An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2023
- Cúlra
- Réamhrá
- Seirbhísí iomchuí
- Tiomantas chun leanaí a chosaint ó dhíobháil
- Oibleagáidí faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 i dtaca le seirbhísí iomchuí
- Daoine Iomchuí
- Measúnú Riosca agus Nósanna Imeachta
- Cur i bhfeidhm agus Athbhreithniú
- Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le:
Cúlra
Éilítear san Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 ar eagraíochtaí ar soláthraithe ‘seirbhísí iomchuí’ iad faoin Acht, Ráiteas um Chumhdach Leanaí a fhoilsiú. Tá mionsonraí sa Ráiteas sin maidir leis na seirbhísí iomchuí a sholáthraíonn foireann Roinn an Taoisigh do leanaí, mar aon leis na prionsabail agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun leanaí a chosaint ó dhíobháil fad is atá siad ag baint leasa as na seirbhísí sin.
Réamhrá
Is é cuspóir Roinn an Taoisigh, mar atá leagtha amach ina Ráiteas Straitéise 2017-2020, Clár an Rialtais a chur i bhfeidhm, cabhrú leis an Taoiseach agus leis an Rialtas geilleagar inbhuanaithe agus sochaí rathúil a fhorbairt, dul sa tóir ar leasanna na hÉireann thar lear agus todhchaí níos fearr a thógáil d’Éirinn agus dá saoránaigh.
Seirbhísí iomchuí
Bíonn an idirghníomhaíocht a bhíonn ag an bhfoireann le leanaí teoranta laistigh den Roinn féin. Rinneadh athbhreithniú ar gach feidhm agus gníomhaíocht ar fud na Roinne i gcomhthéacs an Achta um Thús Áite do Leanaí. Aimsíodh ar leibhéal corparáideach, gurb é an t-aon seirbhís a sholáthraíonn an Roinn de réir bhrí an Achta ná an soláthar tréimhsiúil ar shocrúcháin taithí oibre do scoláirí Idirbhliana nó do scoláirí tríú leibhéal faoi 18 mbliana déag [go sonrach mír 5(a) de Sceideal 1 maidir le soláthar deiseanna oiliúna do leanaí].
Is seirbhís iomchuí a bheadh i bhfostú aon Oifigeach Cléireachais Sealadach freisin, faoi bhun 18 mbliana déag, ag an Roinn. Cé nach bhfuil aon Oifigeach Cléireachais Sealadach fostaithe ag an Roinn faoi láthair, meastar go bhfuil na rioscaí céanna ann do na hOifigigh sin is atá do scoláirí Idirbhliana. Dá bhrí sin, cuirfear na rioscaí a sainaithníodh agus na nósanna imeachta maolaithe a bhfuil cuntas orthu thíos in oiriúint mar is cuí d’aon Oifigeach Cléireachais Sealadach faoi bhun 18 mbliana déag.
Níl ach comhlacht amháin faoi shainchúram na Roinne, an Oifig Náisiúnta d'Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach. Dheimhnigh an Roinn nach soláthraí ‘seirbhís iomchuí’ í faoin reachtaíocht.
Tiomantas chun leanaí a chosaint ó dhíobháil
Tá an Roinn meáite ar na caighdeáin is airde de chosaint leanaí a chothú, ag teacht leis an reachtaíocht ábhartha go léir lena n-áirítear an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus bonn eolais aici ón dea-chleachtas lena n-áirítear Tús Áite do Pháistí - Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí agus Cosaint Leanaí Tusla: Treoir maidir le Nósanna Imeachta Beartais agus Cleachtas.
Oibleagáidí faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 i dtaca le seirbhísí iomchuí
Toisc go meastar gur seirbhís iomchuí do leanaí é socrúchán scoláirí faoi bhun 18 mbliana déag sa Roinn, tá feidhm leis na prionsabail agus na hoibleagáidí seo a leanas:
a) An leanbh a choimeád slán ó dhíobháil fad is atá sé nó sí ag baint leasa as an tseirbhís, [i.e. ar an socrúchán];
b) Measúnú a dhéanamh ar na rioscaí; agus
c) Dul i ngleic leis na rioscaí sin, de réir mar a éilítear leis an Acht, i Ráiteas um Chumhdach Leanaí na Roinne.
Daoine Iomchuí
Níl aon ‘daoine sainordaithe’ sa Roinn faoi mar a shainmhínítear é sin i Sceideal 2 den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015.
Tá Teagmhálaí Ainmnithe (an Oifigeach Pearsanra) agus Leas-Teagmhálaí Ainmnithe, (Oifigeach Riaracháin san Aonad Acmhainní Daonna), ceaptha ag an Roinn mar dhaoine iomchuí chun críocha an Achta um Thús Áite do Leanaí agus ag teacht leis an gcleachtas is fearr i gcosaint leanaí. Is í an tUas. Brian Keenan an Teagmhálaí Ainmnithe agus is í an tUas. Lynda Harte an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe – tá na sonraí teagmhála i Rannán 8.
Is iad sin na daoine ar cheart dul chucu le haon imní faoi chosaint leanaí laistigh den Roinn; tá siadsan freagrach as a chinntiú go leantar nósanna imeachta tuairiscithe laistigh den eagraíocht; agus gníomhóidh siad mar phointe teagmhála le gníomhaireachtaí lasmuigh de réir mar is gá, lena chinntiú go dtéitear i ngleic le gach ábhar imní faoi chosaint agus leas leanaí, go láimhseálfar iad agus go gcuirfear ar aghaidh go tapa chuig Tusla iad nuair is cuí. D’fhorbair an Roinn Prótacal Tuairiscithe don fhoireann atá bunaithe ar Thús Áite do Leanaí i gcás go gcaithfidh siad tuairisc a thabhairt ar a n-imní faoi leas agus cosaint leanaí.
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhainistíonn earcaíocht sa Roinn. Tá sé mar nós go ndéanfaí grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ar an bhfoireann go léir a earcaítear tríd an bpróiseas seo sula bhfostaítear iad. Bíonn grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána de dhíth le haghaidh sannacháin shealadacha faoi chonradh.
Measúnú Riosca agus Nósanna Imeachta
Go ndéanfar díobháil don leanbh nó go bhfulaingeoidh sé nó sí gortú ó bhall foirne nó ó dhuine nach bhfuil ar an bhfoireann fad is a bheidh sé nó sí ar a socrúchán |i. Déanfar gach socrúchán, a fhógairt seachtain amháin roimh ré ar a laghad don Aonad Acmhainní Daonna.|
Cur i bhfeidhm agus Athbhreithniú
Scaipfear Ráiteas um Chumhdach Leanaí na Roinne ar gach ball foirne, taispeánfar go poiblí é agus ar an inlíon, agus cuirfear ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí é, don phobal agus do Tusla ach é a iarraidh.
Is é seo an chéad leagan de Ráiteas um Chumhdach Leanaí Roinn an Taoisigh. Déanfar athbhreithniú mar is gá air de réir mar a chuirfear athruithe ábhartha in iúl don Oifigeach Pearsanra.
Ní mór an Ráiteas um Chumhdach Leanaí, faoi alt 11(7) den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, a athbhreithniú tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar a bhfoilseofar é. Déanfar athbhreithniú ar an doiciméad tráth nach déanaí ná Mí an Mhárta 2020.
Má tá ceisteanna agat, déan teagmháil le:
Teagmhálaí Ainmnithe
Brian Keenan, Personnel Officer
01 619 4000
Brian.Keenan@taoiseach.gov.ie
Nó
Leas-Teagmhálaí Ainmnithe
Lynda Harte, OR, Aonad AD
619 4000
Lynda.Harte@taoiseach.gov.ie