Tugann an tAire O’Donovan athchuairt ar Sceilg Mhichíl agus tionscadail chaomhnaithe agus athchóirithe ar bun
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dé hAoine seo caite, 3 Meán Fómhair, thug an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., athchuairt ar an Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO, tar éis dó cuairt a thabhairt i mí Mheithimh. Bhuail sé le treoraithe, ailtirí caomhnaithe, seandálaithe agus lucht cothabhála atá ag obair ar an gcarraig seo ar Chósta Theas Chiarraí, áit a bhfuil iarsmaí mainistreach ón 6ú aois. Bhí áthas air eolas a chur ar an dul chun cinn atá déanta ar thionscadail chaomhnaithe agus athchóirithe OPW atá ar siúl ann.
Ag moladh saineolais agus tiomantais na mball foirne, dúirt an tAire O’Donovan:
“Aithnítear Sceilg Mhichíl ar fud an domhain mar shuíomh oidhreachta ar leith, ach mar gheall ar a iargúltacht san Atlantach, tugtar dúshláin suntasacha don fhoireann agus do chuairteoirí araon. Mar sin, is iontaí fós an saothar caomhnaithe agus athchóirithe atá ar bun anseo ón earrach agus le linn an tsamhraidh, agus athoscailt an oileáin do chuairteoirí i mí Iúil. Nuair a thángas anseo den chéaduair i mí Mheithimh, mheas mé an áit mhórthaibhseach seo mar lóchrann solais imeasc laethe dólásacha na paindéime. Ní mó a chuireann sé iontas orm inniu – an t-oileán féin, an stair a bhaineann leis agus saothar na foirne um chothabháil ar an sean-mhainistir agus ar thithe solais ón 19ú aois. Tá áthas orm go bhfuil sé ar chumas cuairteoirí teacht anseo arís i mbliana chun an t-iontas seo a fheiceáil.”
Ag an Teach Solais Uachtarach, a théann siar go dtí 1821, leagfar amach ionad cuairteoirí agus cóiríocht foirne. Glanadh amach bruscar agus thángthas ar urláir chloiche, cistiní, seomraí cónaithe agus codanna den teach solais a bhí faoi cheilt le blianta fada. Ag an Teach Solais Íochtarach, baineadh amach seanumair bhreosla agus trealamh nach bhfuil in úsáid.
Chomh maith leis an obair chaomhnaithe seo, tá leithris do chuairteoirí curtha ar fáil den chéad uair riamh ar an oileán. Áis riachtanach do chuairteoirí iad seo agus tacaíonn siad leis na bearta atá ag teastáil mar gheall an bpaindéim Covid-19.
Sa phictiúr leis seo tá an tAire O'Donovan le hailtirí agus foireann OPW ón Áras Séadchomharthaí Náisiúnta ag Carraig an Phréacháin.
Ó chlé: Pat Morris, Fergus McCormick, Maurice Fitzgerald, an tAire Patrick O’Donovan, Bláthmhac Ó Muirí.
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works