i ngleic le dúshláin dhomhanda trí fhóraim iltaobhacha agus tá gníomhú níos láidre ar son na haeráide á mholadh go gníomhach aici ar mhodhanna éagsúla.
Tá an chomhdháil ar siúl ón 11 Samhain go dtí an 22 Samhain. Tá an tAire Eamon Ryan i gceannas ar thoscaireacht náisiúnta aeráide na hÉireann an athuair. Tá an toscaireacht comhdhéanta d’oifigigh ó áiteanna ar fud an rialtais agus ó roinnt gníomhaireachtaí. Don tríú bliain, tá ionadaíocht á déanamh d’Éirinn freisin ag Beth Doherty, Toscaire Óige Aeráide, a ceapadh chuig an ról i mí na Bealtaine i mbliana.
Cheap Uachtaránacht COP 29 an tAire Ryan chun gníomhú mar dhuine amháin de phéire aireachta don oiriúnú. Déanfaidh sé an obair sin i gcomhar le Franz Tattenbach, Aire Comhshaoil agus Fuinnimh Chósta Ríce. Is é seo an chéad uair riamh a ceapadh Aire Éireannach chuig post den sórt sin.
Ar fud na hidirbheartaíochta idirnáisiúnta aeráide sin, oibríonn Éire i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe Aontais Eorpaigh. Tá a lán comhaltaí de thoscaireacht na hÉireann ina gcomhaltaí freisin de shainghrúpaí Aontais Eorpaigh a dhéileálann le saincheisteanna amhail eolaíocht, maolú, maoiniú, oiriúnú, caillteanas agus damáiste, agus inscne, áit a n-ullmhaítear seasaimh idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh COP thar roinnt míonna. Imríonn Éire ról gníomhach trína taidhleoireacht aeráide freisin, agus í rannpháirteach i ngrúpaí amhail Toscairí Aeráide an Aontais Eorpaigh, an Grúpa Curadh um Maoiniú don Oiriúnú, agus Comhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide.
CRÍOCH
Is ionann Comhdháil na bPáirtithe (COP) agus príomhchomhlacht cinnteoireachta Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide. Tugtar le chéile ag an gComhdháil an 198 bPáirtí – 197 náisiún agus an tAontas Eorpach – a shínigh an Creat-Choinbhinsiún ar mhaithe le gníomhartha a chomhaontú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.
Gach bliain ón mbliain 1995 i leith, seachas an bhliain 2020 de dheasca na paindéime, óstáladh Comhdháil do na tíortha ionas go bhféadfadh siad teacht le chéile chun dul chun cinn a chur i gcomparáid leis an eolaíocht aeráide is déanaí agus chun gealltanais nua a bhunú maidir leis an ngéarchéim aeráide a chosc agus maidir le hoiriúnú di araon, agus a bhreithniú freisin conas is féidir na gníomhartha sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí mhaoiniú a sholáthar agus trí acmhainn a fhorbairt. Ag na Cruinnithe Mullaigh, tagann ceannairí ó gach cuid den domhan le chéile chun teacht ar réitigh ar ghéarchéim a dhéanann difear dúinn go léir.
Baineann an maoiniú don aeráid le maoiniú a fhéachann le tacaíocht a thabhairt do ghníomhartha maolaithe agus le gníomhartha oiriúnaithe mar fhreagairt don athrú aeráide. Aithníonn Éire nach mbeifear in ann dul i ngleic le géarchéim na haeráide gan dóthain maoinithe don aeráid.
Táthar ag súil go dtiocfar le linn COP 29, Baku, ar chomhaontú ar Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann chun teacht in ionad na sprice roimhe, ar dá barr a ghabh páirtithe is tíortha forbartha orthu féin $100 billiún i maoiniú aeráide a sholáthar gach bliain trí mhaoiniú poiblí aeráide agus trí mhaoiniú aeráide a shlógadh araon. Baineadh an sprioc sin amach sa bhliain 2022, faoi mar a leag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) amach i mí na Bealtaine 2024. Cuirfear an Sprioc Nua Chainníochtaithe Chomhchoiteann in ionad na sprice sin don tréimhse tar éis na bliana 2025.
Baineann an maolú ar an athrú aeráide le bearta a bhfuil mar aidhm leo tionchar an athraithe aeráide a laghdú. Ceann amháin de thosaíochtaí seasta an Aontais Eorpaigh is ea go méadódh gach tír, go háirithe geilleagair ardastaíochtaí, a n-uaillmhian aeráide agus a spriocanna aeráide chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.
Baineann an t-oiriúnú le gníomhaíocht a dhéanamh chun oiriúnú do thionchair láithreacha an athraithe aeráide agus do thionchair an athraithe aeráide sa todhchaí. Tá diantionchair an athraithe aeráide á mbrath ag a lán tíortha ar fud an domhain cheana féin. Teastaíonn tacaíocht mhéadaithe spriocdhírithe ó thíortha atá i mbéal forbartha chun treisiú lena n-athléimneacht in aghaidh tionchair aeráide.
Baineann caillteanas agus damáiste leis na tionchair dhiúltacha a imríonn an t-athrú aeráide beag beann ar iarrachtaí maolaithe agus oiriúnaithe. Tá caillteanas agus damáiste de dheasca an athraithe aeráide ina réimse príomhthosaíochta d’obair na hÉireann ar an athrú aeráide, ós rud é gurb ionann na tíortha leochaileacha a rinne an rannchuidiú is lú leis an athrú aeráide agus na tíortha is mó atá thíos leis an tionchar atá aige.
Trí phéireálacha Aireachta, oibríonn Aire ó thír fhorbartha i gcomhar le hAire ó thír atá i mbéal forbartha mar chuid de mhórfhoireann uachtaránachta Chomhdháil na bPáirtithe chun idirbheartú le tíortha agus bloic amhail na Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha nó an tAontas Eorpach chun cabhrú le teacht ar chomhaontú ar théacs deiridh na Comhdhála.
Cuirtear de chúram ar na péireálacha sin tuiscint níos doimhne a ghnóthú ar sheasamh na mbloc sin ar thosaíochtaí agus dearcthaí reatha agus ansin sainaithint a dhéanamh ar na deiseanna agus na bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann chun cabhrú le dul chun cinn a éascú ar gach saincheist thábhachtach. Tá an ceapachán sin ag teacht sna sála ar na róil roimhe a bhí ag an Aire mar chuid d’fhoireann idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh ag COP 26, ag COP 27 agus ag COP 28.