An tAire McConalogue ag bualadh le feirmeoirí curaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, le baill an ghrúpa Irish Grain Growers inniu i gCo. Laoise chun éisteacht lena n-ábhair imní agus na dúshláin atá roimh fheirmeoirí curaíochta faoi láthair.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:
“Táim sásta go raibh an deis agam bualadh le hionadaithe an ghrúpa Irish Grain Growers inniu agus éisteacht lena n-ábhair imní. De bharr na haimsire neamhghnáiche ag deireadh 2023 agus ag tús na bliana seo, tá dúshláin mhóra roimh fheirmeoirí curaíochta fud fad na tíre. Ar an dea-uair, táthar tar éis filleadh ar an obair earraigh ar fheirmeacha curaíochta le coicís anuas, toisc gur tháinig feabhas ar an aimsir.”
Luaigh an tAire an tionchar ar leith a bhí ag an aimsir fhliuch le deireanaí agus an mhoill a cuireadh ar chur na mbarr earraigh. Dúirt an tAire:
”Toisc go bhfuil barra an earraigh á gcur níos deireanaí ná mar a chuirtear de ghnáth iad, de bharr an bhaoil a bhaineann leis seo d’fheirmeoirí, d’fhógair mé le déanaí go ndéanfaidh mé iarracht €100/ha a chur ar fáil mar thacaíocht airgeadais do bharra a cuireadh d’fhómhar 2024, chun muinín a thabhairt do shaothróirí barra a chur i mbliana, agus le go mbeidh muinín acu as todhchaí a dtionscail.”
D’aithin an tAire gur bliain dheacair a bhí ann d’fheirmeoirí curaíochta anuraidh, agus luaigh sé na tacaíochtaí breise a tugadh don earnáil in 2023. I measc na dtacaíochtaí breise seo, bhí €3m breise don Scéim Cúnaimh Próitéin, a d’fhág go raibh buiséad iomlán €10m ag an scéim. Chuir an Beart Ionchorpraithe Tuí €16.5 milliún ar fáil agus chuir an Scéim Dreasachta Curaíochta €8.3 milliún ar fáil do shaothróirí in 2023. Chuir an stát maoiniú €7.147m leis an €7.147m a fuarthas ó Chúlchiste Talmhaíochta an AE. Úsáideadh an t-airgead seo chun tacaíocht a thabhairt do shaothróirí nár bhain an fómhar, trí Scéim Tacaíochta na mBarr nár Baineadh. Úsáideadh an chuid eile den airgead mar íocaíocht bhunráta aon uaire i réimse na mbarr ráibe agus arbhair.
I mí an Mhárta, d’fhógair an tAire díolúine don ghné éagsúlaithe barr de GAEC 7 freisin, a laghdaigh imní na bhfeirmeoirí curaíochta toisc gur cuireadh ar a gcumas na barra a roghnú is fearr a fheileann dá gcúinsí féin, ag cur san áireamh an t am a bhaineann le curadóireacht, sochar an mhargaigh agus infhaighteacht na síolta.
Leag an tAire McConalogue béim ar an tábhacht a bhaineann le hearnáil na curaíochta spleodrach inbhuanaithe a bheith ann, chun cur le seasmhacht bia daoine agus beatha ainmhithe na hÉireann, agus chun cur le cuspóirí an athraithe aeráide ag an am céanna. Leagtar amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 an sprioc a bhaineann leis an gceantar ina gcuirtear barra a mhéadú chuig 400,000ha faoi 2030 mar chuid de thiomantas Roinn na Talmhaíochta astaíochtaí a laghdú 25%.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Is gné thábhachtach agus riachtanach í earnáil na curaíochta de Thionscal an Agraibhia, agus ba mhaith liom go bhfásfaidh agus go bhforbróidh sí. Dá bharr sin, bhunaigh mé an Food Vision Tillage Group i mí na Bealtaine 2023 chun an bealach a réiteach don fhás inbhuanaithe agus d’fhorbairt na hearnála chuig 400,000ha faoi 2030. Fuair mé an tuarascáil deiridh ón nGrúpa le deireanaí, agus táim ag smaoineamh ar na moltaí a rinneadh.”
Fotheideal an Ghrianghraif: An tAire McConalogue ag bualadh le feirmeoirí curaíochta agus le baill an ghrúpa Irish Grain Growers i mBaile Briotáis, Co. Laoise, tráthnóna Dé Máirt.
Ó chlé go deas - Úinéirí talún Pat Cleary agus Darragh Cleary, an tAire McConalogue agus Bobby Miller, Ceann Irish Grain Growers