Reáchtálfaidh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, comhdháil thar dhá lá ar an 14 agus an 15 Eanáir, in The Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, chun impleachtaí an athraithe shuntasaigh seo ar lár na cumhachta a iniúchadh mar aon leis na freagairtí láithreacha agus na hiarmhairtí a rabhthas ag súil leo. Déanfaidh saineolaithe Éireannacha agus saineolaithe ó thíortha eile machnamh ar thábhacht stairiúil an imeachta agus ar fhreagairtí in Éirinn, sa Bhreatain, agus ar fud na cruinne, ar an nóiméad seo nuair ‘the old regime ceased to exist’ dar leis an Irish Times. Labhróidh an Taoiseach, Micheál Martin T.D., agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. ag an imeacht. Cláraigh inniu le bheith páirteach san imeacht poiblí saor in aisce seo a shruthófar go beo ar: https://histories-humanities.tcd.ie/research/handover/
.