Catherine McGuigan ceaptha mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Tagartha an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an tOllamh Alan Barrett, Cathaoirleach an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta Catherine McGuigan, Príomhoifigeach Aoisbhá Éireann, mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Tagartha an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta.
Beidh an Grúpa Tagartha ag croílár idirghabhála idir an gCoimisiúin le geallsealbhóirí.
Sa Ghrúpa Tagartha beidh baill d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus den tsochaí shibhialta agus de phríomhpháirtithe leasmhara eile a oibríonn sa réimse, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil taithí saoil acu ar an ábhar. Rachaidh an Grúpa i mbun comhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Tras-Rannach a bhunófar faoina choimirce. Soláthróidh sé bealach cumarsáide idir an gCoimisiún agus an tsochaí i gcoitinne.
Dúirt an tOllamh Barrett:
"Tá lúcháir orm a fhógairt go bhfuil Catherine McGuigan ceaptha mar Chathaoirleach ar an nGrúpa Tagartha don Choimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta. Tugann sí saibhreas saineolais agus taithí leathan ar a bheith ag plé le príomh-cheannairí trasna na hearnála sibhialta, phoiblí, phríobháideach agus dheonach, chomh maith le dul i gcomhairle go daonlathach le daoine chun eolas a thabhairt agus athmhúnlú a dhéanamh ar an mbealach ina gcuirtear seirbhísí ar fáil.”
Dúirt an tAire Butler:
“Cuirim fáilte roimh cheapachán Catherine mar Chathaoirleach an Ghrúpa Tagartha. Tá dea-theist ar Catherine, go háirithe maidir lena ceannaireacht ar Aoisbhá Éireann. I mí na Nollag 2019 tar éis deich mbliana d’obair, d’aithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Éire go foirmiúil mar an chéad tír a Thacaíonn le Daoine Aosta ar domhan.
“Beidh ceannaireacht agus taithí Catherine fíor-luachmhar chun a chinntiú go mbeidh guth na ndaoine scothaosta mar bhonn eolais faoi obair an Choimisiúin”.
Ag labhairt faoina ceapachán, dúirt sí:
“Táim ag tnúth le dul i dteagmháil le daoine ar fud an phobail chun a chinntiú go gcloisfear a dtuairimí agus a nglórtha agus go gcuirtear in iúl go cuí iad agus moltaí an Choimisiúin á bhforbairt don Rialtas.”