Ráiteas Straitéise Roinn an Taoisigh
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 15 Deireadh Fómhair 2020
- dúnadh na haighneachtaí: 30 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an Comhairliúchán closed
Gairm ar Aighneachtaí
Tacaíonn Roinn an Taoisigh leis an Taoiseach mar Cheannaire an Rialtais agus oibríonn sí le gach Roinn Rialtais chun Clár an Rialtais a chur i bhfeidhm. Baineann gníomhaíochtaí na Roinne le feidhmeanna feidhmiúcháin an Taoisigh agus an Rialtas: Rúnaíocht an Rialtais; Oifig Phríobháideach an Taoisigh; Oifig Phríomh-Aoire an Rialtais; Oifig an Tánaiste, Oifig Cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus Oifigí na nAirí Stáit atá sannta don Roinn.
I measc na gcroíghníomhaíochtaí, tá tacú leis an Taoiseach chun tabhairt faoina dhualgais mar Cheannaire an Rialtais maidir leis an Oireachtas, saincheisteanna Bunreachtúla, Prótacal, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Comhairle na Breataine-na hÉireann; Rúnaíocht an Rialtais agus Seirbhís Faisnéise an Rialtais; déileáil le beartas rialtais a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm, go príomha tríd an gcóras Coistí Comh-Aireachta; tacú leis na hAirí Stáit atá sannta don Roinn; eolas agus comhairle a sholáthar don Taoiseach ar an réimse iomlán saincheisteanna beartais intíre, AE agus idirnáisiúnta.
Tá a Ráiteas Straitéise á ullmhú ag Roinn an Taoisigh faoi láthair don tréimhse ó 2020 go 2023 agus tugann sí cuireadh do bhaill den phobal agus aon pháirtithe leasmhara ar spéis leo chun a ndearcthaí a sheoladh ar aghaidh mar gheall go lorgaíonn an Roinn chun a spriocanna agus a cuspóirí ardleibhéil, chomh maith leis na straitéisí a úsáidfear chun iad a bhaint amach, a shainiú do na chéad trí bliana eile amach romhainn. Léireofar san obair seo an ról tábhachtach a bheidh ag an Roinn i bpríomhthosaíochtaí náisiúnta sa tréimhse amach romhainn, COVID-19, an Geilleagar, Brexit agus Aonad Oileáin Comhroinnte nua a bhunú san áireamh, a chuireann leis an Ráiteas Straitéise reatha ina leagtar amach na sé thosaíocht straitéiseacha seo a leanas don Roinn:
- Tacaíocht don Taoiseach agus don Rialtas
- Geilleagar Inbhuanaithe
- Sochaí Níos Fearr
- Caidreamh láidir san Eoraip agus ar Domhan
- Brexit
- Pleanáil don Todhchaí
Aighneachtaí
Ba cheart aighneachtaí (is fearr iad a sheoladh ar ríomhphost) a sheoladh faoin 30 Deireadh Fómhair 2020 chuig:
R-phost: strategystatement@taoiseach.gov.ie
nó
“Ráiteas Straitéise 2020-2023” a mharcáil go soiléir orthu agus iad a sheoladh sa phost chuig
Seirbhísí Corparáideacha, Roinn an Taoisigh, Foirgnimh an Rialtais, Baile Átha Cliath 2
Saoráil Faisnéise
Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir gach aighneacht a fhaightear a lorg agus a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.