Deimhníonn an tAire McConalogue oiliúint i bpearsa do rannpháirtithe SCEP
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis sheoladh oiliúint SCEP (an Clár um Éifeachtúlacht Carbóin Bó Diúil) ag deireadh mhí Aibreáin, chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a d’ardaigh feirmeoirí, dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D, go reáchtálfar roinnt mhaith imeachtaí oiliúna SCEP i bpearsa níos déanaí an samhradh seo.
Cé gur athdhearbhaigh sé na buntáistí suntasacha a bhaineann leis an rogha ar líne do rannpháirtithe SCEP, d’admhaigh an tAire gurb amhlaidh, le haghaidh feirmeoirí áirithe, a d’fhéadfadh rochtain ar líne a bheith achrannach agus an méid seo a leanas á rá aige:
“Níor mhaith liom go mbeadh aon fheirmeoir díchumhachtaithe i ndáil leis an oiliúint thábhachtach seo. Aithním gurb ann do rannpháirtithe SCEP áirithe arbh fhéidir nach bhfuil nascacht idirlín acu ná an tacaíocht chun é a rochtain agus, dá bhrí sin, tá deimhniú á thabhairt agam go reáchtálfaidh mo Roinn roinnt mhaith imeachtaí oiliúna SCEP i bpearsa níos déanaí sa samhradh do rannpháirtithe SCEP ar mian leo an oiliúint a dhéanamh i bpearsa seachas ar líne.”
Dúirt an tAire,
“Cé go bhfuil rogha i bpearsa á soláthar agam, táthar ag súil leis go mbeidh oiliúint ar líne fabhrach d’fhormhór na rannpháirtithe ós rud é go mbeidh sí ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. Fágfaidh sin go mbeidh feirmeoirí, cibé acu atá siad ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, in ann tabhairt faoin oiliúint an dáta agus an tráth is fearr a oireann dóibh seachas iallach a bheith orthu a bheith i láthair ag suíomh ar leith lá ar leith. Tá an oiliúint ar líne scoilte ina seacht modúl agus is féidir le feirmeoir an oiliúint a stopadh agus a thosú oiread uaireanta is gá, fad is a chuirtear i gcrích í ina hiomláine faoin 15 Samhain 2024.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire “beidh mo Roinn ag coinneáil súil ar bhonn rialta ar ghlacadh oiliúint SCEP agus eiseoidh sí cumarsáid spriocdhírithe mar is gá do na rannpháirtithe chun cuidiú leo an oiliúint a chur i gcrích”.
Ní mór d’fheirmeoirí an oiliúint a chur i gcrích faoin 15 Samhain 2024 chun go seachnófar aon aistriú ó SCEP agus caillteanas aon íocaíochtaí a fuarthas cheana. Foilseofar tuilleadh sonraí ar na himeachtaí oiliúna i bpearsa in am agus i dtráth.
Is féidir rochtain a fháil ar an oiliúint ar líne ag www.sceptraining.ie . Ba cheart go nglacfadh sé thart ar 30 nóiméad, ar an meán, chun gach modúl a chur i gcrích. Is féidir le rannpháirtithe na modúil uilig a dhéanamh d’aon iarraidh amháin nó iad a dhéanamh de réir a chéile. Is féidir cuid de mhodúl a dhéanamh agus an chuid eile de a dhéanamh arís nuair a logáiltear isteach. É sin ráite, ní mór gach modúl a bheith déanta go hiomlán faoin 15 Samhain 2024 chun an riachtanas oiliúna a chomhlíonadh.
Is féidir aon cheisteanna maidir le haon ghné de chur chun feidhme an chláir nó den oiliúint a chur chuig Deasc Chabhrach na Roinne ag 057 867 4422 nó mar ríomhphost chuig scep@agriculture.gov.ie
DEIREADH