Scéim Aghaidh Siopa Gaeilge an Chiste Struchtúir Stairiúla
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan, TD, in éineacht leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus don Sport, Jack Chambers TD, cómhaoiniú €50,000 inniu faoi shruth aghaidh siopa Gaeilge an Chiste Struchtúir Stairiúla d’oibreacha caomhnaithe agus athchóirithe ag 55 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath.
Foirgneamh a bhfuil tábhacht mhór stairiúil leis is ea é Uimh. 55 ar Shráid Amiens mar gheall ar a nasc leis an bPoblachtánach Éireannach, Tom Clarke, a raibh siopa tobacadóra aige anseo ó 1908 go 1911. Cuirfidh maoiniú an lae inniu le caomhnú agus le hathchóiriú a dhéanamh ar an mbun-aghaidh siopa Gaeilge, agus tacóidh sé leis na hoibreacha struchtúir atá riachtanach chun an chuid seo den fhoirgneamh a chosaint. Cuideoidh sé freisin le hathscríobh litritheoireacht órnithe chomharthaí ar fhuinneoga an tsiopa. Cuideoidh na hoibreacha maoinithe le comóradh a dhéanamh ar ré thábhachtach i stair na hÉireann agus tá siad mar chuid de phlean ginearálta chun an foirgneamh stairiúil cosanta seo a úsáid arís. Tá an tionscadal á mhaoirsiú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh fiontar pobail, cultúrtha agus sóisialta san fhoirgneamh.
Trí mhaoiniú caipitil a infheistiú inár n-oidhreacht luachmhar foirgnimh, cuidíonn an Ciste Struchtúir Stairiúla le húinéirí agus coimeádaithe struchtúir stairiúla agus chosanta ar fud na tíre iad a chosaint sa todhchaí ar mhaithe le pobail. Tagann fógra an lae inniu tar éis €3m a bronnadh i mí Aibreáin i leith 85 tionscadal eile faoin gCiste Struchtúir Stairiúla.
Ag labhairt faoi fhógra an lae inniu, dúirt an tAire Noonan:
Tá lúcháir orm go gcuirfidh mo Roinnse, mar aon leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maoiniú ar fáil i dtreo an tionscadail spreagúil seo. Is foirgneamh stariúil é 55 Sráid Amiens toisc gur úsáid an Poblachtánach Éireannach Tom Clarke bunúrlár an fhoirgnimh, agus beidh athchóiriú aghaidh an tsiopa le litritheoireacht thraidisiúnta chomharthaí na hÉireann mar chéad chéim chun an foirgneamh tábhachtach seo a úsáid arís don phobal áitiúil.
Dúirt an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien TD:
Tá an-áthas orm infheistíocht san fhoirgneamh stairiúil seo a fhógairt inniu faoin gCiste Struchtúir Stairiúla, in éineacht le mo chomhghleacaithe, an tAire Noonan, Martin agus Chambers. Cuidíonn an Ciste Struchtúir Stairiúla lenár n-oidhreacht shaibhir foirgnimh a chosaint, le go leor foirgneamh a choinneáil in úsáid agus le foirgnimh eile a úsáid arís - ní amháin go dtabharfaidh an maoiniú a fógraíodh inniu 55 Sráid Amiens ar ais in úsáid ach cuideoidh sé le hathnuachan níos leithne na sráide stairiúla seo ag croí Chathair Bhaile Átha Cliath.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
Tá áthas orm a bheith ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun cuidiú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 55 Sráid Amiens a athbheochan. Nuair a bhí siopa ag Tom Clarke anseo, bhí sé mídhleathach comharthaíocht a bheith aige i nGaeilge. Ceiliúradh atá in athchóiriú na comharthaíochta seo faoin gCiste Struchtúir Stairiúla ar ár dteanga, agus déanann sé comóradh ar chaibidil thábhachtach inár gcuid staire. Táim ag súil go mór le torthaí an tionscadail seo a fheicéail.
Dúirt an tAire Chambers:
Tagann sruth aghaidh siopa Gaeilge an Chiste Struchtúir Stairiúla leis na tacaíochtaí a sholáthraíonn mo Roinn chun cabhrú leis an bpobal gnó chun an Ghaeilge a úsáid. Táim ag tnúth le torthaí an tionscadail seo a fheiceáil, agus tá súil agam go spreagfaidh a rath úinéirí eile struchtúir stairiúla incháilithe iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun cabhrú leis na sean-aghaidheanna siopaí seo a chur ina gcruth agus ina ndeilbh féin arís.