McConalogue chun cúiseanna imní leanúnacha an mhargaidh a chur in iúl ag Comhairle na nAirí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirfidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, cúiseanna imní na hÉireann in iúl faoi thionchar leanúnach na méaduithe ar chostais ionchuir, agus cúrsaí reatha maidir leis an margadh muiceola, nuair a bheidh sé ag freastal ar an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil inniu.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire:
“D’ainneoin an fheidhmíocht láidir ar fud go leor margaí le déanaí, tá imní orm i gcónaí faoin tionchar leanúnach atá ag méaduithe ar phraghsanna breosla, leasacháin, beatha agus fuinnimh le tamall anuas. Tá siad ag cur corrlaigh feirmeoirí faoi bhrú suntasach. Tá sé tábhachtach gach seift féideartha a mheas chun na hiarmhairtí seo a mhaolú, lena n-áirítear saincheist na ndleachtanna frithdhumpála ar leasacháin, agus táim ag súil le tuilleadh nuashonruithe a chloisteáil maidir le breithniú an Choimisiúin ar an saincheist seo de réir mar a théann sé ar aghaidh. Is ábhar imní dom freisin nádúr marthanach na ndeacrachtaí atá le sárú ag margadh na muiceola, agus beidh mé ag iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar úsáid thapaidh beart tacaíochtaí margaidh iomchuí. Bhí ár bhfeirmeoirí muc thar a bheith acmhainneach i gcónaí ach tuigim go maith na dúshláin atá rompu faoi láthair.”
Áireoidh Comhairle an lae inniu plé freisin ar shaincheisteanna talmhaíochta níos leithne a bhaineann le trádáil, leas ainmhithe agus ar an dTeachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe.
Maidir le saincheisteanna trádála, leagfaidh an tAire béim ar an ngá atá le rannpháirtíocht leanúnach an Choimisiúin leis an Ríocht Aontaithe maidir le socruithe trádála iar-Bhreatimeachta, agus le rannpháirtíocht iltaobhach i leith cur i bhfeidhm caighdeáin chomhshaoil agus eile an AE ar tháirgí talmhaíochta allmharaithe amach anseo, i gcomhréir le rialacha an WTO. Maidir le leas ainmhithe, cuirfidh sé fáilte roimh an athbhreithniú ar an reachtaíocht Eorpach um leas ainmhithe, agus leagfaidh sé béim ar an ngá atá le reachtaíocht nua chun cur chuige tomhaiste a ghlacadh, lena seachnófar iarmhairtí neamhbheartaithe, lena n-áirítear maidir le hiompar ainmhithe.
Ar deireadh, maidir le timthriallta carbóin inbhuanaithe, dúirt an tAire:
“Is céim thábhachtach eile í Teachtaireacht an Choimisiúin chun spriocanna uaillmhianacha Eorpacha agus náisiúnta um athrú aeráide a bhaint amach. Mar sin féin, is réimse casta é seo, a chaithfimid a mheas go cúramach chun an toradh is fearr a chinntiú. Go háirithe, ní mór dúinn oibriú le feirmeoirí chun gníomhaíochtaí dearfacha a spreagadh ina gcuid cleachtas feirmeoireachta go léir, ó bhainistiú talún go táirgeadh beostoic. Tá a fhios agam gur féidir le hÉire a bheith ina fíorcheannaire sa spás seo.”
CRÍOCH